Tá 2.8m duine i gcathracha agus i mbailte le 2.8m duine i gcathracha agus i mbailte le nascadh ag Líonra Náisiúnta na Rothaíochta, 3,500km de chonairí sábháilte na rothar.

Chuir an tAire Iompair, Eamon Ryan T.D., fáilte inniu roimh fhoilsiú phlean nua Líonra Náisiúnta na Rothaíochta (LNR) a leagann amach conas a fhíghfear an tír le bhealaí shábháilte mealltacha na rothaíochta 3,500 km ar ardchaighdeáin a cheanglóiidh breis is 200 cathair, baile agus sráidbhaile chomh maith le suas le 2.8 milliún duine ar fud na tíre.

Tá 85 chonair san LNR, a imeascaíonn na glasbhealaí reatha agus i bpleanáil agus bonneagar eile na rothaíochta ar nós bealaí Eurovelo, chomh maith le líonra fairsing reatha na mbealaí sábháilte rothaíochta ar thaobh na mbóithre. Ceanglóidh sé freisin le cinn scríbe ar nós moil iompair agus ionaid an oideachais, na fostaíochta, na fóillíochta chomh maith le cinn scríbe na turasóireachta, rud a fhágfaidh sé níos éasca agus níos sábháilte dóibh siúd ar fud na tíre an rothaíocht a roghnú mar chuid dá ngníomhaíochtaí an lae. Séard ata mar aidhm ag an LNR ná go mbeadh 80% na dteaghlaigh agus beagnach 90% na bpost lonnaithe laistigh de 5 km den líonra.


Chuir an tAire tús le plean nua an LNR ag oscailt an síneadh is déanaí ar Ghlasbhealach na Canálach Móire - stráice 11 km ó Dhroichead Alymers go Na Solláin i gContae Chill Dara. Nuair a chuirfear é seo i gcríoch, beidh Glasbhealach na Canálach Móire ina chonair leanúnach, beagnach lándeighilte ar feadh na canála 130km ar fad a shíneann ó Bhaile Átha Cliath go dtí an tSionainn.

 

Dúirt an tAire Ryan: “Is iontach an rud é tús a chur leis an bplean seo inniu anseo ar bhruach Gbsbhealach na Canálach Móire, mar go léiríonn sé go bhfuilimid ar an mbealach cheana féin chun aisling líonra náisiúnta na rothaíochta nua seo a fhorbairt, agus tá pleananna ar bun freisin chun 1,000 km eile de rotharbhealaí a sheachadadh faoin mbliain 2030.”

 

“Freastlidh líonra náisiúnta na rothaíochta seo mar chreat, ag nascadh bailte, cathracha agus cinn scríbe ar fud na tíre le bonneagar leithscartha sábháilte na rothaíochta nuair is féidir. Measaim go gcabhróidh sé seo go mór leis an muinína spreagadh sa rothaíocht agus, dá réir sin, go méadófar líon na dturas siúil agus na rothaíochta á thógáil ag muintir na háite, ag úsáideoirí fóillíochta agus ag turasóirí araon.”

 

Dúirt Peter Walsh Príomhfheidhmeannach Bhonneagar Iompair Éireann: “Léiríonn fógra an lae inniu gealltanas an Rialtais i leith roghanna inbhuanaithe an iompair faoi Líonra Náisiúnta na Rothaíochta. Tá Bonneagar Iompair Éireann ag tnúth leis an gcuid nua agus bunathraithe seo de bhonneagar náisiúnta an iompair a sheachadadh lenár gcuid chomhpháirtithe i measc na hÚdaráis Áitiúil agus na geallsealbhóirí eile. Déanfar líonranáisiúnta na rothaíochta a oscailt i gcéimeanna ar fud na tíre sna blianta amach romhainn, cuiridh sé bealach sábháilte agus taitneamhach ar fáil do dhaoine le taisteal air, agus tacóidh sé le todhchaí níos inbhuanaithe a chruthú don tír.”


Is cuid den bhreis is 400 km glasbhealaí reatha nó de bhonneagar na rothaíochta eile é Glasbhealach na Canálach Móire a áireofar mar phríomhchonair san LNR nua. Cuirfear glasbhealaí breise pleanáilte agus beartaithe os cionn 900 km san áireamh sa líonra chomh maith. Soláthrófar an 2,200 km eile den LNR ar thaobh bonneagar na mbóithre atá ann cheana féin, ag cinntiú go mbeidh bonneagar rothaíochta scartha don chuid is mó ón trácht, rud a ligfidh do rothaithe taisteal ina spás féin amach ó fheithiclí bóthair agus le leibhéal níos airde na sábháilteachta agus an chompord acu nuair is féidir. 

 

Cuid de ghealltanas an Rialtais líonra bonneagar an Taistil Gníomhaigh agus na nGlasbhealaí a leathnú is ea an LNR. In éineacht le Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ), rinne an Roinn Iompair an plean a choimisiúnú ionas go nascfaí cathracha agus bailte de bhreis is 5,000 duine acu le chéile trí líonra conairí na rothaíochta. Is príomhthionscnamh é freisin chun cabhrú leis an laghdú 51% a bhaint amach ar líon na n-astaíochtaí iompair faoin mbliain 2030 mar a sainordaíodh sa Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide.

 

Mar chuid de chlárna n Glasbhealaí Náisiúnta agus Réigiúnacha, tá thart ar €12 milliún infheistithe ag an Roinn Iompair trí BIÉ i bhforbairt Ghlasbhealach na Canálach Móire ón mbliain 2020, le thart ar €5m de ar an stráic idir Droichead Aylmer agus Na Solláin. Bhain mórchuid na hoibre le huasghrádú agus leathadh dromchla reatha an chosáin tarraingthe reatha go dtí caighdeáin an dea-chleachtais maidir le Glasbhealaí.


Is féidir Líonra Náisiúnta na Rothaíochta a fheiceáil ag https://www.gov.ie/en/publication/34846-national-cycle-network/ .