Closleabhair

Le blianta beaga anuas, lorg Seandálaíocht agus Oidhreacht TII le fairsingiú a dhéanamh ar na modhanna éagsúla a úsáideann sé le torthaí imscrúduithe seandálaíochta ar scéimeanna bóthair agus iarnróid éadroim a chur in iúl don phobal i gcoitinne. Sraith closleabhair a sainchoimisiúnaíodh a chuir Abarta Heritage le chéile atá san fhoirm is nua de scaipeadh lenar ghlac TII. Is féidir teacht ar na closleabhair seo trí shuíomh gréasáin Abarta Heritage nó trí leathanach Soundcloud, agus is féidir iad a íoslódáil saor in aisce.

Nóta: lena cheadú ábhar ilmheán a úsáid agus teacht, dár bharr, ar an ábhar uile ar an leathanach gréasáin seo, beidh ort do thoiliú d’fhianáin a nuashonrú chun glacadh leis na fianáin go léir.

Eadarchluain: Cosán faoin Móin

Thángthas ar na cosáin ársa ag Eadarchluain, Contae an Longfoirt i rith ard-imscrúduithe seandálaíochta do Sheachbhóthar an N4 ó Dhromad go Rúscaigh in 2006. Gabhann an stráice sách gearr seo 10 gciliméadar de dhébhealach trí thírdhreach atá cruthaithe ag uisce. Tá droimníní a bhfuil lochanna beaga ina measc ag a bhun thuaidh, agus tá déanann a bhun thuaidh taobh le himill bhogaigh bhoga Abhainn na Sionainne, atá i ngar. Rinne seandálaithe ó CRDS Ltd tochailt ar 14 láithreán feadh an bhealaigh seo, thar ceann Oifig Réigiúnach Bóithre Náisiúnta Ros Comáin agus TII, a ghabhann siar go tréimhse idir an tréimhse Neoiliteach agus an Nua-Aois Luath.

Insítear sa chlosleabhar seo, a chuir Abarta Heritage le chéile thar ceann TII, scéal na láithreán a tochlaíodh in Eadarchluain agus sa bhaile fearainn, Tuaim Uisce, taobh leis i gContae an Longfoirt. Scéal é seo faoi bhealaí níos sine a ghabh tríd an tírdhreach seo agus faoina n-aimsiú in 2006. Scéal é faoi thógáil, taisteal, deasghnátha, ceardaíocht agus aimsiú ach tá baint lárnach ag an tírdhreach a chrioslaíonn é le gach gné.

Cuireann an leibhéal caomhnaithe ag láithreáin bhogaigh cosúil le hEadarchluain go leor deiseanna ar fáil nach dtagtar orthu ar láithreáin tirimthalún, mar sin, tabharfar tús eolais sa chlosleabhar seo duit ar roinnt de na seandálaithe agus na speisialtóirí a n-insítear an scéal faoi Eadarchluain, an áit, a thimpeallacht agus na daoine a ghabh tríd fada ó shin, ina gcuid obair agus a léargas mionchúiseach.

Scríobh Sharon Greene agus Neil Jackman le Abarta Heritage an closleabhar seo, le Caitríona Moore, an Dr Nora Bermingham, an Dr Ingelise Stuijts, an Dr Gill Plunkett, Conor McDermott agus Orlaith Egan. Ba mhaith linn a aithint freisin an rannchuidiú ollmhór a thug an Dr Eileen Reilly, nach maireann, don tionscadal. Rinne Gerry O’Brien tráchtaireacht don chlosleabhar seo. Rinneadh taifeadadh air ag Bluebird Studios agus bhí an t-innealtóir fuaime Declan Lonergan agus an léiritheoir Neil Jackman bainteach ann.

Is féidir teacht ar shonraí breise ar thochailtí Eadarchluana sa leabhar Between the Meadows le Caitríona Moore. Maidir leis na tuairiscí mionsonraithe ar gach ceann de na tochailtí ar Sheachbhóthar an N4 ó Dhromad go Rúscaigh, caith súil ar Bhailiúcháin Dhigiteacha Oidhreachta TII i dTaisclann Dhigiteach na hÉireann.

The Unsilent Stones

Tá aisteoirí iontacha Éireannacha sa chlosleabhar The Unsilent Stones agus scéalta ficseanaithe á n-insint acu a bhaineann le heispéiris iad siúd a cuireadh i Reilig Mhainistir Bhaile Átha Luain. Tá an reilig suite ar phaiste de thalamh thirim díreach lastoir d’Abhainn na Sionainne, agus tá sí suite i ngar do Gheata Thuaidh Bhaile Átha Luain. Bhíodh an áit seo ag féachaint amach ar chuan beag agus ar chalafort ar an abhainn tráth den saol. Tugadh an t-ainm ar an reilig de bharr Séipéal Mainistreach Proinsiasaí a bhí á thógáil anseo go déanach sna 1600idí. Tá sé ann go fóill inniu, ach níor críochnaíodh riamh é – stopadh na hoibreacha nuair a thit cogadh tubaisteach amach i mBaile Átha Luain in 1690 agus 1691. Cé go ngabhann an chuid is mó den mhéid atá ann inniu siar go dtí an 17ú haois, táthar nach mór cinnte go mbíodh gníomhaíocht reiligiúnach ar siúl ar an suíomh seo i bhfad roimhe sin. Thángthas ar cheithre leac chrosghreanta LuathChríostaí anseo, a thugann le fios go bhféadfadh go mbíodh suíomh tábhachtach luath séipéil anseo breis agus 1,000 bliain ó shin. D’fhéadfadh go mbíodh an chéad Mhainistir Phroinsiasach anseo freisin, a bunaíodh i mBaile Átha Luain i rith an 13ú haois.

Ach in ainneoin an bhunúis fhéideartha luaith seo, gabhann tromlach na leac uaighe infheicthe siar go dtí an 18ú agus an 19ú haois. Tá fíorbheagán díobh fós ina mbunsuíomh, tar éis gur bogadh iad chuig a láithreacha reatha in 1984. Ar ámharaí an tsaoil, chuir Hazel Ryan na clocha cinn go léir agus a ninscríbhinní i dtaifead sula ndearnadh iad a athlonnú. Spreagann na clocha cinn seo go leor scéalta, agus tá trácht ar ríthe ón 8ú haois, bráithre meánaoiseacha, óstóirí agus garraíodóirí, anuas ar scéalta níos tubaistí faoi chogadh, bochtaineacht agus éagóir.

Cuireadh an closleabhar seo le chéile i gcomhar le TII, a choimisiúnaigh an saothar seo mar gheall go bhfuil an reilig ar bhealach an Rotharbhealaigh agus an Chosáin Chomhroinnte ó Charraig an Chaisleáin go Muiríne Bhaile Átha Luain, atá mar chuid den Rotharbhealach Náisiúnta a nascann Gaillimh agus Baile Átha Cliath. Rinne an Dr Damian Shiels agus Neil Jackman an script a sholáthar don chlosleabhar, agus déanann Sharon Mannion, Sarah Jane Scott, Paula Rouse, Garry Mountaine, Malachy McKenna agus Fionn Foley an tráchtaireacht dó. Rinneadh taifeadadh air ag Bluebird Studios i gCill Dara agus bhí an t-innealtóir fuaime Declan Lonergan agus an léiritheoir Róisín Burke bainteach ann. Tá buíochas ar leith ag dul don staraí Gearóid O’Brien agus do Hazel Ryan, a rinne taifeadadh ar na tras-scríbhinní agus ar na clocha cinn bunúla sa reilig i rith na 1980idí. Gabhaimid buíochas chomh maith leis na hinnealtóirí tionscadail, Michael Kelly agus Darren Fulham ag Comhairle Contae na hIarmhí, an Oifig Bóithre Náisiúnta

Píosa de thaifeadadh den Vacant Chair le sorcóir céarach leis an gceoltóir cáiliúil Patrick Sarsfield Gilmore – ar a dtugtar ‘Athair an Bhanna Ceolchoirme Mheiriceánaigh’, atá sa cheol sa réamhrá agus sa chonclúid. Rugadh é i mBéal Átha Ghártha, Contae na Gaillimhe in 1829, agus thosaigh a oideachas foirmiúil ceoil i mBaile Átha Luain,

 

Cover of Archaeological Discoveries around the Bay of Dundalk audio guide

Iarsmaí Seandálaíochta a aimsíodh timpeall ar Chuan Dhún Dealgan

Rinne seandálaithe ó Irish Archaeological Consultancy Ltd agus Aegis Archaeology Ltd tochailt ar 34 láithreán a ghabhann siar go dtí tráth idir an tréimhse Neoiliteach agus an 19ú haois i rith oibreacha sular tógadh Seachbhóthar Dhún Dealgan an M1. Tá ár scéalta ceangailte feadh ceann de na bealaí is mó in Éirinn. Ba anseo a tháinig taistealaithe ar an mbóthar ó thuaidh, agus ba anseo a rinne Cú Chulainn scrios ar airm na Banríona Maedhbh, de réir na bhfinscéalta. Tá na fíorscéalta seandálaíochta chomh suimiúil céanna leis na scéalta miotaseolaíocha. Cuirtear tús lenár scéal leis na chéad fheirmeoirí ar an oileán, a rinne an ithir timpeall ar an gCuan a shaothrú agus a threabhadh beagnach sé mhíle bliain ó shin. De réir mar a threabhaimid ar aghaidh, tiocfaimid ar dhaoine a rinne iontas de theacht an mhiotail ar an saol, agus fiosraímid na domhain réamhstairiúla a thóg siad dá mairbh. Taistealóimid faoin talamh leis na daoine beo agus tearmann á lorg acu ó chreachairí bradacha, agus seasaimid ar mhúrtha cosanta taobh le saighdiúirí critheaglacha agus iad ag faire amach ar arm Albanach ag teacht faoina ndéin. Cuirfear deireadh lenár dturas leis na hoibrithe ar chruthaigh a n-iarrachtaí diana an tírdhreach a fheicimid timpeall orainn inniu. Insítear sa chlosleabhar The Archaeological Discoveries around the Bay of Dundalk, a chuir Abarta Heritage le chéile thar ceann Bhonneagar Iompair Éireann, na scéalta seo in ord croineolaíoch.

Is féidir leat an t-eolas a fhiosrú níos doimhne faoi na suíomhanna seandálaíochta a imscrúdaíodh feadh bhealach Sheachbhóthar Iarthar Dhún Dealgan an M1 i bhfoilseachán TII, Around the Bay of Dundalk, le Shane Delaney, David Bayley agus Jim McKeon. Maidir leis na tuairiscí mionsonraithe ar gach ceann de na tochailtí, caith súil ar Bhailiúcháin Dhigiteacha Oidhreachta TII i dTaisclann Dhigiteach na hÉireann.

Scríobh Damian Shiels an closleabhar seo agus chuir Neil Jackman in eagar é. Rinne Gerry O’Brien tráchtaireacht ar an scéal agus taifeadadh é ag Bluebird Studios leis an innealtóir fuaime Declan Lonergan agus na léiritheoirí Tara Clarke agus Róisín Burke

 

Cover of In the Vale of Tralee audio guide

In the Vale of Tralee: the archaeology of the N22 Tralee Bypass

Insítear sa chlosleabhar In the Vale of Tralee an scéal faoin tseandálaíocht dhochreidte ar thángthas uirthi sular tógadh Seachbhóthar N22 Thrá Lí. Taistealaíonn Seachbhóthar Thrá Lí agus an Nascbhóthar idir Trá Lí agus Béal Átha Greallach thar fhad 13.5 ciliméadar de na tírdhreacha cultúrtha is saibhre in iardheisceart na hÉireann. Tháinig seandálaithe ó Rubicon Heritage Services agus Irish Archaeological Consultancy Ltd ar 33 suíomh, ar an iomlán, feadh an bhealaigh agus rinne siad iad a thochailt. Cabhraíonn an léargas cumhachtach, éagsúil agus a bhí uathúil go minic le heolas a bhailigh siad le léargas a thabhairt dúinn faoin saol roimhe seo i nGleann Thrá Lí.

Is mó a chloistear fuadar agus crónán Thrá Lí, an baile is mó i gContae Chiarraí, i nGleann na Laoi sa lá atá inniu ann, áit a bhfuil ár scéal suite. Ach tá an forlámhas go fóill sna páirceanna níos faide i gcéin, ag tírdhreach níos ciúine. Tugann feirmeoirí anseo aire dá bhféarach faoi mar a rinne siad riamh anall sa ghleann réidh íseal atá neadaithe idir Cnoc an Stacaigh agus Sliabh Mis. In ainneoin na ndifríochtaí soiléire atá eatarthu, gabhann na timpeallachtaí codarsnacha seo siar chuig aon fhoinse amháin: an Laoi. Bhí an abhainn seo lárnach i stair dhaonna an cheantair ón gcéad tráth a rinne na chéad daoine Méisiliteacha a mbáid a stiúradh suas an abhainn agus iad i mbun taiscéalta. Casfaimid sa scéal a inseofar, le slua dá sliocht: fir, mná agus leanaí a chónaigh sa ghleann abhann beagnach 6,000 bliain ó shin. Ina measc bhí na feirmeoirí ceannródaíocha a d’oibrigh ar na chéad tithe sa réigiún, agus na fir agus mná cráifeacha a spreag a bpobail éachtaí millteacha móra a bhaint amach. Casfaimid le daoine a bhí i láthair nuair a tháinig an chéad mhiotal go dtí Gleann na Laoi, agus caithfimid súil ar an mbealach a d’fhág siad slán lena mairbh. Gabhfaimid trí thairseacha áiteanna cónaithe umhla a bhí ann ag tosach na Críostaíochta in Éirinn, agus cuirfimid deireadh lenár n-aistear le teachíní tréigthe íospartaigh thubaisteacha an Ghorta Mhóir.

Más mian leat sonraí breise a fháil ar na suíomhanna a bhí faoi chaibidil sa chlostreoir seo, is féidir leat é seo a fhiosrú sa leabhar a foilsíodh le déanaí, In the Vale of Tralee: the archaeology of the N22 Tralee Bypass, a chuir Patricia Long, Paul O'Keeffe agus Isabel Bennett in eagar

Scríobh Damian Shiels an closleabhar seo agus chuir Neil Jackman in eagar é, le tacaíocht ó Paul O’Keeffe agus Rónán Swan le Bonneagar Iompair Éireann. Rinne Gerry O’Brien tráchtaireacht ar an scéal agus taifeadadh é ag Bluebird Studios leis an innealtóir fuaime Declan Lonergan agus an léiritheoir Róisín Burke

Cover of Hidden Voices audio book

Hidden Voices: the archaeology of the M8 Fermoy–Mitchelstown motorway

Fáilte chuig an gclosleabhar Hidden Voices. Déanann Mótarbhealach an M8 idir Mhainistir Fhear Maí agus Baile Mhistéala a bhealach trí thailte Chorcaí Thuaidh, a bhfuil go leor scéalta fúthu, agus trasnaíonn sé tírdhreach droimneach idir an Dubhabhainn agus na Gaibhlte. Tógadh an bóthar náisiúnta mar sheachbhóthar timpeall ar bhailte Mhainistir Fhear Maí agus Bhaile Mhistéala mar chuid den ghréasán bóithre náisiúnta idir Corcaigh agus Baile Átha Cliath. Sular tógadh an bóthar, tháinig seandálaithe ó Eachtra Archaeological Projects ar roinnt iarsmaí spreagúla feadh a bhealaigh, tar éis dóibh 22 suíomh seandálaíochta a thochailt. Is é is ábhar an chlosleabhair seo de chuid Abarta, a cuireadh le chéile thar ceann TII, ná an léargas den scoth a sholáthraíonn a dtorthaí ar an saol i gCorcaigh Thuaidh le himeacht na mílte blianta.

Níl san M8 ach an ceann is déanaí i sraith bealaí a ghabhann thart ar Chnoc Chathair Dhroinge, ceann de na sainchomharthaí iontacha fisiciúla agus stairiúla i gCorcaigh Thuaidh. Díreach faoi mar a fhéachann an cnoc inniu amach ar an mótarbhealach, choimeád sé súil ghéar fadó ar eachtraí iad siúd a thrasnaigh na mánna agus na gleannta abhann a shíneann gach aon taobh de Shléibhte Chill Uird. Bhí sé ina fhinné ar gach duine díobh siúd atá faoi chaibidil inár scéal, an bealach go léir siar go dtí na fiagaithe cnuasaitheoirí a bhunaigh campa séasúrach ag a bhun 10,000 bliain ó shin. ‘Glórtha ceilte’ iad a nglórtha siúd a bhfuil a macallaí le cloisteáil tríd an gclosleabhar seo, ach is cinnte nach glórtha na ndaoine deireanacha atá iontu. Baineann sé sinn ó thuairt tuanna agus titim crann a bhí le cloisteáil ar fud thírdhreach chéad fheirmeoirí na hÉireann, agus ón gcrá, ón bpian agus ón éadóchas a ghabh le básanna iad siúd a cailleadh i bhfad ró-óg i rith na Cré-umhaoise. Tagaimid orthu siúd a thóg na teorainneacha is sainiúla i gCorcaigh Thuaidh thart ar 2,000 bliain ó shin, agus casaimid le máistircheardaithe a d’fhéadfadh Naoimh a chomhaireamh i measc a gcustaiméirí. Seasfaimid isteach in áiteanna cónaithe iad siúd ar mhúnlaigh cumhacht nua, na hAnglaNormannaigh, a saol, agus tabharfaimid cuairt ar áiteanna cónaithe lucht cónaithe an 19ú haois a bhí chomh humhal céanna. Scrúdaítear i ngach fuaimrian dár dtreoir gné den saol i dtréimhse ar leith den stair. Ach tosaíonn sé le scéal na bhfiagaithe cnuasaitheoirí agus na bhfeirmeoirí, arb iad an chéad dream a lonnaigh i gCorcaigh Thuaidh.

Más mian leat sonraí agus anailís bhreise a fháil ar na suíomhanna a bhí faoi chaibidil sa chlostreoir seo, is féidir leat é seo a fhiosrú sa leabhar Hidden Voices: the archaeology of the M8 Fermoy–Mitchelstown motorway le Penny Johnston agus Jacinta Kiely.

Scríobh Damian Shiels an closleabhar seo agus chuir Neil Jackman in eagar é, le cúnamh ón Seandálaí de chuid TII, Ken Hanley. Rinne Gerry O’Brien tráchtaireacht air agus rinneadh taifeadadh air ag Bluebird Studios i gCill Dara leis an innealtóir fuaime Declan Lonergan agus na léiritheoirí Róisín Burke agus Geni Murphy.

Cover of Mullamast audio book

Mullamast: the story of a medieval village

The Mullamast audiobook tells the story of the remarkable archaeological discoveries made during works in advance of the M9 Motorway in County Kildare, where archaeologists found the remains of a long forgotten medieval village that lay in the shadow of one of Ireland’s ancient royal sites.  The excavation at Mullamast revealed important new insights into trade, religion, society and everyday life in medieval Ireland.  This audiobook draws on the archaeological information and contemporary history to tell the story of life and death in medieval Ireland.

This audiobook accompanies the publication Colonising a Royal Landscape, the History and Archaeology of a Medieval Village at Mullamast County Kildare by Teresa Bolger. The book will allow you to dig deeper into the remarkable stories of Mullamast and to learn more about the archaeology and history of this important site.

This audiobook was produced by Abarta Heritage on behalf of TII. It was written by Damian Shiels and narrated by Gerry O’Brien. It was edited and produced by Neil Jackman, Róisín Burke and Geni Murphy of Abarta Heritage, and recorded in Bluebird Studios Kildare with sound engineer Declan Lonergan.

Cover of Buttevant audio book

Buttevant Heritage Trail: stories from above and below

Welcome to Buttevant. If you scratch below the surface of this vibrant Cork town, and take the time to investigate some of its hidden corners, you will discover that it has deep medieval roots, and is alive with tales of the entrepreneurial spirit that typifies the town and its residents. The Buttevant Heritage Trail audiobook has been written by the local community and produced by Abarta Heritage on behalf of TII. It will introduce you to the fascinating stories of the town. The book includes information about the latest important discoveries that were made during TII-funded archaeological investigations in the town in 2015–2016. You will hear stories of how Buttevant’s big dig shed new light on the town’s medieval origins, and how the town developed under figures like John Anderson. You’ll also discover the story of the world’s first steeple chase and hear the gravelly voice of a stone gargoyle who has witnessed the town’s story.

This audiobook was produced by Abarta Heritage on behalf of TII, and with the support and participation of the people of Buttevant. We would like to offer a special thanks to all the storytellers of the town who kindly contributed their knowledge and insights, particularly: Ann Coughlan, Noel Coleman, Jack O’Donnell, Marion O’Sullivan, Denis O'Sullivan, Gabriel O’Callaghan, Emily Dumunfort, Dolores Cronin, Catherine Roche, Janette Guiney, Tom Blake and Frank Trimm. The archaeological information that helps to shine new light onto the story of Buttevant is thanks to Priority Construction Ltd, Rubicon Heritage Services, Arup Consulting Engineers, Kieran McKeone of Cork County Council and Ken Hanley of TII.

Cover of Meitheal audio book

Meitheal: stories from early medieval Ireland

Insítear i gclosleabhar Mhullach Maistean an scéal faoin tseandálaíocht dhochreidte ar thángthas uirthi i rith oibreacha sular tógadh Mótarbhealach an M9 i gContae Chill Dara, áit ar tháinig seandálaithe ar iarsmaí de shráidbhaile meánaoiseach a ligeadh i ndearmad i bhfad ó shin a bhí suite in aice le ceann de shuíomhanna ársa ríoga na hÉireann. Nochtadh sa tochailt ag Mullach Maistean léargas tábhachtach nua ar an trádáil, an creideamh, an tsochaí agus an saol laethúil in Éirinn sa mheánaois. Baintear leas sa chlosleabhar seo as an eolas seandálaíochta agus as an stair chomhaimseartha le scéal na beatha agus an bháis in Éirinn sa mheánaois a insint.

Gabhann an closleabhar seo leis an bhfoilseachán Colonising a Royal Landscape, the History and Archaeology of a Medieval Village at Mullamast County Kildare le Teresa Bolger. Ceadóidh an leabhar duit na scéalta dochreidte faoi Mhullach Maistean a fhiosrú níos doimhne agus níos mó a fhoghlaim faoin tseandálaíocht agus faoi stair an tsuímh thábhachtaigh seo.

Chuir Abarta Heritage an closleabhar seo le chéile thar ceann TII. Scríobh Damian Shiels é agus rinne Gerry O’Brien tráchtaireacht air. Rinne Neil Jackman, Róisín Burke agus Geni Murphy le Abarta Heritage é a chur in eagar, agus rinneadh é a thaifeadadh in Bluebird Studios, Cill Dara leis an innealtóir fuaime Declan Lonergan.

 

Cover of Luas audio guide

Luas: Amlíne Bhaile Átha Cliath

Fáilte go Luas: Closleabhar Amlíne Bhaile Átha Cliath. Is é Luas seirbhís iompair iarnróid éadroim Bhaile Átha Cliath. Tháinig forbairt ar chuid de na forbairtí bonneagracha is mó i mBaile Átha Cliath sa nua-aois tar éis gur forbraíodh gréasán Luas. Is dóchúil go n-aimseoidh tú iarsmaí an ama atá caite pé áit a dtochlaíonn tú i gcathair atá chomh hársa le Baile Átha Cliath.

Choimeád foirne taithíocha seandálaithe súil ghéar amach fad a bhí línte Luas á dtógáil agus rinne siad monatóireacht ar na hoibreacha, agus shainaithin agus thochail siad aon iarsmaí seandálaíochta ar thángthas orthu. Nochtar ina dtaifid mhionchúiseacha saibhreas eolais nua faoi stair Bhaile Átha Cliath, agus cabhraíonn an closleabhar seo le scéal an mhéid a aimsíodh, agus stair agus scéalta ó gach ceann de na stadanna a insint. Cloisfidh tú faoi bhunúis luatha Bhaile Átha Cliath, an stair Lochlannach a bhaineann leis agus an saol i mBaile Átha Cliath sa mheánaois. Cloisfidh tú scéalta chomh maith faoi thragóid agus bochtaineacht i dtionóntáin Bhaile Átha Cliath, agus faoi fhoréigean nuair a rinneadh scrios ar an gcathair i rith Éirí Amach na Cásca 1916. Is féidir leat casadh freisin le roinnt de charachtair Bhaile Átha Cliath agus éisteacht leis na scéalta béaloidis faoin mbaile, cosúil le Copper Face Jack nó an gadaí míchlúiteach Scaldbrother. Tá eolas sa chlosleabhar seo freisin faoi innealtóireacht agus ailtireacht, ealaíona, cultúr agus polaitíocht Bhaile Átha Cliath. Tiocfaidh tú ar eolas faoi roinnt de na codanna is cáiliúla sa chathair, cosúil le Faiche Stiabhna, na Ceithre Chúirt, Margadh na Feirme agus níos mó!

Cuirtear an closleabhar ar fáil i sraith fuaimrianta, agus insítear i ngach ceann scéal ceann de stadanna Luas feadh na coda lárnaí de Línte Dearga agus Uaine Luas, ó Stáisiún Heuston go Charlemont. Rinne Abarta Heritage an closleabhar seo a chur le chéile thar ceann Bhonneagar Iompair Éireann. Scríobh Neil Jackman é agus chuir Sharon Mannion agus Gerry O’Brien tráchtaireacht leis, le tacaíocht fhial ó Emer Dennehy agus Rónán Swan le Bonneagar Iompair Éireann. Táimid thar a bheith bhuíoch de na foirne seandálaithe a d’oibrigh chomh dícheallach le scéal Bhaile Átha Cliath a nochtadh fad a bhí Luas á thógáil.

 

Cover of Ballyhanna audio guide

Baile Sheanaidh: scéalta ón uaigh

Íoslódáil an closleabhar saor Baile Sheanaidh: scéalta ón uaigh (Ballyhanna: stories from the grave) agus éist leis na scéalta iontacha faoin meánaois in Éirinn. Insítear sa chlosleabhar ceannródaíoch seo scéal na tochailte seandálaíochta ar Bhaile Sheanaidh. Tháinig seandálaithe in 2003 ar iarsmaí reilige meánaoisí a ligeadh i ndearmad ag Baile Sheanaidh ar imill Bhéal Átha Seanaidh i gContae Dhún na nGall. Bhí iarsmaí cnámharlaigh breis agus míle fear, bean agus leanbh sa reilig. Rinneadh staidéar eolaíochta ar na hiarsmaí seo faoi Thionscadal Taighde Bhaile Sheanaidh, agus is é ceann de phríomhaidhmeanna an tionscadail a thaispeáint conas is féidir le taighde eolaíochta cúnamh a thabhairt dár léirmhíniú ar an tseandálaíocht agus léargas nua ar shochaithe roimhe seo a nochtadh. Insítear sa tionscadal dúinn faoin bpobal seo trí thraidisiúin bháis agus adhlactha, agus trí scrúdú a dhéanamh ar na gnéithe seo insíonn sé freisin dúinn faoi na daoine a mhair sa phobal meánaoiseach seo, a cuireadh, i gcaitheamh míle bliain, i reilig bheag taobh le bruacha Abhainn na hÉirne.

Tugtar sonraí sa chlosleabhar seo faoi na tochailtí agus na tionscadail eolaíochta. Insítear ann chomh maith scéalta ó na huaigheanna, i sraith cuntas ficseanaithe sa chéad phearsa bunaithe ar an eolas a fuarthas i rith na tochailte agus na hanailíse.

Cover of Woodstown audio book

Baile na Coille: Lonnaíocht Lochlannach i bPort Láirge

Insítear ar bhealach spreagúil sa chlosleabhar The Woodstown: Viking settlement in Waterford an scéal faoi cheann de na hiarsmaí seandálaíochta is tábhachtaí ar thángthas orthu in Éirinn. Tháinig seandálaithe a raibh bealach beartaithe Sheachbhóthar Chathair Phort Láirge á imscrúdú acu in 2003 ar iarsmaí lonnaíochta Lochlannaí ón naoú haois ar bhruacha Abhainn na Súire ag Baile na Coille i gContae Port Láirge. Thug scoláirí le fios go bhfuil an suíomh ar cheann de na hiarsmaí seandálaíochta is tábhachtaí ar thángthas orthu riamh in Éirinn

Cuireann an closleabhar tumthach inrochtana seo le Woodstown: a Viking-Age settlement in Co. Waterford, a chuir Ian Russell agus Maurice F Hurley in eagar, agus a d’fhoilsigh Four Courts Press. Tá anailís dhomhain ann ar an suíomh agus ar a dhéantáin a rinne saineolaithe idirnáisiúnta éagsúla a fhiosraíonn an méid is féidir leis na hiarsmaí a nochtadh faoi na Lochlannaigh in Éirinn.

Cuireadh an closleabhar seo le chéile i gcomhar le Bonneagar Iompair Éireann agus Waterford Treasures: Three Museums in the Viking Triangle.

Cover of M6 audio guide

The M6: a route through time

Léargas inrochtana ach údarásach atá sa chlosleabhar The M6: a route through time, ina bhfuil an t-eolas seandálaíochta agus na foinsí stairiúla is déanaí, ar stair iontach an réigiúin trína ngabhann mótarbhealach an M6 idir Cionn Átha Gad agus Gaillimh. Insítear sa chlosleabhar seo an scéal faoin tírdhreach dochreidte seo trí na suíomhanna seandálaíochta ar thángthas orthu le déanaí agus léirítear ann freisin don éisteoir na suíomhanna iontacha oidhreachta atá inrochtana go fóill feadh an bhealaigh, cosúil leis an láthair mhainistreach fhíorálainn ag Cluain Mhic Nóis, Contae Uíbh Fhailí, agus baile múrtha meánaoiseach Bhaile Átha an Rí agus suíomh an chatha ab fhuiltí in Éirinn ag Eachroim, a bhfuil an dá shuíomh siúd i gContae na Gaillimhe.

 

Rinneadh taighde forleathan ar an gclosleabhar seo agus cuirtear i láthair ann scéal casta an tírdhreacha seo ar bhealach uathúil agus inrochtana, ina luaitear ní hamháin tuairiscí seandálaíochta ón scéim, ach torthaí na dtochailtí seandálaíochta freisin ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, chomh maith le réimse fairsing eile de thaighde acadúil, foilseacháin agus eolas cartagrafach.

Rinne Abarta Heritage an closleabhar seo a chur le chéile do Bhonneagar Iompair Éireann, agus gabhtar buíochas le hArd-Mhúsaem na hÉireann, Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta agus go háirithe leis an iomaí seandálaí, speisialtóir agus sainchomhairleoireacht seandálaíochta a bhí bainteach sa scéim bóthair: CRDS Ltd, Eachtra Archaeological Projects, Headland Archaeology (Ireland) Ltd, IAC Ltd, The Archaeology Company, agus Valerie J Keeley Ltd.