Beartas Limistéar Seirbhíse BIÉ don Ghréasán Mótarbhealaigh agus Débhealaigh 2023

Beartas Limistéar Seirbhíse BIÉ don Ghréasán Mótarbhealaigh agus Débhealaigh 2023.


D’fhoilsigh Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) an beartas Limistéar Seirbhíse do 2023 le déanaí don ghréasán mótarbhealaigh agus débhealaigh. Tagann beartas 2023 in ionad bheartas na Seirbhíse Mótarbhealaigh 2014 roimhe seo; agus forbraíodh é tar éis comhairliúchán poiblí, a rinneadh i mí Iúil agus Lúnasa 2023.


Nuashonraíodh an beartas chun an méadú suntasach atá tagtha ar limistéir sheirbhíse BIÉ agus limistéir sheirbhíse phríobháidecha feadh na ngréasán mótarbhealaigh agus débhealaigh a léiriú ó 2014 i leith; agus nuashonraíodh é freisin chun teacht le rialacháin reatha agus le beartas iompair lena n-áirítear an Rialachán leasaithe TEN-T agus ceanglais luchtaithe feithiclí leictreacha.

Is féidir teacht ar Bheartas Limistéar Seirbhíse 2023 anseo.