Seachbhóthar N59 Maigh Chuilinn ar Oscailt

Osclaíonn an Taoiseach Seachbhóthar N59 Maigh Chuilinn i gContae na Gaillimhe

D'oscail an Taoiseach Taoiseach Leo Varadkar Seachbhóthar nua an N59 Maigh Cuilinn go hoifigiúil inniu.

Inniu (Dé Luain, an 11 Nollaig 2023), d'oscail an Taoiseach Leo Varadkar go hoifigiúil Seachbhóthar nua an N59 Maigh Cuilinn i gContae na Gaillimhe, rud a éascóidh laghdú suntasach ar an aistir idir Cathair na Gaillimhe agus Conamara.

Chuir Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) an tionscadal i gcrích ag le dhá bhliain anuas i gcomhar le Comhairle Contae na Gaillimhe agus leis an Roinn Iompair.
 
Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt an Taoiseach inniu:
“Is mór an t-áthas a chuireann sé orm seachbhóthar Mhaigh Cuilinn a oscailt go hoifigiúil. Ciallóidh an bóthar seo turais níos éifeachtaí dóibh ag taisteal ar an obair, ar an gcoláiste agus chuig na seirbhísí poiblí. Laghdóidh sé brú áitiúil na tráchta agus éascóidh sé taisteal níos sábháilte ar an mbóthar.


“Tá infheistíocht scaipthe go cothrom againn ar fud na tíre ar bhealach a chuireann forbairt na gcathracha agus pobail na tuaithe faoi bhláth chun cinn. Is cuid ríthábhachtach dá leithéid ceantar na Gaillimhe, agus cathair bhríomhar aige chomh maith le cúlchríoch na sráidbhailte tuaithe inar roghnaigh daoine a gcuid saolta a chaitheamh. Trí fheabhas a chur ar ár gcuid bhóithre agus ar an gceangal a thagann astu, déanaimid áiteanna níos mealltaí do na pobail seo le maireachtáil agus le hoibriú iontu, agus ár dtír á fhorbairt againn ar bhealach inbhuanaithe. Cé go rachaidh sé chun tairbhe laethúil na gcónaitheoirí, déanfaidh sé feabhas a chur ar thaithí an iliomad cuairteoirí a thagann go dtí an réigiún álainn seo.
 
“Le linn dom freastal mar Aire Iompair agus páirt á ghlacadh agam i dtosú tionscnamh sheachbhóthar Mhaigh Cuilinn, cheapamar go bhféadfaí an cuarbhóthar agus seachbhóthar Mhaigh Cuilinn a thógáil ag an am céanna, agus tuigim dá bharr an frustrachas atá ar gach éinine go bhfuil cuid amháin de tar éis teacht i gcrích ach nach bhfuil tosú déanta fós ar an bpríomhchuid de. Céim thábhachtach eile is ea tógáil chuarbhóthar na Gaillimhe, rud a chuirfidh spás na cathrach féin agus a cuid bhóithre ar fáil do choisithe agus do rothaithe, agus á déanamh níos mealltaí do chónaitheoirí, do thurasóirí agus d'infheisteoirí.”

Dúirt Leas Chathaoirleach Comhairle Contae na Gaillimhe, an Dr Evelyn Parsons:
“Tá cuid suntasach seo an bhonneagair ag teacht le fada an lá agus,  i ndiaidh á teacht i gcrích faoi dheaireadh, tá na fadhbanna brú tráchta a bhí ann le fada i Maigh Cuilinn maolaithe againn anois. Laghdóidh sé an t-aistear ó Chathair na Gaillimhe go dtí an Clochán faoi 20 nóiméad ar a laghad le linn buaic-tréimhsí freisin.”
 
Dar le Peter Walsh, POF Bonneagar Iompair na hÉireann (BIÉ): 
“Is féidir le Seachbhóthar N59 Mhaigh Cuilinn feabhsuithe riachtanacha na sábháilteachta a chur ar fáil anois do gach éinne a bhainneann úsáid as na bóithre ar fud mór-réigiún Chonamara chomh maith le sráidbhaile Mhaigh Cuilinn a thabhairt ar ais dá cuid chónaitheoirí, dá cuid ghnólachtaí agus do gach cuairteoir chuici chun taitneamh a bhaint aisti.”
 
Arsa Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Comhairle Contae na Gaillimhe:
“Déanfaidh an bóthar nua seo laghdú mór mór ar an méid tráchta, go háirithe  líon na bhfeithiclí earraí troma ag dul trí Mhaigh Cuilinn gach lá. Tiocfaidh mórán buntáistí as do phobal na áite, lena n-áirítear laghdú ar an torann agus ar thruailliú an aeir agus chomh maith le rochtain níos fearr a chur ar fáil ar fud an bhaile chun cur le deiseanna eacnamaíocha do ghnóthlachtaí na háite.


“Príomhchuid dár gcuid iarrachtaí ar cheangal ar ardchaighdeáin a sheachadadh is ea mór-thionscadail an bhonneagair a chur ar fáil le haghaidh forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn i gContae na Gaillimhe agus chun an infheistíocht isteach a mhealladh isteach in Iarthar na hÉireann. Siad na tionscadail shuntasacha mar seo an bunchloch ar a bhféadaimid, mar údarás áitiúil, leanúint ar aghaidh lenár gcuid oibre chun pobail inbhuanaithe agus bríomhara a thógáil ar fud Chontae na Gaillimhe.
 
Is tairseach í Scéim Mhaigh Cuilinn le hiarthar an chontae agus tá súil againn go gcuirfidh sí le tógáil molta tionscadail Cuarbhóthar N6 Chathair na Gaillimhe sa todhchaí.”


Cuimsíonn tógáil Sheachbhóthar N59 Mhaigh Cuilinn bóthar tánáisteach náisiúnta 4.3km nua, feabhsuithe ar 3km bhóithre áitiúla, 1.7 km bóithre cóiríochta agus 10 struchtúr san iomlán. Ceanglaíonn an seachbhóthar leis an N59 reatha ag timpealláin ar an dá thaobh den sráidbhaile agus tá feabhsuithe suntasacha ar bhonneagar roinnte an tsiúil agus na rothaíochta curtha ar fáil chomh maith.