Comhpháirtíochtaí Príobháideach Phoiblí

Comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí (CPP) is ea socrú idir údarás poiblí agus comhpháirtí príobháideach atá deartha chun tionscadal agus seirbhís bonneagair phoiblí a sheachadadh faoi chonradh fadtéarmach. Faoin gconradh seo, bíonn an comhpháirtí príobháideach freagrach as rioscaí suntasacha agus freagrachtaí bainistíochta. Is iondúil go mbíonn tionscadail CPP maoinithe agus tógtha ag an gcomhpháirtí príobháideach tionscadail, agus ina dhiaidh sin cuirtear iad ar fáil d'úsáid poiblí agus íocann an Stát agus/nó úsáideoirí astu thar thréimhse fhada (25-35 bliain de ghnáth). Ina dhiaidh sin, tagann an tsócmhainn i seilbh an Stáit.

Tá cúig chonradh CPP déag déanta ag BIÉ, ina bhfuil ocht Scéim CPP Lamháltas Dola, cúig CPP Dearaidh Tógála Maoinithe Oibrithe Cothabhála (DTMOC) agus dhá CPP Ionad Seirbhíse Mótarbhealaigh. Bíonn Scéim CPP Lamháltas Dola maoinithe go páirteach nó go hiomlán ag an earnáil phríobháideach agus íoctar iad trí táillí ar úsáideoirí (dolaí) agus íocaíochtaí ó BIÉ. Bíonn CPP DTMOC maoinithe ag an earnáil phríobhaideach agus íoctar le híocaíochtaí ó BIÉ (ar a dtugtar íocaíochtaí infhaighteachta nó íocaíochtaí aonadacha).

Cuireann an tábla thíos sonraí breise ar Scéimeanna CPP ag BIÉ ar fáil. Tá faisnéis airgeadais ar Scéimeanna CPP, lena n-áirítear meastacháin ar íocaíochtaí bliantúla sa todhchaí, ar fáil ón Lár-Aonad CPP ar shuíomh gréasáin an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Déanann Conarthaí CPP M3 Cluain Aodha-Ceanannas agus N18 Tollán Luimnigh socrú le haghaidh Íocaíochtaí Oibríochtaí Athraitheacha (ÍOA) dá ngairtear “íocaíochtaí ráthaíochta tráchta” freisin. Tá an sásra comhroinnte riosca ÍOA uathúil don dá chonradh CPP Lamháltas Dola seo, a éiríonn i gcás nach sroiceann líon tráchta an tairseach tráchta atá sonraithe sna conarthaí CPP faoi seach. Tá eolas breise ar an sásra ÍOA ar fáil anseo.

Éilíonn an Cód Caiteachais Phoiblí go ndéantar athbhreithniú iarthionscadail i gcás gach tionscadal infheistíochta poiblí ar mhórscála. Bíonn athbhreithnithe mar sin déanta roinnt blianta i ndiaidh oscailt an tionscadail. Tá Athbhreithnithe Iarthionscadail CPP BIÉ críochnaithe ar fáil anseo. 

SCÉIMEANNA CPP LAMHÁLTAS DOLA

SCÉIMCUR SÍOS OIBRÍOCHTAÍ TOSAITHEDÁMHACHTAIN CONARTHA/ÉAGEOLAS BREISE
M4/M6 Cill Choca-Cionn Átha Gad Mótarbhealach 40km 2005 2003/2033 M4/M6 Cill Choca-Cionn Átha Gad
M1 Seachbhóthar Iarthar Dhún Dealgan Mótarbhealach 11km ⁊ O⁊C mótarbhealach 42km láithreach le droichead staghcháblaí 361m 2004 2004/2034 M1 Seachbhóthar Iarthar Dhún Dealgan

M8 Ráth Chormaic/Mainistir Fhear Maí

Mótarbhealach nua 18km le tarbhealach 450m  2006 2004/2034 M8 Rath Chormac/Mainistir Fhear Maí
N25 Seachbhóthar Chathair Phort Láirge Débhealach 23km le droichead staghcháblaí 475m 2010 2006/2036 N25 Seachbhóthar Chathair Phort Láirge
N18 Tollán Luimnigh Débhealach 10km le tollán báite 900m 2010 2006/2041 N18 Tollán Luimnigh
M3 Cluain Aodha/Ceanannas Mótarbhealach 50km ⁊ débhealach 10 km 2010 2007/2052 M3 Cluain Aodha/Ceanannas

M6 Gaillimh/Béal Átha na Sluaighe

Mótarbhealach 56km
2010 2007/2037 M6 Gaillimh/Béal Átha na Sluaighe

M7/M8 Port Laoise/an Chúlchoill

Mótarbhealach 40km 2010 2007/2037 M7/M8 Port Laoise/an Chúlchoill

SCÉIMEANNA CPP DEARAIDH TÓGÁLA MAOINITHE OIBRITHE COTHABHÁLA (DTMOC)

SCÉIMCUR SÍOSOIBRÍOCHTAÍ TOSAITHEDÁMHACHTAIN CONARTHA/ÉAGEOLAS BREISE
Uasghrádú M50 Uasghrádú mótarbhealaigh 25km ó 2+2 go 3+3, Uasghráduithe Acomhal agus soláthar lánaí cúnta / O⁊M 10km láithreach 2007 2007/2042 (35 téarma bliana)  Uasghrádú M50
N7/N11 An tInbhear Mór/Ráth Naoi (lena n-áirítear Crois an Fhearainn Nua) Mótarbhealach 16km nua-thógtha / Uasghrádú Chrois an Fhearainn Nua ⁊ O⁊M 10km den N/M11 láithreach 2013 2013 / 2040 (25 bliain i ndiaidh oscailt an M11 nuathógtha) N7/N11 An tInbhear Mór/Ráth Naoi (lena n-áirítear Crois an Fhearainn Nua)
N17/N18 An Gort/Tuaim Mótarbhealach 57km 2017 2014 / 2042 (25 bliain i ndiaidh oscailte) N17/N18 An Gort/Tuaim
M11 Guaire/Inis Córthaidh Mótarbhealach 27km 2019 2015/ 2044 (25 bliain i ndiaidh oscailte)  M11 Guaire/Inis Córthaidh
N25 Seachbhóthar Ros Mhic Thriúin Débhealach 14.6km le droichead 900m R3 2019 (meas) 2016 / 2045 (25 bliain i ndiaidh oscailte) N25 Seachbhóthar Ros Mhic Thriúin

SCÉIMEANNA CPP IONAD SEIRBHÍSE MÓTARBHEALAIGH

SCÉIMCUR SÍOS OIBRÍOCHTAÍ TOSAITHEDÁMHACHTAIN CONARTHA / ÉAGEOLAS BREISE
Ionaid Seirbhíse Mótarbhealaigh – Sciar 1 3 Ionaid Seirbhíse Mótarbhealaigh atá lonnaithe ar an M1 i mBaile an Ghearlánaigh agus Lusca, agus ar an M4 ar an mBóthar Buí 2010 2009/2034 Ionaid Seirbhíse Mótarbhealaigh - Sciar 1
Ionaid Seirbhíse Mótarbhealaigh – Sciar 2 3 Ionaid Seirbhíse Mótarbhealaigh atá lonnaithe ar an M6 i mBaile Átha Luain, ar an M9 i gCill Chuillinn, agus ar an M11 i nGuaire 2019 (oscailt chéimnithe thar trí shuíomh). 2018/2043 Ionaid Seirbhíse Mótarbhealaigh - Sciar 2