Deimhníonn an tAire Ross sonraí maidir leis an Scéim Dola d’Fheithiclí Leictreacha

Electric Vehicle Toll Incentive Information The Electric Vehicle Toll Incentive (EVTI) Scheme commenced on July 1st 2018 and is expected to run until December 31st 2022.
  • Tá an Scéim Dola d’Fheithiclí Leictreacha oscailte d’iarratasóirí inniu (féach www.etoll.ie i gcomhair sonraí);
  • Úinéirí feithiclí leictreacha in ann leas a bhaint as lascainí dola ón 01 Iúil 2018.

Dheimhnigh an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Shane Ross, T.D., inniu na sonraí maidir le dreasacht nua dola d’fheithiclí leictreacha.  Beidh éifeacht leis an scéim ón 01 Iúil 2018, tráth a dtabharfar lascaine ar tháillí dola do thiománaithe feithiclí leictreacha.

Ag tagairt don scéim inniu dúirt an tAire “Tá ríméad orm an scéim nua dola d’fheithiclí leictreacha a sheoladh, tá an dreasacht seo lárnach do shraith beart tacaíochta an  Rialtais atá dírithe ar thodhchaí iompair íseal ar charbón a chur chun cinn”.  Dúirt an tAire freisin “ciallóidh an scéim nua seo go bhfaighidh tiománaithe feithiclí leictreacha coigiltis bhreise, agus beidh úinéirí carranna príobháideacha in ann suas le €500 a shábháil ar tháillí dola gach bliain, agus suas le €1,000 i gcoigiltis d’fheithiclí earraí.”

Beidh lascaine dola 50% d’fheithiclí leictreacha a ritheann ar cheallra agus lascaine dola 25% d’fheithiclí hibride inluchtaithe, agus leibhéil lascaine níos airde ar fáil thar bhóithre dola áirithe le linn thurais seachbhuaice. Is féidir le tiománaithe feithiclí leictreacha leas a bhaint as an lascaine trí chlárú le haghaidh clib feithicle leictrí le Soláthraí Clib Dola ceadaithe.  Beidh a soláthraí clibe reatha i dteagmháil le tiománaithe, a bhfuil cuntas clibe dola acu cheana féin, agus tabharfaidh siad sonraí dóibh faoi aistriú isteach sa scéim.

Chuaigh an tAire sa deireadh “táimid ag feiceáil ardú de réir a chéile ar fheithiclí leictreacha; tá sé sin ag tarlú mar gheall ar fhorbairtí teicneolaíochta feabhsaithe agus raoin ceallraí méadaithe mar aon le tacaíochtaí flaithiúla leanúnacha ón Rialtas chun costais cheannaigh agus reatha a laghdú.. Tá os cionn 5,000 feithicil leictreach in Éirinn anois, agus cláraíodh 1,000 díobh sin in 2018 amháin.”

Téigh chuig www.etoll.ie chun tuilleadh sonraí a fháil ar théarmaí agus coinníollacha na scéime agus conas leas a bhaint as na lascainí dola atá ar fáil.