Comharthaí agus Siombailí Nua do Mhalairtí Slí Éigeandála M50

Córas nua siombailí do Mhalairt Slí an M50 fógartha ag Bonneagar Iompair Éireann (TII)

Cuireann teagmhais go mór le moill a chur ar dhaoine a bhíonn ag taisteal, agus thart ar 120 teagmhas sa mhí de ghnáth ar an M50, níos mó ná a leath díobhsan le linn buaicthráth tráchta. Sna teagmhais seo d’fhéadfadh carr a bheith briste síos, nó rud éigin a bheith caite ar an mbóthar nó b’fhéidir mór-imbhualadh ina raibh iliomad feithiclí gafa.

Bíonn gá i gcás teagmhais thromchúiseacha le gníomhaireachtaí eile teacht i gcabhair, lena n-áirítear an Garda Síochána, Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath, na ceithre Údarás Áitiúla i mBaile Átha Cliath, TII agus Ionad Rialaithe Trácht Mótarbhealaí. Sin an chúis gur tháinig na gníomhaireachtaí éagsúla le chéile in 2015 chun Grúpa Idirghníomhaireachta um Chomhordú Teagmhas (IICG) a bhunú.  Tugann an grúpa seo fóram cumarsáide do na páirtithe éagsúla agus tá roinnt tionscnamh éagsúla arna bhforbairt acu d’fhonn comhardú a dhéanamh ar acmhainní agus bainistiú teagmhais agus malairt slí a aithint. Anuas ar an méid sin is féidir an IICG a thionól i gcás mórtheagmhais ionas go mbíonn na daoine ó gach ceann de na gníomhaireachtaí a dhéanann cinntí in ann freagrairt ilghníomhaireachta a chomhordú.

Bíonn an tseirbhís freagartha teagmhais ina bhfuil na gníomhaíochtaí ar fad páirteach ar dualgas 24/7/365. Cabhróidh na comharthaí do mhalairtí slí éigeandála chun tionchair aon mhórtheagmhais a mhaolú, ach beidh moilliú fós i gceist.” Seán O’Neill

  • Tá siombailí in áit faoi láthair ó J4 (Baile Munna)–J5 (Fionnghlas), J5 (Fionnghlas) -J6 (Baile Bhlainséir) and J7 (Gleann na Life) - J9 (an Bhó Dhearg). 
  • Sna míonna amach romhainn beidh malairt slí aitheanta ar gach cuid den M50, an J3 (ag pointe coinbhéirsithe an M1) go J17 (ag pointe coinbhéirsithe an M11) san áireamh, seachas J6 (Baile Bhlainséir) go (Gleann na Life) mar nach bhfuil aon bealach oiriúnach ann dó.
  • Baineann gach siombail go sonrach le malairt slí ar leith

Is féidir léarscáil de na malairtí slí a fháil ach na naisc seo a leanúint...

Malairt Slí Ó Thuaidh

Malairt Slí Ó Dheas

Malairtí slí éigeandála a aithint, le go mbeidh rogha ann leis an trácht a scaipeadh más gá an M50 a dhúnadh. Tá comhaontú leis na hÚdaráis Áitiúla ábhartha maidir le hacomhail agus comharthaí breise á thabhairt chun críche faoi láthair agus táthar ag súil go seolfar agus go gcríochnófar na codanna is tábhachtaí faoi dheireadh na bliana.

Úsáidfear comharthaí leictreonacha ar an M50 chun a chur in iúl do thiománaithe nuair a bhíonn malairt slí i bhfeidhm agus cuirfear gach malairt slí in iúl le siombail ar leith le go leanfaidh tiománaithe iad.

" "