Cuirtear ainm le Cuarbhóthar N6 Chathair na Gaillimhe (CBCG) don Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt

Chuir an tAire Shane Ross, Comhairle Contae na Gaillimhe agus Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) fáilte inniu roimh chinneadh an Rialtais chun cur chun cinn Scéim Chuarbhóthar Chathair na Gaillimhe chuig an bpróiseas pleanála reachtúla a fhaomhadh.  Déanfaidh Comhairle Contae na Gaillimhe Tuarascáil an Mheasúnaithe ar an Tionchar ar an gComhshaol, Ráiteas Tionchair Natura, an tOrdú Scéim Mótarbhealaigh agus an tOrdú Scéim Bóthair faoi Chosaint don scéim a chur faoi bhráid an Bhoird Phleanála anois.
 

Dúirt an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Shane Ross, T.D., agus é ag trácht ar fhógairt an lae inniu:    “Tá gliondar croí orm a mholadh go gcuirtear an cuarbhóthar ríthábhachtach seo chun cinn. Bhí feitheamh fada ar mhuintir na Gaillimhe leis an gcinneadh seo agus rachaidh sé chun mórshochair dóibh. Príomhghné atá sa tionscadal seo de Straitéis Iompair na Gaillimhe.  Cuirfidh sé conair náisiúnta bhóthair ar fáil timpeall ar lár Chathair na Gaillimhe agus bainfidh sé trácht neamhriachtanach a thaistealaíonn tríd an gcathair agus ceadóidh sé don ghréasán iompair phoiblí feidhmiú go héifeachtúil. Déanfaidh an fhorbairt seo iompar poiblí níos mealltaí i measc comaitéirí laethúla agus, thar aon ní eile, beidh bóithre na Gaillimhe níos sábháilte do rothaithe agus coisithe.”    

Is cuspóir na scéime chun brú tráchta a laghdú i gCathair na Gaillimhe agus feabhas a chur ar amanna aistir agus rochtain dhíreach a sholáthar ón mótarbhealach nua go dtí ionaid mhóra fostaíochta ag Páirc Ghnó na Páirce Móire agus Bhaile an Bhriotaigh.  Tairbhe eile a chruthaíonn an scéim nua ná go gcruthóidh sé spás bóthair a bhfuil géarghá leis i lár na cathrach agus feabhsóidh seo seirbhísí iompair phoiblí, rothaíocht, siúl, etc.  Sa mhullach air sin, déanfaidh an scéim nua an méid seo a leanas; 

• Trasbhealach breise droichid ar Abhainn na Gaillimhe agus cuirfidh sé feabhas ar nascacht le hiarthar na cathrach agus le Conamara;
• Cuirfidh sé ar chumas príomhghnéithe eile de Straitéis  Iompair na Gaillimhe leanúint ar aghaidh.
 
Dúirt POF Bhonneagar Iompair Éireann, Michael Nolan: “Tionscadal tábhachtach bóthair náisiúnta é seo do réigiún iomlán agus do chathair na Gaillimhe.  Tá BIÉ ag tnúth le hoibriú le Comhairle Contae na Gaillimhe chun é a sholáthar.”
 
12 chiliméadar de mhótarbhealach/dhébhealach atá sa tionscadal bóthair náisiúnta a bheartaítear idir an N6 reatha ag an gCuailleach (soir ó thuaidh den chathair) agus Bóthar reatha Bhaile an Mhóinín (siar ó thuaidh den chathair), agus leanúint ar aghaidh mar bhóthar carrbhealaigh singil ar feadh 6 chiliméadar a fhad le R336 Bhóthar an Chósta, laistiar de Bhearna. Beidh trasbhealach nua droichid ar Abhainn na Gaillimhe chomh maith lee acomhail ilairde a fhreastalaíonn ar an N83, an N84 agus an N59 sa chuarbhóthar.

Is é Bonneagar Iompair Éireann an tÚdarás Cistithe agus cuireadh an tionscadal seo san áireamh i bPlean Infheistíochta Caipitil an Rialtais 2016-2021 agus sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2018.