Beartas Ionaid Sheirbhísí 2023

FÓGRA COMHAIRLIÚCHÁIN PHOIBLÍ

Tá Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) i mbun a dhoiciméad beartais a nuashonrú faoi láthair maidir le hionaid sheirbhísí a sholáthar ar chodanna mótarbhealaigh agus débhealaigh Cineál 1 den ghréasán bóithre náisiúnta. Chomh maith le limistéir shábháilte stad agus scíthe a sholáthar do thiománaithe, is iondúil go n-áiríonn ionaid sheirbhísí: páirceáil d’Fheithiclí Troma Tráchtála; áiseanna bia, breosla, athluchtaithe agus leithris a sholáthair.

Foilsíodh an Bundoiciméad Beartais Ionaid Sheirbhísí BIÉ (atá ar fáil ag an nasc seo) i 2014; tar éis athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar na gréasáin mhótarbhealaigh agus débhealaigh chun príomhshuíomhanna a aithint ina raibh gá le hionaid sheirbhísí.

Go déanach i 2019, thug BIÉ faoi chomhairliúchán poiblí ar dhoiciméad Beartas Ionaid Sheirbhísí 2014; ag fáiltiú roimh thuairimí ón bpobal i gcoitinne agus páirtithe leasmhara éagsúla ar roinnt téamaí, lena n-áirítear (ach gan a bheith teoranta do):

• Leordhóthanacht an ionaid sheirbhísí ar an ngréasán mótarbhealaigh / débhealaigh;
• Caighdeán na n-áiseanna a chuirtear ar fáil m.sh. roghanna breosla, áiseanna scíthe agus leithris, áiseanna bia agus dí, ag freastal ar riachtanais na gcustaiméirí go léir; agus
• Leordhóthanacht na comharthaíochta do na hionaid sheirbhísí as líne agus ar líne.

Fuarthas roinnt aighneachtaí ó pháirtithe leasmhara éagsúla a thug aiseolas luachmhar. Idir an dá linn, rinneadh roinnt nuashonruithe / breisithe maidir le tírdhreach an bheartais iompair (ar an leibhéal Eorpach agus Náisiúnta). Tá roinnt nuashonruithe beartais iompair an-ábhartha d’ionaid sheirbhísí agus Beartas Ionaid Sheirbhísí, go háirithe maidir le spásáil ionaid sheirbhísí. Dá réir sin, tá an Beartas Ionaid Sheirbhísí nuashonraithe ag BIÉ; ag cur san áireamh na haighneachtaí éagsúla comhairliúcháin phoiblí agus roinnt beartas Náisiúnta agus Eorpach agus rialacháin ghaolmhara. Tá an dréacht-nuashonrú beartais Ionaid Sheirbhísí ullmhaithe agus tá sé ar fáil ag an nasc seo.

Lorgaítear aighneachtaí ón bpobal agus páirtithe leasmhara ábhartha ar an dréacht-nuashonrú beartais Ionaid Sheirbhísí; agus ba chóir “Comhairliúchán ar bheartas Ionaid Sheirbhísí” a mharcáil air. Is féidir an aighneacht a chur ar ríomhphost chuig serviceareapolicy@tii.ie ar nó roimh 5pm Dé hAoine, 25ú Lúnasa 2023.

Nó is féidir aighneachtaí a chur sa phost chuig:
 
Comhairliúchán Ionaid Sheirbhísí
An Rannóg Pleanála Straitéisí & Iompair
Bonneagar Iompair Éireann
Ionad Gnó Gheata na Páirce
Sráid Gheata na Páirce
Baile Átha Cliath 8
D08 DK10
Éire
 
Cosaint Sonraí
Cosaint Sonraí Caithfear le haon fhaisnéis a chuireann tú faoi bhráid BIÉ leis na caighdeáin is airde slándála agus rúndachta, i gcomhréir go docht leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus an tAcht um Chosaint Sonraí 2018. Míníonn ár bhFógra Cosanta Sonraí an fhaisnéis a bhailímid fút, cén úsáid a bhainimid as an bhfaisnéis sin agus cé do ar féidir linn an fhaisnéis a thabhairt. Leagann sé amach do chearta freisin agus cé na daoine ar féidir leat teagmháil a dhéanamh leo le haghaidh tuileadh eolais nó ceisteanna.
Próiseálann BIÉ sonraí pearsanta de réir a Fhógra Cosanta Sonraí.
 
Saoráil Faisnéise agus Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol
Tá BIÉ faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007 go 2018. Beidh aighneachtaí a gheofar mar chuid den chomhairliúchán poiblí seo, dá réir sin, faoi réir fhorálacha an Achta agus na Rialachán.
Trí aighneacht a dhéanamh faoin mbeart comhairliúcháin phoiblí seo, tá tú ag cur in iúl go bhfuil tú ag admháil agus ag toiliú leis an méid thuas.