Tuairisc Fhaisnéiseach Tráchta an M7 an 6 Eanáir 2018

Cur Síos ar na hoibreacha

Tá trí ghné sa chonradh seo agus tá sé sceidealaithe lena thabhairt chun críche go hiomlán go luath in 2020:
  1. Mótarbhealach reatha an M7 a leathnú ó dhá lána go dtí trí lána soir agus siar araon ar feadh thart ar 14 km, idir Acomhal 9 An Nás Thuaidh, ag Maudlins (an Liathróid Síorghluaisne) agus acomhal an M7/M9 ag Acomhal 11. 
  2. Na rampaí reatha a athsholáthar agus a athlonnú ag Acomhal 10 An Nás Theas go dtí débhealach An Nás-Droichead Nua, an R445.  Chomh maith leis sin, chun tógáil acomhail nua ag Baile Osbeirn a chur san áireamh idir Acomhail 9 agus 10, a shaineofar mar Acomhal 9a. 
  3. Seachbhóthar na Sollán, lena n-áirítear thart ar 1.7 km de Débhealach nua Shaghas 2 agus 2.0 km de charrbhealach singil, chomh maith le nascbhóthar 1.2km de charrbhealach singil ón Seachbhóthar go dtí lár bhaile na Sollán. 

Tuairisc Fhaisnéiseach Tráchta

Ag tosú Dé Sathairn, an 6 Eanáir 2018, tosófar le hoibreacha ar phríomhlíne an M7 idir Acomhal 8 (Baile Eoin) agus Acomhal 10 (An Nás Theas) idir an dá linn. Chun freastal ar na hoibreacha seo, cuirfear na srianta tráchta seo a leanas i bhfeidhm.
  • Cuirfear srian 60 ciliméadar san uair ar an luas tríd an suíomh oibre, a ndéanfaidh Garda Síochána monatóireacht air.
  • Beidh 2 lána tráchta in úsáid sa dá threo i rith an lae.
  • Aistreofar an trácht chuig an ngualainn chrua reatha agus chuig Lána 1 reatha. Féach an léaráid, le do thoil, ina dtugtar trasghearradh tipiciúil thíos. 
  • Cuirfear srian idir 3m agus 3.25m ar leithead ar leithid lána tráchta.
  • Ní bheidh aon leataobh ná limistéir ann laistigh de na criosanna oibre le stopadh iontu.
" "

Féach na láithreáin ghréasáin seo a leanas chun teacht ar bhreis faisnéise: