Comharthaí agus Acomhail

Mar a phléann Luas leis an ngréasán agus le húsáideoirí eile bóithre.

Comharthaíocht Líne

Dearadh an Luas chun feidhmiú ar bhonn "amharclíne". Tá smacht ag an tiománaí air agus tá sé freagach as an idirghníomhaíocht leis an ngréasán agus le húsáideoirí eile bóthair.  Seachnáitear leis an gcóras seo an gá le córais chasta chomharthaíochta mar a úsáidtear ar ghréasáin iarnróid throim. Riachtanas is ea é feidhmiú ar bhonn amharclíne toisc nach gréasán iomlán scartha é Luas. Áirítear i dtrealamh an chórais chomharthaíochta líne gléasra comharthaíochta iarnróid agus bóthair, trealamh rialaithe agus oibríochta ladhróg, agus trealamh brath roghnaíoch feithiclí.

Comharthaí Tráchta agus Acomhal

Téann Luas tríd limistéir riaracháin Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath,  Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin. Ag acomhail bhóithre rialaithe le comharthaí déanann an tUathchóras Aimsithe Feithiclí (“AVLS”) comhéadan leis an rialaitheoir trácht bóithre chun leibhéal áirithe tosaíochta a thabhairt do thramanna.

Leibhéil tosaíochta

Go ginearálta tugtar leibhéal ard tosaíochta do thramanna ag gach acomhal ar an gCóras ach an chéim reatha tráchta (céimeanna) a chríochnú a luaithe a bhraitear tram ag teacht go dtí an t-acomhal. Ag acomhail áirithe, a bhfuil tábhacht straitéiseach don ghréasán bóithre leo, e.g. Sráid Uí Chonaill Íochtarach / Sráid na Mainistreach agus Sráid an Stórais / Sráid Amiens, laghdaítear ar an leibhéal tosaíochta a thugtar do thramanna ag tréimhsí éagsúla i rith an lae. I gcásanna dá leithéid is féidir le tramanna feidhmiú ag tosaíocht mheánach, nuair go mb'fhéidir go mbeadh ar an tram fanacht go gcríochnódh céim reatha tráchta, agus tosaíocht íseal, nuair a bheadh ar an tram fanacht go dtiocfadh céim an traim sa tsraith.

Má tá ceist agat faoi oibríochtaí an Luas nach bhfreagraítear anseo, tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin an Luas, nó is féidir ríomhphost a sheoladh chuig info@luas.ie.