Maoiniú Eorpach & Náisiúnta

Conas a fhaigheann TII maoiniú dá chuid oibre

Ciste Comhtháthaithe

Foráiltear le Conradh Maastricht gur cheart Maoiniú Comhtháthaithe a bhronnadh ar Bhallstáit a bhfuil OTI in aghaidh an duine níos lú ná 90% de mheán an Chomhphobail acu, chun cabhrú leis an gclár náisiúnta dírithe ar chóineasú eacnamaíoch a bhaint amach. Ba iad na tíortha a chomhlíon an critéar seo nuair a bunaíodh an Ciste ná Éire, an Spáinn, an Ghréig agus an Phortaingéil.

Maoiníonn an Ciste Comhtháthaithe tionscadail i réimse an bhonneagair iompair, lena n-áirítear bóithre náisiúnta ar cuid iad den Líonra TrasEorpach atá aitheanta ag an Aontas Eorpach.

Maoiniú TEN-T

Is ionstraim airgeadais é TEN-T a bunaíodh chun forbairt an Líonra TrasEorpaigh a éascú, rud a chuimsíonn roinnt bóithre náisiúnta tábhachtacha in Éirinn. Tá sé i gceist leis an gCiste cur leis an bhforbairt ar an líonra a fuair cabhair cheana féin ó ionstraimí maoinithe eile an AE léi amhail an Ciste Comhtháthaithe.

Maoiniú Interreg 111A/IVA

Dearadh clár Interreg d’fhonn tacaíocht a thabhairt don chomhar trasteorann idir réigiúin an Aontais Eorpaigh. Cuimsítear le cláir Interreg 111A na hÉireann/Thuaisceart Éireann agus Interreg IVA, Tuaisceart Éireann ar fad agus na sé chontae cois teorann i.e. an Cabhán, Dún na nGall, Liatroim, an Lú, Muineachán agus Sligeach. Beidh Comhlacht Cláir Speisialta AE (SEUPB) freagrach as bainistíocht chláir Interreg IIIA/IVA.

Clár Oibríochta Réigiúnaí Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair 2007- 2013

Faoi bhabhta 2007-2013 de Chistí Struchtúracha AE, níl Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair (BMW) incháilithe a thuilleadh mar Réigiún Chuspóir 1 agus tá sé incháilithe do chúnamh mar Réigiún Iomaíochais Réigiúnaigh agus Fostaíochta Réigiúnaí (Cuspóir 2).

Tá cinneadh déanta ag Rialtas na hÉireann, mar atá leagtha amach sa Chreat Tagartha Straitéisí Náisiúnta (NSRF), go seachadfar beartas Comhtháthaithe trí Chláir Oibríochta Réigiúnacha do réigiúin BMW, an Deiscirt agus an Oirthir. Tá Tionól Réigiúnach Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair ainmnithe ag an Rialtas mar Údarás Bainistíochta don chlár nua agus beidh sé freagrach as a ullmhú agus a sheachadadh. Ullmhaíodh an Clár Oibríochta nua ag cur san áireamh tosaíochtaí, rialacháin, agus treoirlínte AE, beartais agus straitéisí náisiúnta agus riachtanais réigiúnacha.

Tá dhá thionscadal mhóra curtha isteach ag an Údarás i gcomhair comh-mhaoiniú faoin gClár, Seachbhóthar Thulach Mhór an N52 agus scéim Bhaile Átha Luain, Bhéal Átha na Sluaighe an M6 www.nwra.ie

" "

NDP 2007-2013

Leis an bPlean Forbartha Náisiúnta 2007-2013, ar fiú €184 billiún é, cuirtear leis an dul chun cinn sóisialta agus eacnamaíoch suntasach atá déanta leis an NDP/CSF (2000-2006). Arna sheoladh in Eanáir 2007 faoin teideal Transforming Ireland - A Better Quality of Life for All, is céim thábhachtach eile é an plean seacht mbliana seo maidir le hÉire rachmasach a thógáil dá muintir uile, Éire ina mbeidh fás eacnamaíoch inbhuanaithe, cuimsiú sóisialta níos fearr agus forbairt réigiúnach chothrom.

Sa phlean seo tá an clár infheistíochta is mó agus is uaillmhianaí dár moladh riamh d’Éirinn. Cuireann sé lenar baineadh amach leis an bPhlean deireanach, agus cuireann sé €54.6 billiún ar fáil lena infheistiú sa bhonneagar eacnamaíoch.

Faoi Chlár Iompair an Phlean Náisiúnta Forbartha infheisteofar €13.3 billiún sa ghréasán bóithre náisiúnta thar thréimhse an Phlean. Beidh sé mar phríomhchuspóir na scrogaill bhonneagair a chuireann srian ar an bhforbairt eacnamaíoch agus ar an bhforbairt réigiúnach a bhaint le:

  • Críoch a chur faoin mbliain 2010 le bealaí idiruirbeacha móra a nascann Baile Átha Cliath le Béal Feirste, Luimneach, Corcaigh agus Port Láirge.
  • Uasghrádú a dhéanamh ar an M50 faoin mbliain 2010 a thabharfaidh isteach dolaí saor ó bhacainní in 2008
  • Naisc bhóithre náisiúnta idir phríomh-Thairseacha na Straitéise Spáis Náisiúnta a fheabhsú
  • Forbairt leanúnach ar Bhealach an Atlantaigh ó Leitir Ceanainn trí Shligeach, Gaillimh, Luimneach, Corcaigh agus Port Láirge
  • Uasghrádú leanúnach ar naisc bhóithre náisiúnta le Tuaisceart Éireann
  • Dul i mbun obair indéantachta agus phleanála ar scéimeanna Chuarbhóthar Chathair Bhaile Átha Cliath agus Sheachbhóthar an Oirthir
  • Feabhsúcháin spriocdhírithe ar roinnt príomhbhealaí náisiúnta den dara grád atá leagtha amach i bPlean Iompair 21

Úsáidfear infheistíocht i mbóithre náisiúnta chun cuspóirí na Straitéise Spáis Náisiúnta a chur chun feidhme. Díreofar go háirithe ar infheistíocht i mbealaí bóithre náisiúnta a nascann na Tairseacha, lena n-áirítear uasghrádú mór ar Bhealach an Atlantaigh, a nascann a lán de na Tairseacha taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Ar na bealaí náisiúnta den dara grád atáthar chun tús áite a thabhairt dóibh tá na bealaí idir Thairseacha taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath lena n-áirítear bóithre a uasghrádú a nascann ionaid Thairseach Lár Tíre Bhaile Átha Luain, Thulach Mhór agus an Mhuilinn Chearr.

Comhthéacs Straitéiseach

Tá infheistíocht mhór déanta sa bhonneagar iompair faoin bPlean Náisiúnta Forbartha, 2000-2006 agus ní mór cur leis an dul chun cinn anois agus é a bhrostú. Is é príomhchuspóir straitéiseach an Chláir Iompair faoin bPlean Náisiúnta Forbartha, 2007-2013, i gcomhréir leis na haidhmeanna beartais atá leagtha síos in Iompar 21, gréasán bóithre a chruthú a chuirfidh iomaíochas réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta chun cinn, ó tá sé thar a bheith tábhachtach go mbíonn fiontair in ann earraí a bhogadh go héifeachtúil anseo in Éirinn agus go margaí eile.


Déantar 93% den trádáil earraí inmheánach ar an ngréasán bóithre agus tarraingíonn sé seo aird ar an ngá le córas bóithre den chéad scoth, idir na príomhionaid uirbeacha go háirithe. Níl sé inbhuanaithe áfach, iompar bóthair agus carranna a chur chun cinn mar mhodh iompair fadtéarmach do phaisinéirí, go háirithe i gceantair uirbeacha. Leis an bhfás ar an daonra agus ar an bhfostaíocht, in éineacht leis an ngá le hastaíochtaí carbóin a laghdú, ní mór an modh iompair do phaisinéirí a athrú ó charranna go hiompar poiblí. Léiríonn sé sin an tábhacht atá le hinfheistíocht san iompar ar mhaithe le inbhuanaitheacht comhshaoil. Cé gur léir na leasanna comhshaoil a ghabhann le hathrú go dtí iompar poiblí, cuirfidh infheistíocht mhór sa ghréasán bóithre náisiúnta feabhas ar an sruth tráchta, laghdóidh sé tranglam agus ísleofar rátaí na n-astaíochtaí ón trácht.

Is léir ó na treochtaí reatha eacnamaíocha agus déimeagrafacha go bhfuil gá le hinfheistíocht mhór sa réimse iompair. Taispeánann athbhreithniú gairid ar na príomh-tháscairí staitistiúla go soiléir an dúshlán a bhaineann le hinfheistíocht iompair ar ghá dul i ngleic leis thar thréimhse an Phlean:

  • Le deich mbliana anuas tá fás thart ar 6% in aghaidh na bliana tagtha ar an ngeilleagar agus táthar ag tuar go leanfaidh an fás sin ag ráta 4-4½ % in aghaidh na bliana thar thréimhse an Phlean. In éagmais aon bheart chun an t-éileamh a bhainistiú tagann fás ar an trácht de ghnáth i gcomhréir leis an bhfás eacnamaíoch
  • Tá fás 17% tagtha ar an daonra idir 1996 agus 2006 go 4.2 milliún duine agus d’fhéadfadh sé seo éirí go breis is 5 mhilliún faoin mbliain 2021.
  • Tá an chuid is mó den fhás seo ag teacht i gcúlchríocha, cé go bhfuil fás dá leithéid tagtha ar an daonra i limistéir eile freisin. Thug réamhthuairisc dhaonáireamh 2006 le fios gur i gcontaetha Fhine Gall, na Mí agus Chill Dara is tapúla atá an daonra ag fás ó bhí daonáireamh 2002 ann. Go deimhin, luaitear sa tuairisc gur sna limistéir údaráis áitiúil sin a tharla 29% den fhás 609,000 a tháinig ar an daonra sa Stát idir 1996 agus 2006. Cuireann sé seo brú breise ar an gcóras iompair agus ar an gcomhshaol toisc go mbíonn comaitéireacht níos faide i gceist dá bharr. De réir Dhaonáireamh 2002 tá méadú faoi dhó tagtha ar an méanfhad taistil go dtí an t-ionad oibre le deich mbliana anuas
  • Tháinig fás ar fhostaíocht ó 1.1 milliún i 1991 go beagán faoi bhun 2 mhilliún in 2006
  • D’fhás úinéireacht carranna in aghaidh gach míle duine 55% idir 1991 agus 2004. Meastar go leanfaidh an treocht seo toisc go bhfuil an ráta úinéireachta fós faoi bhun mheán an AE
  • De réir Dhaonáireamh 2002, d’úsáid 62% de dhaoine carr príobháideach chun dul go dtí an obair i gcomparáid le 47% i 1991
  • D’fhás trácht lastais trínár gcalafoirt 31% idir 1998 agus 2005. In 2005 chuaigh 37% de thonnáiste chalafoirt na tíre trí Chalafort Bhaile Átha Cliath
  • Tháinig méadú 37% ar thrácht paisinéirí ag na trí aerfort sa Stát sna cúig bliana suas go deireadh 2005. Ráta fáis 34%, 15% agus 20% suas go 2010 do Bhaile Átha Cliath, Corcaigh agus Sionainn faoi seach atá tuartha. Is in Aerfort Bhaile Átha Cliath a bhíonn 80% den trácht seo.

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin an Phlean Forbartha Náisiúnta.