Páirceáil agus Taisteal

Ritheann TII seacht Láithreán Páirceáil agus Taisteal

Cómhalartú Páirceála Gluaisteán agus Rothar agus Iompair Phoiblí

Tá 7 n-áis carrpháirceála Luas ann ina bhfuil breis agus 2,600 spás páirceála. Tá racaí páirceála rothar ann freisin ag tromlach na stadanna Luas.

Páirceáil agus Taisteal

Tá 7 n-áis Páirceála agus Taistil Luas ann, oibríonn Luas 6 cinn agus oibrítear áis amháin eile faoi shocrú ar leith. Cuirtear carrpháirceáil ar fáil sna háiseanna seo do na mílte custaiméirí Luas gach lá a bhaineann gluaisteáin phríobháideacha ó shráideanna Bhaile Átha Cliath agus a laghdaíonn brú tráchta.

Carrchlóis dromchla iad formhór na n-áiseanna Páirceála agus Taistil. Tá 2 charrchlós i bPáirceáil agus Taisteal Stigh Lorgan, atá lonnaithe ar an dá thaobh de Bhóthar Chill Mochuda Uachtarach. Carrchlós ilstórach atá i bPáirceáil agus Taisteal Bhaile Amhlaoibh. Carrchlós ilstórach freisin atá i bPáirceáil agus Taisteal Chrois Thamhlachta Thiar. Tá 2 charrchlós i bPáirceáil agus Taisteal na Bó Deirge, atá lonnaithe ar gach taobh de rianta Luas.

Tá breis agus 2,600 spás páirceála ag áiseanna Páirceála agus Taistil Luas. Ina measc seo tá spásanna tiomnaithe do chustaiméirí a bhfuil Ceadanna Páirceála do Dhuine faoi Mhíchumas acu ag gach ceann de na háiseanna P agus T. Tá Pointí Luchtaithe Gluaisteán Leictreach ag 3 láthair: Carraig Mhaighin, Áth an Ghainimh agus Stigh Lorgan

Láithreáin Páirceáil agus Taisteal

Líne
Suíomh
Spásanna
Cuntas
An Líne Dhearg
Baile an tSíbhrigh
312

Carrchlós dromchla

An Líne Dhearg
An Bhó Dhearg
727

Carrchlós dromchla

An Líne Uaine

Carraig Mhaighin

352

Carrchlós dromchla

 (Sealadach)
An Líne Uaine

Áth an Ghainimh

47

Carrchlós dromchla

An Líne Uaine

Stigh Lorgan

2
147

Carrchlós dromchla

An Líne Uaine
 

Stigh Lorgan

1
194

Carrchlós dromchla

An Líne Uaine
Baile Amhlaoibh
421

Carrchlós ilstórach a chomhroinntear le páirceáil phríobháideach.

Iomlán na Spásanna
 
2,200
 

Tá a thuilleadh eolais ag suíomh gréasáin Luas

Páirceáil Rothar

Spreagann Luas úsáid chomhtháite a bhaint as rothair agus tramanna i mBaile Átha Cliath. Bealach áisiúil, tapa agus inbhuanaithe le taisteal timpeall Bhaile Átha Cliath iad aistir chomhtháite rothair agus tramanna. Tá racaí Páirceála Rothar ag tromlach na stadanna Luas.

 

Cliceáil anseo le teacht ar eolas breise faoi pháirceáil rothar Luas ar shuíomh gréasáin Luas.