Bunú TII

Bunaíodh TII tar éis chumasc reachtúil an Údaráis um Bóithre Náisiúnta agus na Gníomhaireachta um Fháil Iarnród faoi Acht na mBóithre, 2015, le héifeacht ón 01/08/15. Is é príomhfheidhm TII cur chuig comhtháite a sholáthar i leith fhorbairt agus oibríocht an ghréasáin bóithre náisiúnta agus an bhonneagair iarnróid éadroim ar fud na hÉireann. Tugann TII le chéile dhá eagraíocht chun bonneagar agus seirbhísí iompair d’ardcháilíocht a sholáthar, rud a thugann cáilíocht saoil níos fearr agus tacaíocht don fhás eacnamaíoch. 

Tabharfaidh TII deiseanna:

  • Saineolas agus taithí chruthanta na n-eagraíochtaí a thug Luas agus Gréasán Bóithre Náisiúnta dúinn a thabhairt le chéile, agus a thairgeann dá réir sin acmhainn don nuálaíocht agus seachadadh optamach i gcomhthéacs bóithre náisiúnta, iarnróid éadroim agus tionscnamh agus clár bonneagair eile. 
  • Luach ar airgead a chinntiú trí bhíthin scála fheabhsaithe agus inniúlachtaí comhlántacha teicniúla, airgeadais agus tráchtála NRA agus RPA a thabhairt le chéile. 
Tá Bonneagar Iompair Éireann ag tnúth go mór le bheith ag obair go dlúth agus i bpáirt lenár n-iliomad páirtithe leasmhara, faoi mar atá déanta ag an NRA agus an RPA le fada. Má tá aon cheisteanna agat faoin gcumasc nó faoin tionchar a d’fhéadfadh sé imirt ortsa nó ar d’eagraíocht níl le déanamh agat ach ríomhphost a chur go dtí info@tii.ie