Saoráil Faisnéise

An tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014

Foráiltear leis an Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 go bhfuil na cearta dlí seo a leanas ag gach duine:

  • An ceart chun rochtain ar thaifid atá á gcoimeád ag Ranna Rialtais agus ag comhlachtaí poiblí a chomhlíonann forálacha Chuid 6 den Acht;
  • An ceart chun faisnéis phearsanta fúthu a cheartú agus a nuashonrú nuair is faisnéis neamhiomlán, mícheart nó míthreorach an t eolas sin, agus
  • An ceart chun míniú a fháil ar chinntí a rinne comhlachtaí poiblí agus a imríonn tionchar orthu

Faisnéis atá ar fáil go rialta

Dearadh an tAcht um Shaoráil Faisnéis chun rochtain a éascú ar fhaisnéis a choinníonn comhlachtaí poiblí ach nach bhfuil ar fáil go rialta. Cuireann TII raon leathan faisnéise maidir lena fheidhmeanna, a ghníomhaíochtaí agus a scéimeanna ar fáil go rialta don phobal. Ar ár suíomh gréasáin agus inár raon leathan foilseachán tá rochtain ar fhaisnéis den saghas sin ar féidir tairbhe a bhaint as gan brath ar an Acht um Shaoráil Faisnéise

Díolúintí

Dearbhaítear leis an Acht um Shaoráil Faisnéis go bhfuil sé de cheart ag gach duine rochtain a fháil ar fhaisnéis oifigiúil a oiread agus is féidir. Tá áfach, cineálacha áirithe faisnéise atá díolmhaithe óna n-eisiúint faoin Acht, i gcomhréir leis an leas poiblí agus leis an ceart chun príobháideachais ag daoine aonair. Ar na díolúintí sin tá taifid a bhaineann le:

  • Cruinnithe rialtais
  • Forfheidhmiú an dlí agus slándáil
  • Faisnéis rúnda agus faisnéis íogair tráchtála
  • Faisnéis phearsanta (seachas faisnéis a bhaineann leis an duine a dhéanann an t-iarratas)

Is féidir iarratais a dhiúltú freisin má chinntear iad a bheith iomarcach nó mí-léir, ach tá sé de cheangal faoin Acht ar chomhlachtaí poiblí, cabhair a thabhairt chun na fadhbanna seo a shárú.

Scéim Foilseacháin

Tá Scéim Foilseacháin ullmhaithe agus foilsithe ag TII i gcomhréir le hAlt 8 den Acht. Dréachtaíodh an Scéim, faoina dtugtar faisnéis chuimsitheach maidir le róil, feidhmeanna agus cineál na dtaifead agus na faisnéise a choinnímid, i gcomhréir leis an Scéim Foilseacháin Eiseamláireach agus na Treoirlínte eisithe ar an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Iarratas faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise a Dhéanamh

Ba cheart iarratais faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh i scríbhinn go dtí:

Rialáil & Riarachán,

Bonneagar Iompair Éireann,
Ionad Gnó Gheata na Páirce,
Sráid Gheata na Páirce,
Baile Átha Cliath 8,
D08 DK10.
 

Nó, is féidir iarratais a chur chugainne ar ríomhphost go dtí FOI@tii.ie.

Is féidir leat, má theastaíonn uait, ár bhfoirm iarratais OSF a úsáid ar féidir í a íoslódáil anseo.

Ba cheart duit a chur in iúl go soiléir go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise. Bí chomh sonrach agus is féidir nuair a bhíonn sonraí an iarratais á gcur isteach agat le go mbeidh foireann TII in ann d’iarratas a phróiseáil. Ina theannta sin, tabhair, le do thoil, uimhir theagmhála lae dúinn ionas go mbeimid in ann teagmháil leat má bhíonn gá le haon ní a shoiléiriú maidir le d’iarratas.

I gcomhréir le forálacha an Achta, freagraítear iarratais OSF de ghnáth laistigh de 4 seachtaine tar éis iad a fháil.

Táillí

Faoi Alt 27 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 foráiltear do tháillí agus do mhuirir a ghearradh ag comhlachtaí áirithe OSF. Seo thíos na táillí/muirir.

CINEÁL IARRATA NÓ IARRATAISCAIGHDEÁNACH*LAGHDAITHE**
Iarraidh tosaigh ar thaifead Saor in aisce Saor in aisce
Athbhreithniú inmheánach (iarraidh ar eolas neamhphearsanta)* €30 €10
Achomharc ar an gCoimisinéir Faisnéise (iarraidh ar fhaisnéis neamhphearsanta)* €50 €15

*Ní ghearrtar aon táille nuair is iarraidh OSF é ar thaifid phearsanta an iarrthóra féin é, nó nuair a bhaineann an t-achomharc le cinneadh a rinne comhlacht poiblí muirear nó táille nó éarlais a ghearradh ar chuardach & aisghabháil (feic thíos) nó táille nó éarlais de mhéid sonrach.

**Beidh feidhm ag táillí laghdaithe maidir le sealbhóir cárta leighis nó cleithiúnaí sealbhóra cárta leighis, chomh maith le tríú páirtithe a dhéanann cinneadh a bhfaisnéis a eisiúint a achomharc ar fhorais a bhaineann le leas an phoibail.

Ba cheart íocaíocht a dhéanamh le seic iníoctha le “Bonneagar Iompair Éireann” (i gcás ceisteanna ón bpobal) nó ríomhaistriú airgid (i gcás ceisteanna ó ghnóthais).  Tá sonraí ríomhaistrithe airgid ar fáil ónár Aonad Airgeadais, ríomhphost: accountspayable@tii.ie.

Cuardach & Aisghabháil

Faoi Chuid 27 den Acht um Shaoráil Faisnéise, féadfaidh comhlacht poiblí muirir a ghearradh ar an am a chaitear ag cuardach agus ag aisghabháil taifead agus ar chostais chóipeála a thabhaítear d’fhonn an t-ábhar a iarradh a sholáthar don iarrthóir. De ghnáth, ní bhíonn feidhm ag na muirir sin maidir le taifid phearsanta, ach amháin más líon mór taifead a bhíonn i gceist.

Gearrtar muirir chuardaigh agus aisghabhála €20 an duine don uair an chloig, faoi réir an mhéid seo a leanas:

  • Ní ghearrfar aon mhuirear más lú ná 5 uair an chloig an méid ama a chaitear i mbun cuardaigh agus aisghabhála (i.e. costas €100 nó níos lú).
  • Más mó ná €100 an muirear, beidh feidhm ag táillí iomlána, faoi réir uastáille €500, mar a leagtar amach san urchar seo a leanas.
  • Tá teorainn €500 ar an méid is féidir le comhlacht poiblí a ghearradh ar chuardach & aisghabháil. Más mó ná €700 an costas measta áfach (i.e. 35 uair an chloig), féadfaidh an comhlacht OSF diúltú don iarraidh mura mbíonn an t-iarrthóir toilteanach an t-iarraidh a bheachtú chun na táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála a thabhairt faoi bhun na teorann €700.

Cóipeanna de Thaifid

Beidh feidhm ag na muirir seo a leanas chun taifid a chóipeáil:

  • €0.04 an bhileog d’fhótachóip.
  • €10 do CD-ROM.

Athbhreithniú Inmheánach

Féadfaidh tú cinneadh a rinne TII i bhfreagairt ar iarraidh OSF a achomharc i scríbhinn go dtí Rialáil & Riarachán, Bonneagar Iompair Éireann, Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, D08 DK10, ag lorg Athbhreithniú Inmheánach ar an gcúram. Mar atá luaite thuas, de ghnáth gearrtar táille €30 (€10 do shealbhóirí cárta leighis) ar achomharc den saghas. Ní bhaineann aon táille le hiarratais ar Athbhreithniú Inmheánach maidir le faisnéis phearsanta a bhaineann leis an iarrthóir féin nó maidir le cinneadh táille nó éarlais a chur i bhfeidhm.

De ghnáth ba cheart iarraidh ar athbhreithniú inmheánach a dhéanamh laistigh de 4 lá ó dháta ár bhfreagartha (is féidir achomhairc dhéanacha a cheadú i gcásanna eisceachtúla). Sa phróiseas athbhreithnithe inmheánaigh déanann níos mó ná ball foirne sinsearach amháin de chuid TII, sa bhreis ar an mball foirne a rinne an cinneadh bunaidh, athmhachnamh iomlán ar an gcúram agus de ghnáth déantar cinneadh a chur in iúl laistigh de 3 seachtaine.

Achomharc chun an Choimisinéara Faisnéise

Má bhíonn tú mí-shásta leis an gcinneadh a rinneadh sa phróiseas Athbhreithnithe Inmheánaigh, féadfaidh tú achomharc i scríbhinn a chur laistigh de shé mhí chun Oifig an Choimisinéara Faisnéise. Déanfaidh an Coimisinéir Faisnéise fiosrúchán iomlán ar an gcúram agus déanfaidh é a mheas sula ndéanfaidh sé cinneadh. Ba cheart achomhairc a sheoladh go dtí:

Oifig an Choimisinéara Faisnéise
6 Ardán Phort an Iarla, 
Baile Átha Cliath 2, 
D02 W773

Teil: +353 (1) 639 5689
Ríomhphost: applications@oic.ie

D’fhéadfaí táille €50 (€15 do shealbhóirí cárta leighis) a ghearradh ar iarratas den saghas. Arís, ní bhaineann aon táille le hachomhairc chun Oifig an Choimisinéara Faisnéise maidir le faisnéis phearsanta a bhaineann leis an duine féin nó maidir le cinneadh táille nó éarlais a chur i bhfeidhm.

FOI Disclosure Log

Under Section 48 of the FOI Act, bodies are obliged to have regard to any FOI Code of Practice that is published by the Minister.  The Code provides that a public body maintain and publish a log of FOI requests received, as well as records released in response to such requests, except in relation to requests for access to personal information.

Tabhair do d’aire nach ndéanfaidh TII aon sonraí pearsanta a thugann tusa dúinne a phróiseáil i gcomhréir lenár bhFógra um Chosaint Sonraí, atá ar fáil anseo.