Páirt Idirnáisiúnta

CEDR

" "

Is ball é TII de Chomhdháil Stiúrthóirí Bóithre na hEorpa (CEDR), eagraíocht a thugann le chéile stiúrthóirí bóithre na 25 thír Eorpacha. Is é aidhm CEDR, cur le forbairt na hinnealtóireachta bóthair mar dhlúthchuid den chóras comhtháite iompair faoi réir ag na gnéithe sóisialta, eacnamaíocha agus timpeallachta den inbhuainaitheacht agus chun comhoibriú idir riarthóirí na mbóithre náisiúnta a chur chun cinn. Tá cur síos iomlán ar struchtúr agus ar ghníomhaíochtaí CEDR ar an suíomh gréasáin https://cedr.eu/

Tuigeann CEDR tábhacht an taighde chun iompar inbhuanaithe a fhorbairt agus tá Grúpa Teicneolaíochta bunaithe acu chun monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí taighde agus chun comhairle a thabhairt do Bhord CEDR maidir le cúrsaí taighde. I measc chúraimí an Ghrúpa Taighde tá, torthaí an taighde a scaipeadh chomh maith le tionchar a imirt ar Chláir Taighde an AE, agus tacaíocht a thabhairt do bhaill CEDR anois agus sa todhchaí. Is ball gníomhach é Bainisteoir Taighde TII den Ghrúpa Taighde agus glacann páirt i dtionscnaimh éagsúla a chuireann an grúpa ar bun

ERA-NET ROAD

" "

Ceann amháin de roinnt Réimsí Taighde Eorpacha is ea (ERA) ERA-NET ROAD (ENR), a bhfuil sé mar chuspóir leis comhoibriú taighde níos fearr a spreagadh chomh maith le comhordú trasnáisiúnta timpeall na hEorpa.

Is baill den ENR iad na húdaráis bóithre seo a leanas an Ostair, an Bheilg, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Ungáir, Éire, an Liotuáin, an Ísiltír, an Iorua, an Pholainn, an tSlóivéin, an tSualainn, an Eilbhéis, an Ríocht Aontaithe, le CEDR mar Chomhpháirtí.  Is é príomhchuspóir ERA-NET ROAD cláir taighde trasnáisiúnta a chur ar siúl atá pleanáilte go straitéiseach agus atá maoinithe trí chistí náisiúnta taighde a thabhairt le chéile. Forbraíodh agus lainseáladh an chéad cheann de na comhchláir taighde seo, "Ag Dul i nGleic le hAthrú Aeráide" i mí Bhealtaine 2008 agus tionscnaíodh an dara clár " An Dearadh Bóithre ag Croílár na Sábháilteachta". Cuifear tús leis an tríú clár in 2010 agus tá cláir taighde a d'fhéadfaí a chur ar siúl á bhforbairt ag foireann ERA-NET ROAD. Tá breis sonraí faoi chuspóirí agus gníomhaíochtaí ERA-NET ROAD ar an suíomh gréasáin seo  www.eranetroad.org

FEHRL

" "

Fóram na Saotharlanna Taighde Mórbhealaí Eorpacha (FEHRL) is ea comhlachas d'institiúidí náisiunta a bhfuil baint acu le taighde iompair agus na hinnealtóireachta bóthair.

Bunaíodh in 1989 é agus tá Rúnaíocht bhuan aige bunaithe sa Bhruiséil. Is é an Tionól Ginearálta, atá déanta suas de Stiúrthóirí de na hinstitiúidí náisiúnta, atá i gceannas air. Is é cuspóir FEHRL, taighde comhpháirteach a spreagadh idir saotharlanna agus institiúidí Eorpacha i réimse bhonneagar na mórbhealaí, as a dtiocfaidh soláthar ar eolas ábhartha agus comhairle do rialtais, an Coimisiún Eorpach, tionscal na mbóithre agus úsáideoirí bóithre. Tá breis eolais air le fáil ag www.fehrl.org. Toisc nach bhfuil institiúid náisiúnta taighde in Éirinn, tugadh cuireadh do BI‏É a bheith mar bhall de FEHRL le mbeadh go ionadaíocht ann thar ceann na hÉireann. Tá straitéis fhoirmiúil taighde anois ag TII agus tá sé tábhachtach go gcuirfear san áireamh ar a chlár taighde gach rud atá ar siúl sa réimse idirnáisiúnta. Chun rannpháirtíocht níos mó i dtionscadail atá maoinithe ag an AE a spreagadh in Éirinn, tá Grúpa FEHRL Éireannach molta. Faoi láthair tá Coláiste na hOllscoile BÁC agus Coláiste na Trionóide páirteach, ó bhí baint acusan go stairiúil le tionscadail an AE. D'fhéadfaí an grúpa seo a leathnú agus eagraíochtaí eile a thabhairt isteach de réir mar ba ghá. 

Transport Research Arena (TRA)

" "

Is fóram é an Réimse Taighde Iompair (TRA) chun na páirtithe leasmhara éagsula a thabhairt le chéile, a bhfuil suim acu sa taighde iompair, lena n-áirítear údaráis iompair, sainchomhairleoirí, conraitheoirí, déantóirí carr, táirgeoirí breosla, taighdeoirí. Tugann TRA deis do na páirtithe ar fad teacht le chéile agus torthaí a gcuid taighde agus forbartha a chur i láthair, a mhalartú, agus a scaipeadh, agus tugann CEDR, ERTRAC agus Coimisiún Eorpach tacaíocht láidir dó.

Is é téama an TRA "níos glaise, níos cliste, agus níos sábháilte". Tionóladh an chéad chomhdháil den TRA in Goteborg i Meitheamh 2006 agus an dara ceann in Ljubljana in Aibreán 2008. Beidh an tríú ceann ar siúl sa Bhruiséil i Meitheamh 2010. Is rannpháirtí gníomhach é an tÚdarás sa TRA. Féach an suíomh gréasáin https://traconference.eu/.

Eagraíochtaí Eile

Tá an tÚdarás bainteach go díreach nó tríd CEDR le comhlachtaí taighde eile:

  • ERTRAC: Comhairle Chomhairleach Eorpach um Thaighde Iompar Bóithre
  • ECTP: Ardán Eorpach um Theicneolaíocht Tógála
  • JTRC: Comhionad  um Thaighde Iompair ECMT/OECD
  • FERSI: Fóram na nInstitiúidí Eorpacha um Thaighde ar Shábháilteacht Bóithre
  • ECTRI: Comhdháil Eorpach na nInstitiúidí Taighde Iompair
  • BOF: Fóram na nÚinéirí Droichead

Tá liosta an-fhada ann de thopaicí taighde a bhaineann le bóithre, atá ar siúl ar fud na hEorpa ag na heagraíochtaí seo, agus ag eagraíochtaí eile de chuid an AE. Is chun leasa TII agus na tíre ina hiomláine é teagmháil leis na grúpaí seo a bhuanú: cinntíonn sé seo go dtugtar aird ar dhearcadh na hÉireann sna tionscnaimh éagsúla taighde agus go mbíonn na huirlisí ag BI‏É chun an gréasán bóithre a thógáil agus a bhainistiú go sábháilte agus go hiontaofa.