Cigireachtaí ar Shábháilteacht ar Bhóithre

TII Publication: AM-STY-06044

Cigireachtaí ar Shábháilteacht ar Bhóithre

Nós imeachta sábháilteachta í Cigireacht ar Shábháilteacht ar Bhóithre (RSI) a thug TII isteach leis an Treoir ón AE maidir le Sábháilteacht an Bhonneagair Bóthair a Bhainistiú (EU RISM) a chomhlíonadh. Déantar cur síos ar an bpróiseas RSI i bhFoilseacháin TII faoi Chigireacht ar Shábháilteacht ar Bhóithre TII AM-STY06044, ar tugadh HD 17 air roimhe seo.

A cur chuige réamhghníomhach é RSI le sábháilteacht an ghréasáin bóithre náisiúnta reatha a fheabhsú. Is é an sainmhíniú a thugtar i dtreoir EU RISM ar RSI mar “gnáthfhíorú tréimhsiúil ar na saintréithe agus na lochtanna óna dteastaíonn obair chothabhála ar chúiseanna sábháilteachta”. Sainaithnítear sna cigireachtaí seo aon earraí a bhaineann le sábháilteacht óna dteastaíonn athbhreithniú breise, agus a bhféadfadh réiteach dearaidh a bheith ag teastáil uathu. Ní áirítear leis na cigireachtaí seo gnáthearraí cothabhála a shainaithnítear agus a cheartaítear trí phróisis eile TII. Is féidir teacht ar eolas breise i gcaighdeán Cigireachta ar Shábháilteacht ar Bhóithre TII AM-STY-06044. Is féidir amharc anseo ar na treoirlínte do Chigireachtaí ar Shábháilteacht ar Bhóithre.

Roghnú Bealaigh

Tugtar faoi RSI ar gach bóthar náisiúnta, tolláin san áireamh. Déantar cigireacht i dtosach ar an nGréasán Iompair Trans-Eorpach (TEN-T). Tá cigireacht le déanamh ar gach bealach ar a laghad gach cúig bliana.

Foireann RSI

Tá ceann foirne agus ar a laghad ball foirne eile amháin i bhfoireann RSA.

Staidéar Deisce

Cuirfear coimre chigireachta agus na rátaí imbhuailtí don Ghréasán Bóithre Náisiúnta ar fáil d’fhoirne RSI sula dtabharfaidh siad cuairt ar an suíomh. Cinntíonn an t-eolas a sholáthraítear go mbeidh tuiscint dhóthanach ag an bhfoireann RSI ar fheidhmíocht sábháilteachta bealaigh sula dtitfidh an chigireacht amach.

Cigireacht

Is í feidhm TII maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas cigireachta. Tugtar faoi RSI ar bhonn bealach ar bhealach. Tiomáineann an fhoireann RSI fad iomlán an bhealaigh i rith uaireanta sholas an lae agus dorchadais araon. Déanfaidh an fhoireann cigireacht an bhealaigh a thaifeadadh i bhfoirm físeáin agus í a gheochlibeáil. Déanann na foirne RSI cigireacht ar gach gné agus acomhal eile bóthair, agus ar fhad 200m de na taobh-bhóithre go léir a ghabhann chomh fada leis an bpríomhbhealach.

Tuarascáil

Ullmhaíonn an fhoireann tuarascáil aonair RSI do gach bealach. Cuimsítear sa tuarascáil cur síos gearr ar gach saincheist sábháilteachta. Tugann an fhoireann RSI faoi mheasúnú riosca ar gach earra a sainaithníodh, trí úsáid a bhaint as tosca mionathraithe imbhuailtí. Cuirtear an tuarascáil deiridh faoi bhráid TII agus scaiptear í ar na húdaráis ábhartha go ndéanfar athbhreithniú breise athbhreithniú agus cur i bhfeidhm.