Nósanna Imeachta Phrapíocaíochta
Sonraí an tiomantais maidir le prapíocaíocht 15 lá.
Faoin thiomantas an Rialtais faoi Chlár Tacaíochta d’Éirinn AE/CAI leathnófar an riail phrapíocaíochta 15 lá go dtí an earnáil phoiblí i gcoitinne. Tá feidhm ag an riachtanas seo maidir le gach sonrasc bailí a fhaightear ar an 1 Iúil 2011 nó ina dhiaidh.
Tá Bonneagar Iompair Éireann (TII) tiomanta do gach iarracht a dhéanamh ár soláthraithe a íoc i gcomhréir leis an riachtanas seo trí:
- Monatóireacht a dhéanamh ar ár gcóras íocaíochta lena chinntiú go ndéanfar íocaíochtaí a phróiseáil go tráthúil.
- A chinntiú go bhfuil córas i bhfeidhm againn chun déileáil le díospóidí nó ceisteanna go héifeachtúil. Gach iarracht a dhéanamh déileáil le díospóidí laistigh de 10 lá.
- Dea-chaidreamh a chothú lenár soláthraithe agus sonraí teagmhála a chur ar fáil chun déileáil lenár bhfoireann.
- Treoir shoiléir a thabhairt dár soláthraithe faoina ról maidir le sonraisc a íoc go tráthúil.
Téarmaí agus Coinníollacha maidir le Táirgí Insoláthartha a Cheannach
Téarmaí agus Coinníollacha maidir le Táirgí Insoláthartha a Cheannach
Modhanna Íocaíochta
Is é Ríomhaistriú Airgid (RAA) ár modh íocaíochta. Eiseofar duillín íocaíochta ar ríomhphost nuair a bhíonn seoladh ríomhphoist ar comhad againn, nó tríd an bpost.
Sonrasc Bailí
Tosóidh an tréimhse 15 lá ar an lá a fhaigheann an tÚdarás sonrasc bailí ag an seoladh seo:
Rannóg na gCuntas
Bonneagar Iompair Éireann,
Ionad Gnó Gheata na Páirce,
Sráid Gheata na Páirce,
Baile Átha Cliath 8,
D08 DK10,
Éire
Ní mór go mbeadh na nithe seo in aon sonrasc bailí:
- Ainm agus seoladh an ghnóthais nó na cuideachta
- Clárúchán bailí CBL nó uimhir PSP
- Dáta an tsonraisc
- Uimhir an tsonraisc
- Méid an tsonraisc
- Uimhir Ordú Ceannaigh nuair is infheidhme
- Cuntas ar na hearraí nó na seirbhísí a soláthraíodh
- Seolfar sonraisc neamhbhailí ar ais go dtí an soláthraí lena gceartú.
Deimhniú Imréitigh Cánach
Meabhraítear do sholáthraithe i gcás ceannaigh seirbhíse poiblí ar mó é ná €10,000, CBL san áireamh, laistigh de thréimhse 12 mhí, go bhfuil sé de cheangal ar an soláthraí, sonraí Imréitigh Cánach bailí a sholáthar sular féidir íocaíocht a dhéanamh.
Cruthúnas ar an seachadadh
Cruthúnas seachadta
Nuair a bhíonn earraí á seachadadh, ba cheart cruthúnas ar an seachadadh a thabhairt don té dá bhfuil na hearraí á seachadadh.
Íocaíocht RAA
Ba cheart sonraí cuntais bainc a sholáthar le haghaidh íocaíocht RAA.
Ní dhéanfar íocaíocht ach ar shonraisc a bhfuil na coinníollacha thuas ar fad comhlíonta leo agus nuair a bheidh téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha TII nó na comhaontaithe ábhartha idir TII agus an soláthraí comhlíonta leo.
Díospóidí / Nósanna imeachta gearán
Má fhaigheann TII sonrasc faoina bhfuil díospóid nó ceist le réiteach, rachaidh ball foirne TII i dteagmháil leis an soláthraí agus cuirfidh sé os a chomhair na sonraí seo a leanas:
- Uimhir an tsonraisc lena mbaineann an díospóid
- An méid atá i gceist sa díospóid
- Cúis na díospóide
- Aon doiciméadacht tacaíochta
Má theastaíonn uait gearán a dhéanamh faoi íocaíocht dhéanach, déan teagmháil ar dtús le Rannóg na gCuntas TII agus déan cur síos ar nádúr do ghearáin. Mura mbíonn tú sásta leis an bhfreagra a fhaigheann uathusan, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le Ceann Airgeadais TII.