Inrochtaineacht

Tá TII tiomanta don phrionsabal go gcaithimid lenár gcustaiméirí uile ar an mbealach céanna.

Is cuspóir de chuid an TII é córas comhtháite iompair a sholáthar a fhreastalóidh ar an bpobal uile agus a chuirfidh feabhas ar an gcaighdeán saoil agus ar cháilíocht na timpeallachta i gcóngar an chórais.

Tá rochtain do chách mar chuid lárnach de dhearadh agus d’oibríocht gach scéime a dhéanann TII nó tríú páirtí ar a shon.

Bainfidh TII úsáid as an gcleachtas idirnáisiúnta is fearr sa Dearadh Uilíoch, spreagfaidh sé réitigh nuálacha agus samhlaíocha agus déanfaidh sé iarracht ceannasaíocht a thabhairt maidir le hiompar comhtháite agus inrochtana a sholáthar in Éirinn.

Tá sé i gceist ag TII a chinntiú go mbíonn a sheirbhísí, áitribh agus faisnéis ar fad lán-inrochtana agus go bhfaigheann a fhoireann uile oiliúint feasachta oiriúnach.

Oifigeach Rochtana

Faoin Acht um Míchumas, 2005, tá sé de riachtanas ar gach Oifig Rialtais, Oifigeach Rochtana amháin nó níos mó a cheapadh.  Bíonn Oifigigh Rochtana freagrach as cúnamh a sholáthar do chustaiméirí faoi mhíchumas maidir leis na seirbhísí a chuireann TII ar fáil a rochtain agus as a bheith mar phointe teagmhála do dhaoine atá faoi mhíchumas a dteastaíonn uathu seirbhísí dá leithéid a rochtain.  Is iad sonraí teagmhála Oifigeach Rochtana TII:

Sarah O’Donnell
Oifigeach Rochtana
Teileafón:  01-6463600
Ríomhphost: sarah.odonnell@tii.ie

Oifigeach Fiosrúcháin

Tá Oifigeach Fiosrúcháin ceaptha ag TII chun gearáin a dhéantar faoi Alt 38 den Acht um Míchumas a fhiosrú.
 
Déanfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin iniúchadh neamhspleách príobháideach agus ullmhóidh tuairisc ina ndéarfar:
 
an raibh do ghearán bailí;
ar theip ar TII cloí le forálacha iomchuí an Achta um Míchumas, agus
má theip, leagfaidh an tOifigeach amach a bhfuil le déanamh chun a chinntiú go gcloífear leo amach anseo.
Is iad sonraí teagmhála Oifigeach Fiosrúcháin TII:
 
Michael Kennedy   
Oifigeach Fiosrúcháin
Teileafón: 01-6463600

 

Gearáin faoin Acht um Míchumas 2005

Féadfaidh duine atá faoi mhíchumas, nó duine ar bith atá ag gníomhú ar a shon, gearán a dhéanamh le TII má mheasann sé nó sí gur theip ar an eagraíocht forálacha Alt 25, 26, 27 & 28 den Acht um Míchumas 2005 a chomhlíonadh. Baineann na hAilt sin den Acht le rochtain daoine faoi mhíchumas ar:

  • Foirgnimh phoiblí TII;
  • Seirbhísí TII;
  • Seirbhísí agus earraí a cheannaigh TII; nó
  • Eolas.

Má bhíonn cúnamh de dhíth ar dhuine chun gearán a dhéanamh maidir le seirbhísí inrochtana, féadfaidh siad teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Rochtana a thabharfaidh, chomh fada agus is féidir, cúnamh dóibh a ngearáin a dhéanamh. I gcomhréir le hAlt 39 (2) den Acht um Míchumas 2005 is iad seo a leanas na nósanna imeachta chun gearáin den saghas a dhéanamh agus a fhiosrú.

Gearán a Dhéanamh

Is féidir leis an duine féin gearán a dhéanamh, nó trína c(h)éile/p(h)áirtí,

  • tuismitheoir nó gaol;
  • caomhnóir nó duine atá gníomhú in loco parentis don duine sin;
  • ionadaí dlíthiúil;
  • tacadóir pearsanta, sannta ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh chun gníomhú ar son an duine sin; nó
  • duine ar bith eile a ghníomhóidh ar son an duine sin le cead uaidh nó uaithi.

Ní mór an gearán a dhéanamh i scríbhinn, a d’fhéadfadh a bheith ar fhacs nó ar ríomhphost, agus ba cheart go luafaí ann sonraí teagmhála lae don duine a bhfuil gearán á dhéanamh aige nó aici.

Ba cheart a lua ann gur gearán é faoi Alt 38 den Acht um Míchumas 2005 agus ba cheart, chomh fad agus is féidir, a leagan amach chomh soiléir agus is féidir, na forais atá leis an ngearán maidir leis an mainneachtain atá curtha i leith TII i ndáil le rochtain faoi Alt 25 go 28 den Acht.

Ba cheart an gearán a sheoladh go dtí:

Michael Kennedy,
Oifigeach Fiosrúcháin
Bonneagar Iompair Éireann,
Ionad Gnó Gheata na Páirce,
Sráid Gheata na Páirce,
Baile Átha Cliath 8,
D08 DK10.

I ríomhphost go dtí michael.kennedy@tii.ie

Gearán a Fhiosrú

Tabharfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin admháil go bhfuair sé an gearán a luaithe agus is féidir ach ní níos déanaí ná cúig lá oibre tar éis é a fháil.

Déanfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin iniúchadh ar an ngearán lena bhunú an mbaineann an mhainneachtain atá á líomhain Alt 25, 26, 27 & 28 den Acht a chomhlíonadh ag TII. Má dhearbhaítear an gearán a bheith neamhbhailí, i.e. measann an tOifigeach Fiosrúcháin nach mbaineann an gearán le cúraimí a chuimsítear le hAilt 25 go 28 den Acht, cuirfidh an tOifigeach Fiosrúcháin an méid sin in iúl don ghearánaí, chomh maith le cúiseanna tacaíochta agus, más féidir, tabharfaidh comhairle don ghearánaí maidir le malairt bealaí chun cúiteamh a fháil.

Nuair a cheapann an tOifigeach Fiosrúcháin go bhfuil an gearán suaibhreosach nó cráiteach, cuirfidh sé nó sí an cinneadh sin in iúl don ghearánaí i scríbhinn agus tabharfaidh deis don ghearánaí uiríll a dhéanamh maidir leis an gcúram. Seachas sin, déanfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin iniúchadh ar an ngearán i gcomhréir leis na hailt seo a leanas.

Féadfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin faisnéis/sonraí breise a iarraidh ar an duine a rinne an gearán agus d’fhéadfadh sé nó sí a éileamh go dtabharfaí dó nó di an fhaisnéis/sonraí sin laistigh de dhá sheachtain ar a mhéad ó iarradh iad.

Féadfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin dul i gcomhairle faoin gcúram leis na páirtithe ar fad a mheasann sé nó sí a bheith oiriúnach agus faisnéis/tuairiscí/comhaid nó aon sonraí eile a iarraidh ar oifigigh ábhartha. Ní mór aon fhaisnéis a iarrtar, a sholáthar laistigh de dhá sheachtain ar a mhéad ó iarradh í.

Le linn don fhiosrúchán a bheith ar siúl féadfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin agallaimh a dhéanamh le daoine a cheapann sé a bheith oiriúnach, lena n-áirítear an té a rinne an gearán, chun faisnéis a fháil.

Coimeádfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin taifead i scríbhinn den fhiosrúchán.

Ullmhóidh an tOifigeach Fiosrúcháin tuairisc i scríbhinn de thorthaí an fhiosrúcháin ina leagfar amach na torthaí in éineacht leis an gcinneadh maidir le:

  • ar theip ar TII cloí le forálacha iomchuí an Achta um Míchumas, agus
  • i gcás gur theip, a bhfuiltear chun a dhéanamh lena chinntiú go gcloífidh TII le forálacha iomchuí an Achta um Míchumas amach anseo.

Tabharfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin cóip den tuairisc don duine a rinne an gearán.

Críochnóidh an tOifigeach Fiosrúcháin an tuairisc laistigh de 20 lá oibre tar éis dó nó di an fhaisnéis ábhartha ar fad a fháil, lena n-áirítear aon fhaisnéis bhreise a iarrtar ar an ngearánaí. Mura mbíonn tuairisc iomlán ar fáil laistigh de 20 lá, seolfaidh an tOifigeach freagra eatramhach agus tabharfaidh sé nó sí le fios cathain a bheidh an tuairisc ar fáil.

Is é deireadh an fhiosrúcháin é nuair a thugtar cóip den tuairisc don duine a rinne an gearán.

Tabharfar comhairle don ghearánaí faoin gceart achomhairc chun Oifig an Ombudsman, mar a leagtar amach thíos.

Ceart Achomhairc

Mura mbíonn an gearánaí sásta lenár bhfreagra deiridh, féadfaidh sé nó sí teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman.

Bunaíodh Oifig an Ombudsman chun iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin ó bhaill an phobail a mheasann nár caitheadh go cothrom leo agus iad ag plé le comhlachtaí ar nós TII. Má bhraitheann gearánaí nár caitheadh go cothrom leis nó léi nó má tá sé nó sí míshásta lenár gcinneadh maidir leis an ngearán, is féidir leis an té sin teagmháil a dhéanamh le hOifig an Ombudsman. De réir dlí, is féidir leis an Ombudsman gearáin i dtaobh aon cheann dár ngníomhartha riaracháin nó cleachtais a fhiosrú chomh maith le haon mhoill nó easpa gnímh inár plé leat. Soláthraíonn an Ombudsman seirbhís réitigh díospóidí atá neamhchlaonta agus neamhspleách.

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman ag:

Oifig an Ombudsman,
6 Ardán Phort an Iarla, 
Baile Átha Cliath 2, 
D02 W773.

Fón: +353 1 639 5600
Ríomhphost: complaints@ombudsman.ie

Forbhreathnú ar Inrochtaineacht Suímh Gréasáin

Tógadh suíomh gréasáin TII le go mbeadh cách in ann é a rochtain. Chuige sin dhearamar i gcomhréir le treoirlínte W3C WAI-AA. Má tá aon mholtaí agat faoina bhféadfaimis a dhéanamh chun inrochtaineacht an tsuímh gréasáin a fheabhsú déan teagmháil linn le do thoil ag: info@tii.ie.

Naisc

Tá tréithe teidil ag a lán de na naisc. Osclaíonn siad ar fad sa bhrabhsálaí agus ní osclaíonn siad leathanaigh nua. Tá cur síos ALT ag na híomhánna ar fad, mura bhfuil iontu ach ornáidí, agus sa chás sin is luach neamhní a bhíonn leo.

Amharc-dhearadh

CSS a úsáidtear, le clónna comhréireacha chun athrú méide a cheadú i bhformhór brabhsálaithe. Feicfidh brabhsálaithe neamh-CSS an t-ábhar fós agus gheobhaidh siad teachtaireacht nach bhfuil an formáidiú ar fad ar taispeáint. Ní úsáidtear táblaí ach amháin nuair a bhíonn gá leo.