" "

Ceamara Forfheidhmiú Teorainneacha Luais

Ag dul i bhfeidhm i dTollán Bhaile Átha Cliath…Meánoíche 1ú Meitheamh 2017

Fógraíonn Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) i gcomhar leis An Garda Síochána agus oibreoir Tolláin Bhaile Átha Cliath Egis an chéad chóras ceamara forfheidhmiú teorainneacha luais le dul i bhfeidhm ar an 1ú Meitheamh 2017. Tá na leibhéil tráchta a bhíonn ag dul trí Tholláin Bhaile Átha Cliath ardaithe 40% le chúig bliana anuas agus mar thoradh ó thaobh staitistice de tá ardú sa phoitéinseal do thimpistí agus d’eachtraí. Breathnaíonn an córas ceamara forfheidhmiú teorainneacha luais an poitéinseal seo a laghdú mar taispeánann staitisticí go hiondúil go mbíonn laghdú 50% sa ráta timpiste nuair atá sé i bhfeidhm.   
 
Déanann an córas ceamara forfheidhmiú teorainneacha luais monatóir  ar mheán luas an tiománaí nuair atá siad ag tiomáint trí Thollán Bhaile Átha Cliath agus má tá tiománaí os cionn na teorann luais de 80 km/u beidh an tiománaí ag sárú agus beidh pionóis i bhfeidhm. 
 
Nuair a chinntíonn an córas ceamara forfheidhmiú teorainneacha luais  go bhfuil an fheithicil  ag déanamh níos mó ná an teorainn luais, cruthaíonn sé taifead go huathoibríoch den phionós  agus ansin cuirfear ar aghaidh é chuig An Garda Síochána chun go ndéileálfaidh siad leis. Beidh an nós imeachta chéanna i bhfeidhm is atá na nósanna imeachtaí reatha a chruthaigh An Garda Síochána le haghaidh na próiseála de chionta luais a thabhaíonn muirear seasta agus pointí pionóis infheidhme. Is é an muirear seasta pionóis le bheith ag dul róthapa ná €80 fíneáil agus 3 phointe pionóis ar do cheadúnas, ag méadú go dtí 5 phointe pionóis agus fíneáil ardaithe má chiontaítear sa chúirt.   
 
Ag fáiltiú fógra an lae inniu, An tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Shane Ross T.D, “Tá míle fáilte roimh aon tionscnamh a bhfuil an poitéinseal aige beathaí a shábháil agus gortaithe tromchúiseacha a laghdú ar ár mbóithre.” 
 
Dúirt Coimisinéir Cúnta Michael Finn, Póilíniú Bóithre;  “Agus muid ag teacht i dtreo an lá saoire bainc sa Mheitheamh, san am a mbeidh ardú sa mhéid tráchta ar an mbóthar, fáiltíonn muid roimh an fheabhsú leis na hoibrithe agus sábháilteacht an Tolláin Bhaile Átha Cliath. Tá líon an tráchta ag méadú go háirithe ag taistil tríd Tholláin Bhaile Átha Cliath agus soláthraíonn an córas forfheidhmiú teorainneacha luais tacaíocht bhreise i dtreo taithí thaistil shábháilte a choinneáil do na húsáideoirí ar fad den Tholláin.”
 
Dúirt Michael Nolan CEO BIÉ; “Cuideoidh an córas ceamara forfheidhmiú teorainneacha luais  taifead láidir sábháilteachta Tolláin Bhaile Átha Cliath a choinneáil. Tá BIÉ buíoch den Gharda Síochána as ucht tacaíocht a thabhairt dúinn leis an fheabhas oibríochta.”
 
Eolas breise…Ba chóir d’úsáideoirí de Tholláin Bhaile Átha Cliath poil móra buí a thabhairt faoi deara. Tacaíonn na poil seo leis an gcóras ceamara forfheidhmiú teorainneacha luais. Ní bheidh soilse ghealánach ag an gcóras nó comharthaithe oibrithe eile, ach beidh sé ag monatóireacht i gcónaí.
 
  • D’oscail Tolláin Bhaile Átha Cliath ar an 20ú Nollaig 2006. Is tollán cró nasctha é, 4.5km ar fhad. Cruthaíonn sé cuid den M50 bóthar C-Rinn thart ar Chathair Bhaile Átha Cliath.
  • Is féidir eolas faoi phróiseas an Gharda maidir le riar na bhfógraí muirear seasta a fháil  ar a suíomh idirlín: www.garda.ie