Seirbhís do Chustaiméirí

Tá TII tiomanta do sheirbhís d’ardcháilíocht a sholáthar dár gcustaiméirí uile

Is cuid lárnach de ghníomhaíochtaí TII é seirbhís do chustaiméirí d’ardcháilíocht a sholáthar agus déanaimid ár ndícheall i gcónaí ár gcleachtais ghnó a fheabhsú ionas go mbeimid in ann na caighdeáin is airde a bheith againn inár bplé lenár gcustaiméirí.

Agus sinn i mbun ár ról agus ár bhfreagrachtaí, déanann ár bhfoireann a ndícheall seirbhís ghairmiúil, éifeachtúil agus dhea-bhéasach a sholáthar.

Tá a bhfuil i gceist againn a dhéanamh maidir lenár ngealltanais a chomhlíonadh i ndáil le seirbhís d’ardcháilíocht a chur ar fáil leagtha amach inár Cairt Chustaiméirí agus Plean Gnímhaíochtaí Custaiméirí.

Aiseolas

Cuirimid fáilte roimh thuairimí ár gcustaiméirí, a dtuairiscí agus aon mholtaí acu maidir le gné ar bith dár seirbhísí do chustaiméirí. Is cabhair dúinn an t-aiseolas agus sinn ag iarraidh aon laigí a aithint agus a cheartú le go mbeimid in ann seirbhís de cháilíocht níos fearr a sholáthar duitse, ár gcustaiméir. 

Más mian leat aiseolas ar sheirbhísí do chustaiméirí TII a thabhairt cliceáil anseo.

Nós Imeachta um Ghearáin ó Chustaiméirí

Custaiméirí a bhraitheann nár caitheadh leo ar bhealach atá i gcomhréir lenár ngealltanais mar atá siad leagtha amach sa Chairt do Chustaiméirí féadfaidh siad úsáid a bhaint as ár Nós Imeachta um Ghearáin ó Chustaiméirí.