Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Comhairliúchán Poiblí

Molann Bonneagar Iompair Éireann (TII) scéim a dhréachtadh don tréimhse 2017-2020, de réir Alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é príomhchuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeadh fáil níos fearr agus caighdeán níos airde ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge.  Is í seo an dara scéim trí bliana agus tagann sí i ndiaidh na scéime don tréimhse 2014-2017, atá ar fáil anseo.
 
Is mian le TII anois aighneachtaí a lorg maidir le hullmhú na dréachtscéime ó aon pháirtí leasmhara. Is féidir aighneachtaí a sheoladh go leictreonach chuig info@tii.ie. Nó is féidir iad a sheoladh chuig:
 
Rialáil agus Riarachán
Bonneagar Iompair Éireann
Ionad Gnó Gheata na Páirce
Sráid Gheata na Páirce
Baile Átha Cliath 8
D08 DK10
 
Ní mór aighneachtaí a bheith faighte faoi 5.00pm ar an 08.05.17.
 
Tá tuilleadh eolais faoin Acht ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaevltachta http://www.ahrrga.gov.ie/gaeltacht/.