Líne Dhearg agus Líne Uaine

Tá dhá líne ar ghréasán Luas, an Líne Dhearg agus an Líne Uaine.

An Líne Dhearg

Ritheann an Líne Dhearg ó Thamhlacht, in iardheisceart Bhaile Átha Cliath, tríd lár na cathrach go dtí an tIosta i ndugthailte Bhaile Átha Cliath. Tá dhá speir ar an líne, speir ghearr a théann ó stop Bhusárais chun freastal ar Stáisiún Uí Chonghaile agus speir a imíonn ón líne gar do Bhaile an Chócaigh agus Teach Sagard.


Is líne dériain í atá 20.5km ar fhaid. Tá páirteanna den líne iomlán scartha ó chineáil eile tráchta, agus tá an chuid is mó dá bhfuil fágtha lonnaithe ar cheart slí neamhspleách in aice agus comhthreomhar leis an mbóthar le colbha agus marcanna bóthair eatarthu. Úsáideann cineáil eile tráchta codanna den líne freisin, coisithe san áireamh.


Tá 32 stad ar an Líne Dhearg. Tá áiseanna Páirceáil agus Taisteal ag trí cinn de na stadanna seo. Baile an tSíbhrigh, an Bhó Dhearg agus Crois Thamhlachta. Tá iosta na Líne Deirge agus an lárionad oibríochta lonnaithe ag an mBó Dhearg.

An Líne Uaine.

Ritheann an Líne Uaine ó Ghleann Bhríde in oirdheisceart Bhaile Átha Cliath go dtí Faiche Stiabhna i ndeisceart lár na cathrach. Is líne dériain í atá 16.3km ar fhaid. Tá an chuid is mó den líne seo deighilte ó chineáil eile tráchta. Tá thart ar 1km den líne ar cheart slí leithscartha ar bhóithre poiblí.  Don chuid is mó, is nuair a thrasnaíonn an iarnród éadrom an carrbhealach ag acomhail a tharlaíonn sé go mbíonn an dá chineál trácht ann.


Tá 22 stad ar seirbhís ar an Líne Uaine faoi láthair agus tá 2 stad a d'fhéadfaí a chur ar seirbhís amach anseo nuair a dhéanfar an ceantar a fhorbairt.  Tá áiseanna Pháirceáil agus Taisteal ag ceithre cinn de na stadanna seo. Carraig Mhaighin, Áth an Ghainimh, Baile Amhlaoibh. Tá iosta agus oifigí na Líne Uaine lonnaithe in Áth an Ghainimh.

Síntí ar an Luas

Tosaíodh seirbhísí paisinéara ar Líne Uaine den Luas, ó Áth an Ghainimh go Faiche Stiabhna, Dé Céadaoin 30ú Meitheamh 2004. Tosaíodh seirbhísí paisinéara ar Líne Dearg den Luas, ó Thamhlacht go Stáisiún Uí Chonghaile, Dé Máirt 28ú Meán Fómhair 2004. Ó 2009, thairbhigh líonra an Luas ó ceithre shíntí a cuireadh ar a línte.


Tosaíodh seirbhísí paisinéara ar síneadh soir an Líne Dearg i lár Bhaile Átha Cliath, ó Busáras go Iosta na Rinne, Dé Máirt 8ú Nollaig 2009. 


Tosaíodh seirbhísí paisinéara ar síneadh an Líne Uaine soir ó dheas ó Bhaile Átha Cliath, ó Áth an Ghainimh go Gleann Bhríde, Dé Sathairn 10ú Deireadh Fómhair 2010. 


Tosaíodh seirbhísí paisinéara ar síneadh an Líne Dearg siar ó dheas ó Bhaile Átha Cliath, ó Belgard go Teach Sagard, Dé Sathairn 2ú Iúil 2011. 


Tosaíodh seirbhísí paisinéara ar síneadh an Líne Uaine siar ó thuaidh ó lár Bhaile Átha Cliath, ó Fhaiche Stiabhna go Droichead Broome, Dé Sathairn 9ú Nollaig 2017. 


Tá BIÉ freagrach as forbairt agus tógáil línte iarnróid éadroma nua. Chomh maith le sin, déanann BIÉ maoirseacht ar oibríocht laethúil Oibritheoir Luas le cinntiú go gcomhlíontar comhaontuithe maidir le páirceáil agus taisteal, páirceáil rothar, agus áiseanna idirmhalartaithe.


Cliceáil anseo le haghaigh tuilleadh eolais faoi seirbhísí paisinéara ar suíomh gréasáin an Luas.