Fógra maidir le Cosaint Sonraí

Maidir Linne

Bunaíodh BIÉ tar éis cónascadh reachtúil a dhéanamh ar an Údarás um Bóithre Náisiúnta agus an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród faoi Acht na mBóithre 2015.  Tá ár bpríomhsheoladh ag Lárionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, D08 DK10, Éire.
 
Is é BIÉ a rialaíonn sonraí pearsanta den sórt sin.  Má tá aon cheisteanna agat faoin úsáid a bhainimid as do chuid sonraí pearsanta, téigh i dteagmháil lenár nOifigeach um Chosaint Sonraí: 
 
A. O’Shaughnessy, 
Bonneagar Iompair Éireann, 
Lárionad Gnó Gheata na Páirce, 
Sráid Gheata na Páirce, 
Baile Átha Cliath 8, 
D08 DK10. 
Teil: +353 1 646 3600 
Ríomhphost: dataprotection@tii.ie

Na Sonraí Pearsanta a Phróiseálaimid

Sealbhaíonn BIÉ na catagóirí seo a leanas sonraí pearsanta i gcomhthéacs seirbhísí a sholáthar don phobal agus a dhualgais reachtúla a chomhlíonadh agus féadfaimid roinnt de na sonraí pearsanta seo a leanas maidir leat nó iad go léir a bhailiú agus a phróiseáil:

  • Comhfhreagras - Faigheann BIÉ comhfhreagras ó raon leathan foinsí lena n-áirítear údaráis áitiúla, an pobal i gcoitinne agus ionadaithe tofa. Áirítear leis seo comhfhreagras a fhaightear tríd an bpost, ar ríomhphost, ar chainéil meán sóisialta agus teachtaireachtaí facs. Cé nach n-iarrann BIÉ sonraí sláinte, d’fhéadfadh sonraí sláinte a bheith san áireamh i gcuid den gcomhfhreagras a fhaigheann BIÉ ó am go ham, ar catagóir speisialta sonraí pearsanta é. Ina theannta sin, faigheann BIÉ Iarratais um Shaoráil Faisnéise, Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol agus Iarratais Rochtana Sonraí a bhféadfadh sonraí pearsanta a bheith san áireamh iontu.
  • Aighneachtaí - Is féidir le BIÉ eolas / aighneachtaí poiblí a choimeád a fuarthas i gcaitheamh Comhairliúchán Poiblí, Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol, Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí, Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Ordú Ceannaigh Éigeantaigh a ullmhú maidir le bóithre náisiúnta, Plean an Ghréasáin Náisiúnta Raonta Rother, iarnród éadrom agus Metro.
  • Sábháilteacht ar na Bóithre - Sonraí Iniúchóra - Coinníonn BIÉ clár de dhaoine aonair atá údaraithe agus ag clárú chun gníomhú mar Iniúchóirí Sábháilteachta ar Bhóithre. Áirítear leis sin sonraí teagmhála pearsanta, agus aon cháilíochtaí agus taithí oibre atá ábhartha d’iniúchadh sábháilteachta ar bhóithre.
  • Sábháilteacht ar Bhóithre – Sonraí maidir le Timpistí - Féadfar faisnéis maidir le timpistí a tharlaíonn ar an ngréasán bóithre náisiúnta a bhaineann le feidhmiú agus cothabháil na mbóithre sin, agus tá rochtain theoranta agus shrianta aige ar thaifid imbhuailtí laistigh de Chóras Pulse an Gharda Síochána chun cinneadh cibé an bhfuil gá le freagra innealtóireachta i dtaca le himbhualadh.
  • UbiPix - Úsáideann BIÉ teicneolaíocht UbiPix chun iniúchtaí Sábháilteachta ar Bhóithre a dhéanamh ar an ngréasán bóithre náisiúnta de réir ár n-oibleagáidí faoi Threoir an AE maidir le Bainistíocht Sábháilteachta Bonneagair Bóthair. Úsáidimid teicneolaíocht UbiPix freisin chun cabhrú le dearadh sábháilte agus athbhreithnithe sábháilteachta ar an líonra Luas agus chun bainistíocht sócmhainní a dhéanamh ar an ngréasán bóithre náisiúnta. Is éard atá i gceist leis seo ná ceamaraí digiteacha cumasaithe GNSS (Córas Domhanda um Loingseoireacht Satailíte) a úsáid a fhéadfaidh íomhánna a ghlacadh gan mhachnamh d’uimhirphlátaí feithicle agus daoine aonair ar thaifeach íseal.
  • Sábháilteacht ar Bhóithre – Innealtóirí Cairte Neamhspleácha Chóras Srianta Feithicle (CSF) – Coimeádann, agus soláthraíonn TII, ar shuíomh gréasáin Foilseachán TII, clár de dhaoine aonair atá údaraithe agus cláraithe chun gníomhú mar Innealtóirí Cairte Neamhspleácha CSF ar thionscadail náisiúnta bóithre. Áirítear anseo sonraí teagmhála pearsanta agus aon cháilíochtaí agus taithí oibre atá ábhartha do ról na nInnealtóirí Cairte Neamhspleácha Faofa CSF.
  • Dlíthiúil – Sealbhaíonn BIÉ sonraí tráchtála, pearsanta agus baincéireachta chun críocha comhaontuithe tráchtála, mar aon le sonraí pearsanta agus tráchtála chun críocha dlíthíochta.
  • Soláthraithe Seirbhíse – Sealbhaíonn BIÉ sonraí pearsanta maidir le foireann a sholáthraithe seirbhíse agus cuideachtaí a sheol tairiscintí isteach chun seirbhísí a sholáthar do BIÉ.
  • Pleanáil maidir le húsáid talún – Sealbhaíonn BIÉ ainmneacha agus seoltaí a bhaineann le hiarratais phleanála.
  • Talamh/Maoin - Coinníonn BIÉ ainmneacha, seoltaí, ríomhphoist, uimhreacha gutháin, sonraí úinéireachta talún, Leabhar Tagartha do scéimeanna iarnróid éadroim/Metro, sonraí maidir le comhaontú léasanna/tionóntachta maidir le tionóntaí le haghaidh maoine atá faoi úinéireacht BIÉ agus sceidil OCÉ do scéimeanna bóithre náisiúnta ina ndéanann BII talamh a cheannach go díreach. Coinníonn BIÉ ainmneacha agus sonraí talún freisin, lena n-áirítear cúiteamh d’úinéirí talún/maoine atá i gceist, i ndáil le scéimeanna a dhéanann údaráis áitiúla thar ceann BIÉ.
  • Córas Dola eFlow – Feidhmíonn BIÉ, trí thríú páirtí, Láithreán Dola ar an M50. Mar chuid den tseirbhís sealbhaítear sonraí faoi chustaiméirí a bhaineann le sonraí úinéireachta feithiclí, sonraí cuntais bainc/cártaí creidmheasa/dochair de shealbhóirí cuntas dola agus taifid den chineál céanna, mar aon le gabháil íomhánna feithiclí agus taifid de ghlaonna teileafóin ó chustaiméirí.  Sealbhaímid sonraí freisin maidir lenár n-oibríochtaí um fhorfheidhmiú dola, a dhéantar trí thríú páirtí.
  • Tollán Bhaile Átha Cliath - Próiseálaimid faisnéis íochaíochta ó chártaí creidmheasa/dochair nuair a chuirtear ar fáil í maidir le dolaí Thollán Bhaile Átha Cliath a íoc. Taifeadtar glaonna teileafóin a dhéantar chuig an Ionad Rialaithe Oibríochtaí Mótarbhealaigh, lena n-áirítear glaonna ó na fóin éigeandála ar an líonra.
  • Scéim Deontais Ceannaigh Feithiclí Tromshaothair Breosla Mhalartaigh – Baileoidh BIÉ, mar riarthóir don scéim seo de chuid na Roinne Iompair, sonraí pearsanta teoranta maidir le trádálaithe aonair a chuireann isteach ar an scéim.
  • Córas Iarnród Éadrom Luas - Sealbhaíonn BIÉ sonraí pearsanta a fhaightear ó oibreoir chóras iarnród éadrom Luas i dtaca leis an maoirseacht a dhéanann BIÉ ar an oibreoir (e.g. sonraí maidir le gearáin). 
  • Ceadúnú Tráchtála - Sealbhaíonn BIÉ sonraí pearsanta a bhaineann le ceadúnais aonair a bhronntar i gcomhair gníomhaíochtaí tráchtála, e.g. i gcás gur leis an BIÉ réadmhaoin agus go bhfuil siad ar cíos acu le húsáid mar bhothanna.
  • CCTV – Feidhmíonn BIÉ roinnt córas CCTV ina dtaifeadtar íomhánna ón ngréasán bóithre náisiúnta.  Feidhmítear na córais CCTV sin chun cuidiú le monatóireacht tráchta agus féadfaidh An Garda Síochána iad a úsáid i gcomhair forfheidhmiú (e.g. feidhmiú gnáth-cheamaraí luais), monatóireacht ar dhálaí aimsire ar an mbóthar, slándáil bonneagair, agus ag láimhseáil fiosruithe agus gearán ón bpobal.  Feidhmíonn BIÉ CCTV ag a oifig ag Lárionad Gnó Gheata na Páirce chun críocha slándála agus sláinte agus sábháilteachta. Ina theannta sin, tá físcheamara acomhail iniompartha á úsáid ag BIÉ ó am go ham chun monatóireacht a dhéanamh ar shárú soilse dearga ar an ngréasán iarnróid éadroim agus chun monatóireacht a dhéanamh ar shábháilteacht ag láithreacha áirithe ar an ngréasán bóithre náisiúnta.
  • Aerfheithicil Gan Foireann (UAV) – Baineann BIÉ úsáid as UAVanna chun aermhapáil thopagrafach a dhéanamh agus d’fhéadfadh sonraí pearsanta an-teoranta a bhailiú gan choinne dá bharr. Ní choimeádtar na sonraí seo.
  • Uathaithint uimhirphlátaí (ANPR) - Sealbhaíonn BIÉ taifid chriptithe de uimhirphlátaí feithiclí ón líonra ANPR (go príomha an M1, M2, M3, M4, M7, M11 agus M50) ar mhaithe le hamanna turas a chinneadh.
  • Seoladh MAC Bluetooth – Sealbhaíonn BIÉ taifid chriptithe de Sheoltaí MAC Bluetooth (M4, M6 agus M7 go príomha) chun críocha amanna taistil a chinneadh. 
  • Teileafóin ar Thaobh an Bhóthair i gcomhair Éigeandálaí – Feidhmíonn BIÉ Teileafóin ar Thaobh an Bhóthair i gcomhair Éigeandálaí ar feadh gach cuid den ghréasán mótarbhealaigh.  Glaonn na fóin sin tríd go dtí lárionad éigeandála láir sa Lárionad Rialaithe Tráchta ar Mótarbhealaí agus taifeadtar na glaonna.
  • Sonraí Síntiús um Chaighdeáin – Feidhmíonn BIÉ suíomh gréasáin a sholáthraíonn seirbhís don phobal chun liostáil i gcomhair nuashonruithe ar dhoiciméid a bhaineann le caighdeáin deartha bóithre agus cothabhála.  Is seoltaí ríomhphoist amháin a shealbhaítear.
  • Síntiúis i gcomhair Foláireamh Tráchta – Feidhmíonn BIÉ, trí thríú páirtí, suíomh gréasáin agus feidhmchlár fón cliste a sholáthraíonn seirbhís do dhaoine as an bpobal chun liostáil le foláirimh fón cliste a bhaineann le moill tráchta agus na dálaí aimsire ar bhealaí sonracha.  Sealbhaítear sonraí cosúil le hainmneacha agus seoltaí ríomhphoist.
  • Oscailtí Bóthair Teileachumarsáide – Sealbhaíonn BIÉ sonraí pearsanta teoranta i ndáil le toilithe chun oibreacha bóthair a bhaineann le Bonneagar Teileachumarsáide faoi thalamh a dhéanamh ar bhóithre náisiúnta.
  • Sonraí maidir le hÚsáideoirí Seachtracha – Coinníonn BIÉ clár úsáideoirí údaraithe chórais faisnéise BIÉ.  Bíonn daoine aonair agus eagraíochtaí ag iarraidh rochtain ar na córais sin chun idirbheartaíocht a dhéanamh le BIÉ.
  • Comhdhálacha/Seimineáir BIÉ - Sealbhaíonn BIÉ sonraí pearsanta maidir leo sin ar mian leo a bheith ar an eolas faoi chomhdhálacha/seimineáir/tionscnaimh BIÉ.
  • Nochtaí Cosanta - Coinníonn BIÉ sonraí pearsanta má sholáthraíonn an nochtóir iad. D'fhéadfadh sonraí teagmhála, taifeadtaí glórphoist agus tras-scríbhinní glaonna a bhaineann le nochtadh cosanta a bheith san áireamh anseo.
  • Grianghraif/ Fístaifeadtaí – D’fhéadfadh Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) nó aon tríú páirtí atá údaraithe ag BIÉ grianghraf nó taifead a ghlacadh díot agus tú ag freastal ar imeacht de chuid BIÉ, de bharr duit a bheith ag freastal ar an imeacht. D’fhéadfadh na híomhánna a eascraíonn as an ngrianghrafadóireacht,as an bhfísghrafadóireacht nó as na taifeadtaí agas aon macasamhail nó aon oiriúnú dóibh, a úsaid le haghaidh promóisin, le haghaidh poiblíochta agus nó/ chun críocha eile.
  • Podchraoltaí - Féadfaidh BIÉ podchraoltaí a thaifeadadh a bhaineann lena shainchúram bóithre náisiúnta agus iarnróid éadroim.
 

Na Cuspóirí a bhíonn le Próiseáil agus an Bunús Dlí

Próiseálann BIÉ sonraí pearsanta d’fhonn:

  • Bonneagar agus seirbhísí a sholáthar maidir leis an ngréasán bóithre náisiúnta agus an bonneagar iarnród éadrom de réir oibleagáidí reachtúla BIÉ;
  • Seirbhísí a fháil ó sholáthraithe seirbhíse tríú páirtí;
  • Taighde agus anailís staitistiúil a dhéanamh;
  • Freagra a thabhairt ar fhiosruithe agus ar ghearáin ón bpobal; agus
  • Cloí lena oibleagáidí reachtúla.

Is é an bunús dlí atá againn leis an bhfaisnéis seo a bhailiú agus a úsáid ná go bhfuil próiseáil den sórt sin riachtanach chun ár n-oibleagáidí dlíthiúla agus rialála a chomhlíonadh agus chun ár gcuraimí a chomhlíonadh ar mhaithe le leas an phobail agus/nó i bhfeidhmiú an údaráis áitiúil atá dílsithe dúinn. Ina theannta sin, nuair a phróiseálaimid do shonraí pearsanta d’fhonn taighde agus anailís staidrimh a dhéanamh, is é an bunús dlí atá againn leis an bpróiseáil seo ná go bhfuil sé riachtanach chun críocha taighde nó staidrimh den sórt sin (i gcúinsí ina bhfuil bearta oiriúnacha sonracha curtha i bhfeidhm againn chun do chearta agus saoirsí bunúsacha a chosaint amháin). I gcúinsí teoranta áirithe d’fhéadfadh ár bpróiseáil ar do shonraí pearsanta a bheith bunaithe ar do thoiliú – sa chás seo iarrfar ort léiriú dearfach a thabhairt den toiliú sin. I gcás ina bhfuil sonraí sláinte a chur tú ar fáil go deonach i gcomhfhreagras a fhaigheann BIÉ, is le do thoiliú sainráite a phróiseálaimid sonraí den sórt sin.

Foinsí Sonraí Pearsanta

Chomh maith le faisnéis a bhailiú uaitse go díreach, d’fhéadfadh BIÉ faisnéis maidir leat a fháil nó a bhailiú ó na foinsí seo a leanas:

  • D’ionadaí poiblí, áit inar fhostaigh tú ionadaí poiblí chun uiríolla a dhéanamh ar do shon;
  • Clárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas;
  • Ár soláthraithe seirbhíse tríú páirtí, cosúil le hoibreoir an chórais eFlow, oibreoir Luas agus Conraitheoirí Cothabhála agus Athnuachana Mótarbhealaí.

Aistrithe Thar Lear

Maidir leis an méid thuas féadfaidh BIÉ do shonraí pearsanta a aistriú lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, lena n-áirítear chuig dlínse nach n-aithníonn an Coimisiún Eorpach mar cheann a dhéanann soláthar do leibhéal cosanta coibhéiseach le haghaidh sonraí pearsanta mar a fhoráiltear san Aontas Eorpach. Má dhéanann BIÉ amhlaidh, agus a mhéid a dhéanann sé amhlaidh, cinnteoidh BIÉ go bhfuil bearta cuí i bhfeidhm chun a oibleagáidí a chomhlíonadh faoin dlí infheidhme a rialaíonn na haistrithe siúd, lenar féidir a áireamh iontráil isteach i gconradh a rialaíonn an t-aistriú ina gcuimsítear ‘na clásail chaighdeánacha chonarthacha’ a cheadaíonn an Coimisiún Eorpach chun na críche seo agus/nó oibleagáidí/socruithe eile aistrithe is féidir leis an gCoimisiún a shonrú. Tá sonraí breise maidir leis na bearta a ghlac BIÉ chuige sin ar fáil ó Oifigeach Cosanta Sonraí BIÉ ag úsáid na sonraí teagmhála thíos.

Faighteoirí Sonraí Pearsanta

Féadfaimid do shonraí pearsanta a nochtadh d’eagraíochtaí eile maidir leis na críocha thuas, sna himthosca seo a leanas:

  • Féadfaimid sonraí pearsanta a roinnt le soláthraithe seirbhíse agus le fochonraitheoirí a chuidíonn linn gnéithe dár seirbhísí agus ár bhfeidhmeanna a oibriú, cosúil le soláthraithe seirbhíse seachfhoinsithe, soláthraithe seirbhísí TF, comhairleoirí agus iniúchóirí gairmiúla.  Go háirithe, má fhaighimid gearán maidir leis an gcóras Luas / dola eFlow/Cuideachtaí CPP, féadfaimid cóip den ghearán a chur ar aghaidh chuig na cuideachtaí a oibríonn na seirbhísí sin ar ár son.
  • Má sheolann tú tuairim, gearán nó ceist chugainn maidir le rud éigin nach bhfuilimid freagrach as, iarrfaimid cead ort do chumarsáid a chur ar aghaidh chuig an tríú páirtí iomchuí.
  • I gcás ina mbeidh dualgas orainn sonraí pearsanta a nochtadh nó a roinnt chun cloí le haon oibleagáid dhlíthiúil, nó chun cearta, réadmhaoin nó sábháilteacht BIÉ, ár gcustaiméirí, nó daoine eile, a chosaint.
  • I gcás ina n-éilítear é nó a cheadaítear é de réir dlí, féadfaimid do shonraí pearsanta a roinnt le húdaráis phoiblí agus le comhlachtaí poiblí eile, cosúil leis na Gardaí nó údaráis eile um fhorfheidhmiú an dlí ar mhaithe le coireachta a chosc, a imscrúdú nó a bhrath. Féadfaimid sonraí pearsanta a roinnt le húdaráis phoiblí agus le comhlachtaí ábhartha chun críocha bainstíochta bóithre agus teagmhas, lena n-áirítear sonraí pearsanta atá le feiceáil i bhfothaí CCTV, ón ngréasán bóithre náisiúnta
  • I gcás ina gceadaítear dúinn ar shlí eile de réir dlí.

Coinneáil

Ní choinneoimid do shonraí pearsanta ach chomh fada agus is gá d’fhonn na cuspóirí dár bhailíomar é a chomhlíonadh, lena n-áirítear chun aon cheanglais dlíthiúla, cuntasaíochta, nó tuairiscithe a chur i gcrích.
 
D’fhonn an tréimhse coinneála iomchuí a chinneadh maidir le sonraí pearsanta, breithnímid méid, cineál, agus leochaileacht na sonraí pearsanta, an riosca féideartha díobhála ó úsáid neamhúdaraithe nó nochtadh do shonraí pearsanta, dá bpróiseálaimid do shonraí pearsanta agus cibé ar féidir linn na cuspóirí sin a bhaint amach trí bhealaí eile, agus na riachtanais dlíthiúla iomchuí.

Slándáil do chuid Faisnéise

Ghlac BIÉ bearta teicniúla agus slándála eagraíochta iomchuí chun d’fhaisnéis a chosaint ó rochtain neamhúdaraithe agus i gcoinne próiseáil neamhdhleathach, caillteanas de thaisme, scriosadh nó damáiste.  Cinnteoimid freisin go mbeidh sé de cheangal ar ár ngníomhairí nó soláthraithe seirbhíse tríú páirtí a phróiseálann do shonraí na sonraí sin a choimeád sábháilte agus slán.  

Do Chearta

Tá na cearta seo a leanas agat, in imthosca áirithe, maidir le do shonraí pearsanta: 

  • an ceart do shonraí pearsanta a rochtain;
  • an ceart iarraidh go gceartófaí agus/nó go scriosfaí do shonraí pearsanta;
  • an ceart úsáid do shonraí pearsanta a shrianadh;
  • an ceart cur in aghaidh phróiseáil do shonraí pearsanta;
  • an ceart do shonraí pearsanta a fháil, a chuir tú ar fáil dúinn, i bhformáid struchtúrtha, a úsáidtear go coitianta agus a bheidh inléite ag meaisín nó chun iarraidh orainn na sonraí sin a aistriú chuig rialtóir sonraí eile;
  • i gcás ina mbeidh an phróiseáil a dhéanaimid ar do shonraí pearsanta bunaithe ar thoiliú a bheith tugtha agat, an ceart do thoiliú a tharraingt siar ag an aon tráth.

D’fhonn aon cheann de na ceart atá leagtha amach thuas a chur i gcrích, déan teagmháil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí:

A. O’Shaughnessy, 
Bonneagar Iompair Éireann, 
Lárionad Gnó Gheata na Páirce, 
Sráid Gheata na Páirce, 
Baile Átha Cliath 8, 
D08 DK10. 
Teil: +353 1 646 3600 
Ríomhphost: dataprotection@tii.ie

Gearáin

Má tá tú míshásta leis an mbealach ar úsáideamar d’fhaisnéis nó a ndeachamar i ngleic le do chearta, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí ach ríomhphost a sheoladh chuig info@dataprotection.ie