Sábháilteacht Luas

Tá sábháilteacht chustaiméirí agus foireann Luas ar bharr thosaíochtaí an TII.

Oibríochtaí Luas

Oibríonn Transdev Dublin Light Rail Teo. Líne Dhearg agus Líne Ghlas Luas faoi chonradh do TII. Is é Transdev Dublin Light Rail Teo. an "Eagraíocht Iarnróid" agus sealbhóir oibríochta an "Doiciméad Bainistíochta Sábháilteachta", mar a cheanglaítear leis an Acht um Shábháilteacht Iarnróid 2005 [arna leasú ag an Aontas Eorpach (Sábháilteacht Iarnróid) Rialacháin 2013: IR 444 de 2013] as oibriú Luas.

Tá Transdev freagrach as an mbonneagar agus as an rothstoc a chothabháil. Tá na feidhmeanna seo faoi fhochonradh ag Alstom Ireland Teo/Veolia agus Alstom Ireland Teo. faoi seach. Is é TII úinéir sócmhainní bhonneagar seasta agus rothstoc Luas agus tá sé freagrach mar sin as a chinntiú go mbíonn fócas straitéiseach dírithe ar bhainistiú an bhonneagair agus an rothstoic, tá sé aicmithe mar Eagraíocht Iarnróid.

Déanann TII monatóireacht leanúnach ar fheidhmíocht sábháilteachta Luas agus déanann anailís ar eachtraí agus ar thimpistí chun treochtaí agus ceisteanna a aithint. Oibríonn TII go dlúth le Transdev Dublin Light Rail Teo. agus a chuid fochonraitheoirí lena chinntiú go gcoinnítear agus go bhfeabhsaítear an leibhéal ard sábháilteachta atá ann cheana féin le hoibríocht Luas. Folaíonn sé seo oibriú go dlúth le geallsealbhóirí agus príomhpháirtithe leasmhara le go mbeidh idirghníomhaíocht shábháilte le Luas.

Má éiríonn ceisteanna nó eachtraí a bhaineann le sábháilteacht as an idirghníomhaíocht idir tríú páirtithe agus Luas, tá straitéis ag TII agus Transdev an bonneagar a fheabhsú, córais nua sábháilteachta a cheapadh agus feachtais sábháilteachta a fhorbairt chun cur i gcoinne na rioscaí ábhartha. 

Feachtais Sábháilteachta

Déanann TII i gcomhpháirt le Transdev Dublin Light Rail Teo feachtais sábháilteachta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. I measc fheachtais sábháilteachta Luas bhí:

  • Feachtas Sábháilteachta do Choisithe - Deireadh Fómhair 2014
  • Feachtas Sábháilteachta do Thiománaithe - Meitheamh 2014
  • Feachtas Sábháilteachta do Rothaithe - Meitheamh 2013
  • Feachtas Sábháilteachta do Choisithe - Meitheamh 2013
  • Feachtas Sábháilteachta do Thiománaithe - Nollaig 2013
  • Feachtas Sábháilteachta do Leanaí - Iúil 2013

Nósanna imeachta a bhaineann le cur i seirbhís

Faoin Acht um Shábháilteacht Iarnróid 2005 [arna leasú ag an Aontas Eorpach (Sábháilteacht Iarnróid) Rialacháin 2013: IR 444 de 2013] (ailt 42 agus 43), cuirtear iallach ar Ghníomhaireachtaí Iarnróid údarú a chur isteach le haghaidh Cur i Seirbhís Oibreacha Nua (APS-NW) agus Údarú le aghaidh Cur i Seirbhís Rothstoic Nua (APS-NRS) don Choimisiún Sábháilteachta Iarnróid (CSI) roimh an céanna a úsáid. Forbraíonn agus cuireann TII mar Eagraíocht Iarnróid isteach ar Údarú ar Chur i Seirbhís Oibreacha Nua agus Rothstoic Nua.

Breis Eolais

Le haghaidh breis eolais ar Shábháilteacht Luas, Feasacht ar Shábháilteacht Bhunúsach Trambhealaigh agus le haghaidh Cód Cleachtais d'oibreacha ar Trambhealach Luas nó  cóngarach leis téigh go dtí www.luas.ie