Tógáil

Tá na doiciméid treorach seo a leanas foilsithe ag TII chun cur chuige céim ar chéim a thabhairt i leith tionchair ar bhroic, ar thrasnuithe sruthchúrsaí agus ar sheandálaíocht bogach a íoslaghdú roimh agus le linn céim thógála scéimeanna bóithre náisiúnta.

Bainistiú Dramhaíola

Sa doiciméad  Guidelines for the Management of Waste from National Road Construction Projects tugtar aird ar na forbairtí is déanaí sa reachtaíocht um dhramhaíl agus i mbeartas um dhramhaíl mar a bhaineann siad le forbairtí scéimeanna bóithre náisiúnta. Is príomhchuspóir den doiciméad é cabhair a thabhairt do gach páirtí tuiscint a fháil ar an gcreat casta dlíthiúil faoina stiúraítear bainistiú na dramhaíola a ghineann tionscadail bhóithre náisiúnta. Anuas air sin, leagtar síos ann treoirlínte maidir le dea-chleachtas lena chinntiú go mbeidh bainistiú éifeachtach dramhaíola fós ina thosaíocht i gcaitheamh chéim thógála na gcineálacha seo forbairtí. Is é an cuspóir anseo tionchair chomhshaoil na dramhaíola, a éiríonn as tógáil bóithre a íoslaghdú, chomh maith leis an méid dramhaíola a ghintear a íoslaghdú agus comhlíonadh forálacha na nAchtanna um Bainistiú Dramhaíola (1996-2011) a éascú. Mar fhocal scoir, tá sé de chuspóir leis na treoirlínte seo faisnéis a chur ar fáil agus idirphlé éifeachtach a éascú idir conraitheoirí bóithre, comhlachtaí reachtúla ábhartha agus tríú páirtithe maidir le conas is ceart dramhaíl a láimhseáil i gcomhthéacs tógála bóithre.

Déileáil le Dobharchúnna

Sa doiciméad Guidelines for the Treatment of Otters prior to the Construction of National Road Schemes leagtar síos na nósanna imeachta chun dobharchúnna a chosaint le linn scéimeanna tógála bóithre náisiúnta. Tugtar na nósanna imeachta maidir le dobharchúnna a choimeád amach as a bpoll agus tugtar sonrú ann maidir le fál mamach.

Déileáil le Broic

Sa doiciméad treorach Guidelines for the Treatment of Badgers prior to the Construction of National Road Schemes pléitear le teicnící suirbhéireachta, modheolaíochtaí chun broic a choimeád amach agus sonrúcháin deartha maidir le fálta friotaíoch ar bhroic agus íosbhealaí do mhamaigh. Tabhair do d’aire an sonrúchán leasaithe le haghaidh fálta friotaíoch ar bhroic i bhFigiúir 2.

Déileáil le hIaltóga

Sa doiciméad ar ialtóga Guidelines for the Treatment of Bats during the Construction of National Road Schemes tá cur síos ar theicnící suirbhéireachta maidir le crainn a leagan agus fálta sceach a bhaint agus foirgnimh a leagan chomh maith le modheolaíochtaí eisiaimh.

Trasnú Sruthchúrsa

Sa doiciméad ar thrasnú sruthchúrsa Guidelines for the Crossing of Watercourses during the Construction of National Road Schemes tugtar cuntas ar bhearta a bhaineann le caomhnú éisc, gnáthóga bruachánacha agus uisce agus tá moltaí ginearálta ann maidir le freastal ar ghluaiseacht mamach faoi dhroichid agus lintéir ar bhóithre.

Seandálaíocht Bogach

Cabhróidh an doiciméad treorach ar sheandálaíocht bogach Guidelines for the Testing and Mitigation of the Wetland Archaeological Heritage for National Road Schemes leo siúd uile a bhfuil baint acu le tástáil seandálaíochta, suirbhéireacht pháirce, céimeanna tochailte agus iarthochailte de mhaolú seandálaíoch i mbogaigh agus ar scéimeanna bóithre náisiúnta. Tá na Treoirlínte ann chun dea-chleachtas a chur chun cinn nuair a táthar ag obair i dtimpeallachtaí bogaigh agus nuair a bhíonn iarsmaí seandálaíochta á dtaifead, go háirithe i gcás ábhair orgánaigh atá caomhnaithe i gcomhthéacsanna éagsúla bogaigh. Chun críocha na dtreoirlínte seo áirítear i sainmhíniú ar bhogach, tailte móna, aibhneacha, lochanna (a bhíodh is atá), inbhir, limistéir ina mbíonn tuilte séasúracha (amhail tailte calaidh) agus limistéir cois cósta. Sa doiciméad seo tugtar cuntas ar raon moltaí ginearálta nach mór a chur san áireamh nuair a bheidh obair sheandálaíochta le cur ar siúl i dtimpeallachtaí bogaigh; cuir chuige phraiticiúla atá ábhartha don mheasúnú agus don tochailt, agus tá leabharliosta ann ina bhfuil modheolaíochtaí do thionscadail bhogaigh.

Crainn, Fálta Sceach agus Scrobarnach

Sa doiciméad seo Guidelines for the Protection and Preservation of Trees, Hedgerows and Scrub Prior to, During and Post Construction of National Road Schemes tugtar cuntas ar an reachtaíocht ábhartha thábhachtach agus ar riachtanais bitheolaíochta na gcrann. Pléitear le cuir chuige i leith obair thógála ann agus tugtar mionchuntas le haghaidh crainn a chosaint le linn chéim na tógála.

Fiailí díobhálacha agus Speicis Planda Ionracha Neamhdhúchasacha

Tá athbhreithniú déanta ag an Údarás ar an doiciméad treorach Guidelines on the Management of Noxious Weeds and Non-Native Invasive Plant Species on National Road Schemes (Leasú 1, Nollaig 2010). Aithníonn an tÚdarás an tábhacht a ghabhann le leathnú fiailí díobhálacha agus speicis phlanda ionracha neamhdhúchasacha a smachtú agus le deimhin a dhéanamh de go mbíonn aon ghníomhaíochtaí a bhaineann le pleanáil, tógáil agus oibríocht scéimeanna bóithre náisiúnta i gcomhlíonadh le ceanglais An Achta um Fhiaile Dhíobhálach, 1936 agus an tAcht um Fhiadhúlra (Leasú) 2000. Pléann an doiciméad treorach leis na fiailí díobhálacha agus leis na speicis ionracha neamhdhúchasacha atá forleathan agus ar dóichide go dtiocfaí trasna orthu le linn pleanála, tógála agus cothabhála scéimeanna bóithre náisiúnta.

Treoirlínte maidir le Plean Oibríochta Timpeallachta

Tá córas curtha i bhfeidhm ag an Údarás chun comhlíontacht le tiomantais agus riachtanais chomhshaoil a dhoiciméadú le linn tógála do scéimeanna bóithre náisiúnta. Leis an gcóras seo bíonn ar príomhchonraitheoirí atá rannpháirteach i dtógáil scéimeanna bóithre náisiúnta Pleananna Oibríochta Timpeallachta a chur le chéile, a chur i bhfeidhm agus a chothabháil. Is iad príomhghnéithe na bpleananna sin:

  1. Go gceapfadh an príomhchonraitheoir Bainisteoir Timpeallachta;
  2. Tiomantais agus riachtanais timpeallachta a chorprú;
  3. Cuntas a thabhairt ar na modhanna lena bhfuiltear chun obair thógála a bhainistiú chun na tiomantais agus na riachtanais sin a chomhlíonadh;
  4. Róil agus freagrachtaí fhoireann an phríomhchonraitheora a aithint le haird ar struchtúr eagraíochtúil an phríomhchonraitheora.
  5. Nósanna imeachta maidir le cumarsáid leis an bpobal agus le cumarsáid laistigh d’eagraíocht an phríomhchonraitheora a chorprú;
  6. Nósanna imeachta maidir le hoiliúint feasacht comhshaoil a chorprú;
  7. Nósanna imeachta i leith monatóireachta agus i leith freagraí a thabhairt ar thorthaí na monatóireachta sin a chorprú, má tá ceangal conartha ann; agus
  8. Córas iniúchóireachta agus athbhreithnithe maidir le héifeachtacht an phlean a chur ar fáil.

Tá treoir le fáil do phríomhchonraitheoirí maidir le cur le chéile, cur i bhfeidhm agus cothabháil pleananna dá leithéid in Guidelines for the Creation, Implementation and Maintenance of an Environmental Operating Plan an Údaráis (an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta, 2007).