Taighde

D’fhéadfaí a rá faoi gach iniúchadh seandálaíochta gur cineál taighde é ach, in éineacht le na hoibreacha seandálaíochta atá bunaithe ar chomhlíonadh a dhéantar ar scéimeanna bóithre náisiúnta agus iarnróid éadroim, tá maoiniú déanta ag TII ar thionscadail fhoirmiúla taighde freisin. Is féidir breis eolais fúthu sin a fháil ag bun an leathanaigh seo.

Bunaíodh an chéad cheann de na tionscadail seo Tionscadal Taighde Bhaile Sheanaidh, in 2006 i bpáirt le Comhairle Contae Dhún na nGall, Ollscoil na Banríona Béal Feirste agus Institiúid Teicneolaíochta Shligigh. Trí raon d’anailísí eolaíocha a chur i bhfeidhm tá sé i gceist leis an tionscadal seo a oiread is féidir a fhoghlaim faoi dhaonra cheann de na reiligí meánaoiseacha is mó dár tochlaíodh riamh in Éirinn tar éis gur thángthas air i mBaile Sheanaidh, Co. Dhún na nGall, ar Sheachbhóthar an N15 Bun Dobhrán - Béal Átha Seanaidh. Foilsíodh leabhar nua i mí na Nollag 2015 - The Science of a Lost Medieval Gaelic Graveyard - ina dtugtar torthaí an taighde seo.

In Aibreán 2007, tionscnaíodh Clár Comhaltachtaí chun cur ar a gcumas d’ollscoileanna agus d’institiúidí cur isteach ar thacaíocht airgeadais le haghaidh cláir PhD agus cláir iardhochtúireachta a chlúdaíonn ábhair a bhaineann le tógáil, oibríocht agus cothabháil bóithre náisiúnta. Bronnadh maoiniú ar dhá thionscadal taighde seandálaíochta in 2008 agus 2010, ar chabhraigh an dá cheann díobh le taighde dochtúireachta. Rinne Roinn Bitheolaíochta Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath agus Rannán Seandálaíochta, Tír Eolais agus Timpeallachta, Ollscoil Bradford faoi seach na tionscadail seo.

In 2008 ba chomhpháirtí taighde é an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta i dtionscadal taighde INSTAR Cultivating Societies  faoi cheannas Scoil Tír Eolais, Seandálaíochta agus Pailé-éiceolaíochta in Ollscoil na Banríona Béal Feirste. Is clár taighde seandálaíochta é clár INSTAR (Taighde Straitéiseach Seandálaíochta Náisúnta na hÉireann) atá maoinithe ag an gComhairle Oidhreachta agus a thugann tacaíocht do thaighde téamúil a chabhraíonn le tuiscint níos fearr a fháil ar oidhreacht seandálaíochta na hÉireann. Bhí ionchur ag an Údarás i roinnt tionscadail INSTAR agus, mar TII, is comhpháirtí tionscail faoi láthair é leis an tionscadal  Settlement  and Landscape in Later Prehistoric Ireland—Seeing Beyond the Site.

Thug na tionscadail seo deis don TII comhoibríochtaí leis an earnáil acadúil a fheabhsú agus a fhorbairt, a bheith rannpháirteach i dtionscadail idirnáisiúnta thábhachtacha taighde lena chinntiú go ndéantar ár n-obair thochailte faoi threoir thorthaí an taighde is déanaí, ag tabhairt buntáiste bhreis luacha d’obair sheandálaíochta TII.

Cúnamh Taighde

Cabhraíonn TII go rialta le taighdeoirí trí thuarascálacha, iomhánna agus sonraí eile (e.g. LiDAR) a chur ar fáil. Déan teagmháil le Michael Stanley (Michael.Stanley@tii.ie) nó le Lillian Butler (Lillian.Butler@tii.ie) má tá cabhair uait.

Go déanach in 2003, ar bhealach Sheachbhóthar an N15 Bun Dobhráin - Béal Átha Seanaidh, cuireadh tús le tochailt seandálaíochta i mBaile Sheanaidh, Co. Dhún na nGall, áit a raibh cnámha daonna nochtaithe cúpla mí roimhe sin ag tochailtí tástála. De bharr na hoibre ar fad a rinne Irish Archaeological Consultancy Ltd (Faoi stiúir Bhriain Uí Dhonnchadha) anseo le linn na sé mhí dar gcionn, thángthas ar reilig shubstaintiúil mheanaoiseach ina raibh níos mó ná 1,000 duine curtha agus bunsraitheanna foirgneamh cloch, a mheastar gurb é fothrach Shéipéal Bhaile Sheanaidh. Tar éis na tochailte ba léir go bhféadfadh an méid mór cnámhiarsmaí seo, iad caomhnaithe go maith, a lán eolais a thabhairt maidir le modh maireachtála, ábhar bia, agus cúiseanna breoiteachta agus báis i measc mhuintir na hÉireann sa mheánaois. Bunaíodh dá réir sin foireann taighde trasteorann in 2006 agus é mar aidhm leis na réimsí taighde eolaíoch is mó a bhaileodh faisnéis ó ábhar Bhaile Sheanaidh a aithint. Ba é a tháinig as an gcomhoibriú sin ná Tionscadal Taighde Bhaile Sheanaidh maoinithe ag an Údarás trí Chomhairle Contae Dhún na nGall.

Is iad Ollscoil na Banríona Béal Feirste agus Institiúid Teicneolaíochta Shligigh na comhpháirtithe acadúla. Pléann Ollscoil na Banríona leis an gcuid sin den tionscadal a bhaineann le hanailís oisté-eolaíochta agus pailéiphaiteolaíochta (staidéar ar chnámha agus seanghalair) ar na cnámhiarsmaí. Rinne Catriona McKenzie, faoi mhaoirseacht an Dr. Eileen Murphy agus an Dr. Colm Donnelly, taighde dochtúireachta ar chnámharlaigh na ndaoine fásta ón láithreán. Rinne an Dr. Murphy staidéar ar na leanaí a bhí curtha i mBaile Sheanaidh agus in éineacht le hanailís Róisín McCarthy ar na taisí le dí-alatadh a fuarthas, rinneadh catalógú ar raidhse sonraí seandálaíochta cnámh ón reilig. Chomh maith leis sin tá athdhéanamh déanta ag Phillip McDonald agus Naomi Carver ó Ionad Oibre Allamuigh , Ollscoil na Banríona, ar amscála na n-adhlachtaí i mBaile Sheanaidh chun a thaispeáint conas a tháinig éabhlóid ar an reilig thar na blianta.

Tá dhá thionscadal dochtúireachta taighde bhreise bunaithe in Institiúid Teicneolaíochta Shligigh. Tá Tasneem Bashir, faoi mhaoirseacht an Dr. Ted McGowan, ag déanamh athdhéanamh ar phailé-aiste bia agus ar dhálaí timpeallachta dhaonra na reilige trí anailís a dhéanamh ar riandúile (substaintí, ar nós iarainn, nach féidir a réiteach trí mheáin cheimiceacha isteach ina substaintí níos simplí) i sampla ionadaíoch de chnámha fear, ban agus leanaí ó Bhaile Sheanaidh. Tá Sheila Tierney, faoi mhaoirseacht an Dr. Jeremy Bird, ag iarraidh DNA ársa a bhaint ó na taisí daonna agus aimpliú a dhéanamh orthu.

In The Science of a Lost Medieval Gaelic Graveyard (arna fhoilsiú i mí na Nollag 2015) tugtar le chéile na gnéithe éagsúla taighde chun forbhreathnú cuimsitheach a thabhairt ar an reilig agus ar shaol na ndaoine atá curtha inti. Sna hailt seo a leanas san irisleabhar Seanda  agus i bpáipéir ó imeachtaí dhá Sheimineár Náisiúnta Seandálaíochta an Údaráis um Bóithre Náisiúnta a tionóladh in 2007 agus in 2010 tugtar eolas níos mó ar an gcúlra agus déantar cur síos ar chuid de thorthaí Thionscadal Taighde Bhaile Sheanaidh. Tá na foilseacháin liostaithe go croineolaíoch agus is féidir féachaint orthu ach cliceáil ar a dteideal.

In 2008 bhronn an tÚdarás maoiniú óna Chlár Comhaltachtaí ar thionscadal taighde PhD dar teideal Understanding environmental and landscape change in the midlands of Ireland through the cultural use of woodland. Rinne Ellen O’Carroll, speisialaí adhmaid agus seandálaí ón Roinn Bitheolaíochta i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath, an taighde seo agus thug le chéile teicnící pailé-éiceolaíocha agus sonraí seandálaíochta (lena n-áirítear faisnéis a fuarthas ó thochailtí a rinneadh ar scéimeanna bóithre náisiúnta) chun úsáid coillearnaigh agus an tionchar a d’imir sé ar lár tíre ón tréimhse Mhéisiliteach a thomhas (c. 8000–4000 RCh).

Cuireadh páipéar i láthair ag Seimineár Náisiúnta Seandálaíochta an Údaráis 2009 ina bhfuil cur síos ar aidhmeanna agus ar mhodhanna an tionscadail, agus ina dtugtar torthaí tosaigh an taighde agus foilsíodh an páipéar sin in imeachtaí an tseimineáir i bhfómhar 2010. Bronnadh PhD ar Ellen i samhradh 2012 agus chuir sí cuid dá torthaí i láthair ag Seimineár 2012. Foilsíodh an páipéar seo, comhscríofa ag an Ollamh Fraser Mithchell in imeachtaí an tseimineáir i bhfómhar 2013. Tiocfaidh a thuilleadh páipéar ó thaighde Ellen agus póstálfar scéala maidir leosan anseo de réir mar a chuirtear i gcló nó ar líne iad.

Chomh maith leis na foilseacháin seo, ba chuid iad na torthaí taighde freisin de na Palaeoenvironmental Sampling Guidelines (arna fhoilsiú i Meitheamh 2015) lena n-úsáid ar scéimanna bóithre náisiúnta.

Foilseacháin bhainteacha

________________________________________________________________________

Rinneadh athbhreithniú ar úsáid na geofisice seandálaíochta ar scéimeanna bóithre náisiúnta idir 2001 agus 2010 mar chuid den dara tionscadal taighde seandálaíochta a maoiníodh tríd an gClár Comhaltachtaí. Is éard atá i suirbhé geofisiceach seandálaíochta ná raon modhanna chun iniúchadh a dhéanamh faoi dhromchla na talún le cianbhraiteacht. Rinne James Bonsall, an Dr. Chris Gaffney agus an tOllamh Ian Armit ó Ollscoil Bradford sa Ríocht Aontaithe an staidéar seo ar bronnadh maoiniú air in 2010. Ba í an chuideachta Éireannach Earthsound Archaeological Geophysics a bhí mar chomhpháirtí tionscail ag an Ollscoil sa taighde.

Roghnaíodh an geofisicí seandálaíochta James Bonsall chun dul ar aghaidh agus a thaighde a chur i láthair ag an gcomhdháil chlúiteach Transport Research Arena 2012 mar ar bhuaigh sé bonn airgid sa cholún timpeallachta dá chur i láthair. Thug James athbhreithniú tosaigh ar an dul chun cinn in Eagrán 6 de Seanda (arna fhoilsiú i mí na Nollag 2011) agus chuir sé páipéar i láthair ag Seimineár Náisiúnta Seandálaíochta an Údaráis 2012. Foilsíodh an páipéar seo, comhscríofa ag an Dr. Chris Gaffney agus an tOllamh Ian Armit, in imeachtaí an tseimineáir i bhfómhar 2013. Ceann de bhunspriocanna inghnóthaithe an tionscadail taighde ba ea bunachar sonraí ar líne ar a bhféadfaí breathnú ar thuarascálacha geofisiceacha a choimisiúnaigh an tÚdarás. Seoladh Bunachar Sonraí Suirbhé Geofisiceach Seandálaíochta an Údaráis um Bóithre Náisiúnta  in Aibreán 2013 agus foilsíodh alt faoin acmhainn thábhachtach ar líne seo in Eagrán 8 de Seanda. Thug an taighde freisin tacar treoirlínte (foilsithe in Eanáir 2014) dar teideal Preparing for the Future: a re-appraisal of archae-geophysical surveying on Irish National Road Schemes 2001-2010.

Foilseacháin bhainteacha

Is ciste taighde seandálaíochta é an Clár INSTAR a riarann an Chomhairle Oidhreachta agus a thugann tacaíocht do thaighde téamúil agus a éascaíonn comhoibriú idir comhairleachtaí seandálaíochta, institiúidí acadúla, forais idirnáisiúnta acadúla agus taighde agus forais Stáit. Is comhpháirtí tionscail é TII faoi láthair sa tionscadal INSTAR Settlement  and Landscape in Later Prehistoric Ireland—Seeing Beyond the Site agus faoi riocht an Údaráis ba chomhpháirtí é sna tionscadail Cultivating societies: assessing the evidence for agriculture in Neolithic Ireland agus The People of Prehistoric Ireland.

Ghlac an tÚdarás páirt i roinnt tionscadal INSTAR eile trí rochtain a éascú ar thuarascálacha ar thochailtí agus ar shonraí neamhfhoilsithe eile ó iniúchtaí seandálaíochta ar scéimeanna bóithre náisiúnta. Ar na tionscadail sin bhí: