Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021

Tá sé mar aidhm ag Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021 úsáid na Gaeilge chun críocha oifigiúla a chur chun cinn sa Stát agus leagann siad amach dualgais comhlachtaí poiblí maidir le teangacha oifigiúla an Stáit (i.e., Gaeilge agus Béarla). Leagann na hAchtanna roinnt riachtanas suntasach ar chomhlachtaí poiblí maidir le húsáid na Gaeilge agus caithfidh siad a chinntiú nach mbeadh an tseirbhís a chuireann siad ar fáil i nGaeilge ar chaighdeán níos ísle ná mar atá i mBéarla.

Bonneagar Iompair Éireann – Scéim 2020-2023 Faoi Alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003