Fógraíodh na sonraí maidir leis an mbealach is dealraithí a roghnófar don MetroLink

22/03/18
 
Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA) agus Bonneagar Iompair Éireann (TII) ag fógairt sonraí maidir leis an mBealach is Dealraithí a Roghnófar don MetroLink, an tseirbhís meitreo a rachaidh ón Inbhear ar an taobh ó thuaidh de Sord go hÁth an Ghainimh ar an taobh ó dheas, ag freastal ar Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ar Lár na Cathrach.

Beidh comhairliúchán poiblí maidir leis an tionscadal ar bun ar an toirt agus tá sé beartaithe go mbeidh MetroLink i bhfeidhm sa bhliain 2027.

Sa Straitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath (2016-2035), beartaítear nasc iarnróid ó lár na cathrach theas go Sord. Samhlaíodh freisin, an Líne Ghlas Luas a uasghrádú go caighdeán meitreo, a nascfadh leis na seirbhísí meitreo a théann ó thuaidh chuig an aerfort agus thairis, chun "conair iarnróid ardminicíochta tras-chathrach ardlín paisinéirí" a chur ar fáil do Bhaile Átha Cliath.

Faoin bPlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027, déanfar tionscadal amháin as an Meitreo Thuaidh agus an Meitreo Theas, agus tugtar an MetroLink air anois.

Cuirfear tús leis an gcomhairliúchán ar an tionscadal an tseachtain seo chugainn le sraith d’imeachtaí faisnéise do phobail ar feadh an bhealaigh, imeachtaí a bheidh ar siúl ag leibhéal áitiúil. Tá tráthnóna eolais eagraithe do cheantair ar nós Sord, Baile Munna, Cathair Bhaile Átha Cliath, Glas Naíon, Raghnallach agus Baile na Lobhar.

Dúirt POF an Údaráis Náisiúnta Iompair, Anne Graham: “Tá buntáistí an-suntasacha ag baint le MetroLink, go háirithe i dtéarmaí an chórais iompair chomhtháite a sholáthróidh sé do Bhaile Átha Cliath.

“Mar shampla, buíochas le MetroLink, beidh nasc iarnróid ann go hAerfort Bhaile Átha Cliath, agus le hacomhal éasca le modhanna eile lena n-áirítear bus, Dart agus iarnród comaitéara, agus le MetroLink beidh sé i bhfad níos éasca dul isteach sa phríomhchathair agus dul timpeall uirthi.

“Beidh 25 stáisiún san iomlán, agus beidh 15 acu úrnua, mar sin beidh iompar inbhuanaithe ina rogha inmharthana le haghaidh tuilleadh dhaoine i gceantair ar nós Sord agus Baile Munna.

“Táimid tar éis samhail a dhéanamh de líon na bpaisinéirí agus tuarfaimid go mbeidh gá le toilleadh de 15,000 paisinéir in aghaidh an treo in aghaidh na huaire le linn na mbuaicphointí is gnóthaí ar an gconair seo. Ní chreidimid go mbeadh an cumas ag córas bus nó gnáthlíne Luas  freastal ar líon paisinéirí dá leithéid agus is é sin an fáth go bhfuil an oiread sin céille ag baint le MetroLink.

“Beidh an cumas ag MetroLink de 30 traein in aghaidh na huaire i ngach treo, mar sin níl aon amhras ann go gcuirfidh sé feabhas mór ar an tairiscint iompair phoiblí atá i mBaile Átha Cliath.

“Ina theannta sin, táthar ag súil go gcruthófar thart ar 4,000 post le linn na tógála, rud atá an-suntasach don gheilleagar sa réigiún."

Dúirt Príomhfheidhmeannach de Bhonneagar Iompair Éireann Michael Nolan: “I ndáiríre, is éard atáimid ag déanamh inniu ná an próiseas comhairliúcháin do MetroLink a sheoladh, toisc gur mhaith linn a chinntiú go bhfuil focal le rá ag daoine ar an leibhéal áitiúil.

“Is éard atá á fhoilsiú againn anseo ná an 'Bealach is Dealraithí a Roghnófar' (EPR), agus ní an bealach deiridh. Tar éis mionscrúdú a dhéanamh ar na hailínithe agus na roghanna éagsúla, is é an EPR an rogha is fearr don tionscadal dár linn. Ach táimid fós oscailte maidir le breathnú ar thograí eile, agus má bhraitheann daoine nó pobail go bhfuil bealaí níos fearr ann chun é a dhéanamh, beimid sásta smaoineamh ar aon roghanna eile a chuirfear ar aghaidh. "
 
Amlíne réamh-mheasta
  • 2018 - Comhairliúchán ar an mBealach is Dealraithí a Roghnófar.
  • 2019 - Iarratas ar Ordú Iarnróid.
  • 2020 - Deonú d’Ordú Iarnróid
  • 2021 - Cuirfear tús leis an tógáil
  • 2027 - Tiocfaidh MetroLink i bhfeidhm
Tuilleadh eolais: www.metrolink.ie