Tionscadail & Feabhsúcháin

Ó láinseáladh é, cuireadh feabhas leanúnach ar Luas chun seirbhísí níos fearr a thabhairt dá phaisinéirí.

" "

Ó cuireadh tús leis an tseirbhís in 2004, críochnaíodh trí shíneadh leis na línte Luas a bhí ann chean féin. Ba iad sin:

  • Síneadh Líne Dhearg Luas Iarthar na Cathrach - Nollaig 2009
  • Síneadh Líne Uaine Luas Choill na Silíní - Deireadh Fómhair 2010
  • Síneadh Líne Dhearg Luas Cheantar na nDugaí - Iúil 2011
  • Síneadh Líne Uaine Luas Traschathrach - Nollaig 2017

Tá 67 stad agus fad 42.1 ciliméadar (26.2 míle) de rianta seirbhíse ag an gcóras faoi láthair

 

Cumas Breise na Líne Deirge & Síneadh Iosta na Bó Deirge

Lainseáladh Luas sa bhliain 2004 le 40 tram: ceithre thram déag 40m ar fhaid ar Líne Ghlas Luas bunaithe in Iosta Átha an Ghainimh agus fiche sé thram 30m ar fhaid ar Líne Dhearg Luas bunaithe in Iosta na Bó Deirge. 


Theastaigh ón nGníomhaireacht um Fháil Iarnród an líon áiteanna do phaisinéirí a mhéadú trí na 26 Citadis 301 a bhí acu a athchóiriú ina 26 Citadis 401. Theastaigh Carr Idirmheánach Leictreach (MIC) agus Carr Croctha (CS) le haghaidh gach feithicle, b'in uasghrádú ó thramanna trí mhódúl go tramanna cúig mhódúl. Cuireadh a thuilleadh le líon na n-áiteanna do phaisinéirí ar na tramanna seo nuair a feistíodh Barraí Ladhracha (Spider Bars) do phaisinéirí atá ina seasamh i lár an charáiste agus suíocháin fillte breise.


I mí na Nollag 2005 cheadaigh an Roinn Iompair an €41m de mhaoiniú a bhí ag teastáil agus gheall an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród go ndéanfaí athchóiriú go feithicil níos faide gach dhá sheachtain go leith. De réir a chéile tógadh tram amháin as seirbhís agus cuireadh síneadh leis.  Chlúdaigh an maoiniú an costas a ghabh le síneadh a chur le hIosta na Bó Deirge agus lánaí stáblaíochta chun slí a thabhairt don bhflít nuashínithe 40 méadar. Tosaíodh ar síneadh a chur le Tramanna na Líne Deirge i mí Feabhra 2007 agus críochnaíodh in am é laistigh dá bhuiséad i mí na Bealtaine 2008.

Tramanna Breise

Ar an 31 Márta 2007 chuaigh an Ghníomhaireacht i gconradh €51m le haghaidh 18 bhfeithicil breise Luas. Tar éis don Bhord Pleanála Ordú um Iarnród a dheonú do luas Iarthar na Cathrach (Líne A1), mhéadaigh an Ghníomhaireacht ar an ordú bunaidh go dtí 26 tram tar éis dóibh 8 gcinn eile a chur leis ar chostas breise de €22m. Ceannaíodh na tramanna seo lena chinntiú go gcoinneodh an Ghníomhaireacht an mhinicíocht seirbhíse chéanna, bunaithe ar an gclár ama, ar an Líne Dhearg agus ar an Líne Ghlas araon. Tar éis don 26 thram nua a bheith curtha le flít Luas tá líon iomlán tramanna de 66.

Feabhsú Toillte Luas Traschathrach agus Líne Uaine Luas (GLCE)

Chun freastal ar an mborradh ar éileamh paisinéirí sula n-osclófar Luas Traschathrach go Droichead Broome, fuarthas seacht dtram bhreise Alstom Citadis de shaghas 502. Tá na feithiclí 55m ar fad agus is féidir leo breis agus 400 paisinéir a iompar.

De réir mar a tháinig méadú ar an mborradh ar phaisinéirí ar an Líne Uaine, thug TII faoi thoilleadh foriomlán fhlít na Líne Uaine a mhéadú trí thús a chur le tionscadal Feabhsaithe Toillte na Líne Uaine (GLCE). Ba éard a bhí i gceist leis seo ná ocht dtram úrnua 55m a fháil chomh maith le síneadh nach mór 30% a chur le fiche a sé tram a bhí ann cheana féin chun go sásóidís sonraíocht feithicle 55m. Bhí an dá thionscadal feithiclí seo ar siúl i gcomhthráth le hobair a tosaíodh le síneadh a chur leis an gcéad cheann de na fiche a sé Alstom Citadis 402 i mBealtaine 2019. D’iontráil na síntí uile ar fheithiclí chomh maith leis na hocht bhfeithicil úrnua an tseirbhís faoi Mhárta 2021. Méadaíonn seo líon iomlán na dtramanna i bhflít Luas aníos go hochtó a haon.