Cothabháil Bóithre

" "

Tá iomlán de 5,415km de bhóithre ar an nGréasán Bóithre Náisiúnta. Tá 2,739km de Phríomhbhóithre Náisiúnta agus 2,676km de Bhóithre Náisiúnta den Dara Grád. Tá uimhreacha curtha leis na Príomhbhóithre Náisiúnta ó M1 go M50 agus Bóithre Náisiúnta den Dara Grád ó N51 go N87.

Tá na stráicí Mótarbhealaigh/Débhealaigh ar fad iomlán 1,210km (916km de Mhótarbhealach agus 294km de Dhébhealach) sa ghréasán bóithre náisiúnta. Déantar cothabháil ar 328km díobh siúd faoi Chomhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí (CPP) agus ar 588km díobh go díreach ag an Údarás um Bóithre Náisiúnta trí Chonarthaí Cothabhála Mótarbhealaigh agus Athnuachaintí (MMaRC), agus déantar cothabháil ar an bhfad eile 294km trí údaráis áitiúla.

Gnéithe tábhachtacha de chothabháil mótarbhealaí agus débhealaí

  • Bunaíodh Líne Chabhrach Seirbhíse Mótarbhealaigh chun cabhrú le húsáideoirí bóithre a bhfuil fadhb acu nó a dteastaíonn uathu eachtra ar an Mótarbhealach a thuairisciú. Téann gach glao go dtí Lárionad Rialaithe Trácht Mótarbhealaigh agus is é 0818 715 100 an uimhir nó déan teagmháil ar ríomhphost le info@mtcc.ie.
  • Tá 200 post cruthaithe leis an gclár náisiúnta seirbhísí mótarbhealaigh seo do sholáthraithe seirbhísí.
  • Tá deich n-iosta cothabhála lonnaithe go straitéiseach timpeall na tíre i mBaile Átha Luain, Baile Brigín, An Chathair, Corcaigh, Baile Átha Cliath, Inis, Cill Chainnigh, Cionn Átha Gad, An tAonach, Port Laoise.
  • I dtrí cinn de na hiostaí seo (Inis, Cionn Átha Gad agus Baile Brigín) tá áiseanna stórála le haghaidh 50,000 tonna salainn ar féidir a dháileadh go héifeachtúil timpeall na tíre chun cur leis an soláthar atá cheana féin ag na hÚdaráis Áitiúla i gcás práinne.

I measc na seirbhísí cothabhála tá:

  • Cigireachtaí agus cothabháil rialta ar an tsócmhainn, lena n-áirítear pábháil, draenáil, struchtúir, droichid, comharthaí agus bacainní sábháilteachta.
  • Freagairt d’eachtraí ar an ngréasán, lena n-áirítear éigeandálaí agus deisiúcháin ar stráicí den ghréasán a bhfuil damáiste déanta dóibh.
  • Freagra ar aimsir ghéar & seirbhís cothabhála geimhridh.
  • Sonraí sócmhainne a bhailiú agus a bhainistiú laistigh de chóras bainistithe fardail.
  • Oibreacha feabhsúcháin, athshlánaithe agus athnuachana a chur ar bun.

Bristear an tír i dtrí réigiún ar leith:

Tá an chéad réigiún (Gréasán A) faoi bhainistíocht Globalvia Jons Ltd. Áirítear mórcheantar Bhaile Átha Cliath sa réigiún seo atá thart ar 160km ar fhad agus tá stráicí den N/M1, N/M2, N/M3, N/M4, N/M7, M9 agus den N/M11 ann. Má tá breis eolais uait déan teagmháil le: info@globalviajons.ie

Tá an dara réigiún (Gréasán B) faoi bhainistíocht Colas Roadbridge Joint Venture Ltd. Clúdaíonn sé Lár/Iarthar na tíre le thart ar 256km de dhébhealaí agus stráicí den N/M4, N/M6, M7, N/M18, N19, M20 agus den N85. Má tá breis eolais uait déan teagmháil le: info@crjv.ie

Tá an tríú réigiún (Gréasán C) faoi bhainistíocht Egis Lagan Services Ltd. Clúdaíonn sé an Deisceart agus an tOirdheisceart agus fad thart ar 328km agus stráicí den M7, M8, M9, N10, N20, N22, N24, N25, N28 agus den N40. Má tá breis eolais uait déan teagmháil le: info@egislagan.ie

Tugtar le chéile sonraí ar staid an bhóthair agus faisnéis a fhaightear ó chuairteanna ar na láithreáin a dhéanann cigirí bóithre chun tosaíochtaí do mhaoiniú cothabhála a aithint. Scaiptear an fhaisnéis i measc údaráis bóithre chun go mbeidh siad in ann cláir chothabhála a phleanáil roimh ré.

Oibreacha bóthair ar an mótarbhealach: Ná tiomáin riamh i lána dúnta

Féach ar an bhfíseán gearr seo ina dtaispeántar an méid atá le déanamh má dúnadh lána romhat ar an mótarbhealach mar gheall ar oibreacha bóthair.

Comharthaíocht Neamhúdaraithe agus Sábháilteacht

Sanntar do TII faoi Alt 17 (1) d’Acht na mBóithre, an dualgas ginearálta a bhaineann le gréasán bóithre náisiúnta sábháilte a sholáthar.

Tá baint lárnach ag sábháilteacht na n-úsáideoirí bóithre go léir ar an ngréasán bóithre náisiúnta i bhfeidhmeanna agus gníomhaíochtaí TII. Tagann póstaeir, meirgí, etc. a chur in airde feadh agus in aice an mhótarbhealaigh/stráicí ardluais an débhealaigh ar an ngréasán salach ar an gcuspóir sin.

 

Cliceáil anseo chun teacht ar eolas breise.