Sonraí Áirimh Tráchta

Tugann áiritheoirí tráchta faisnéis ar an líon tráchta san uair an choig de réir aicme feithicle i.e. gluaisrothar, carr, feithiclí earraí sainithe de réir líon acastóirí etc. le suas le dhá aicme dhéag d’fheithiclí aitheanta.

Braitear na feithiclí ag gabháil thar na lúib atá leabaithe i ndromchla an bhóthair. Is féidir próifíl na bhfeithiclí agus na n-aicmí éagsúla feithicle a fháil amach ó na sonraí a bhailítear.

Cliceáil anseo chun féachaint ar ár Sonraí Áirimh Tráchta agus ár nAnailís i rith srianta Covid.

Suíomh Gréasáin Sonraí Áiritheoirí Tráchta

Bíonn éileamh leanúnach ar fhaisnéis ar shruthanna tráchta ar ghréasán TII. Áirítear leis seo údaráis áitiúla agus sainchomhairleoirí innealtóireachta atá i mbun staidéir maidir le moltaí forbartha, leasa gnó príobháideacha agus baill den phobal. Bunaíodh ár suíomh gréasáin Sonraí Áirimh Tráchta  chun freastal ar an éileamh ar an bhfaisnéis seo.

Tabhair cuairt ar ár Suíomh Gréasáin Sonraí Áiritheoirí Tráchta

Féach ar Fhaisnéis Stairiúil Sonraí Áirimh Tráchta:

Má tá aon eolas eile uait ar Shonraí Áirimh Tráchta seol ríomhphost go datainfo@tii.ie

 

Séanadh

Chuaigh TII i mbun clár tábhachtach feabhsúcháin ar an gcóras Áiritheóirí Tráchta le déanaí. Tá líon na láithreán Áiritheoirí Tráchta ar an ngréasán dúbailte agus suiteáladh fearas nua ar na láithreáin a bhí ann cheana. Táthar i mbun an fhearais nua a thástáil agus na sonraí atá bailithe a fhíorú faoi láthair. Go dtí go gcríochnófar an próiseas ba cheart go dtuigfeadh úsáideoirí go bhféadfadh aimhrialtachtaí a bheith ar an gcóras agus nach féidir gealltanas a thabhairt maidir le cruinneas na faisnéise atá ann don bhliain seo. De réir sceidil ba cheart go mbeadh an próiseas tástála críochnaithe go luath.