Aonad um Pleanáil Straitéise

Is iad seo a leanas príomhfheidhmeanna Aonad um Pleanáil Straitéise agus Iompair TII:

" "
  • Staidéir straitéise a dhéanamh agus faisnéis ar ardleibhéal a chur le chéile lena n-áirítear riachtanais maidir le bóithre náisiúnta agus iarnród éadrom a mheasúnú.
  • Polasaithe agus córais a cheapadh agus a chur i bhfeidhm le tionscadail agus cláir a bhreithmheas agus iad a chur in ord tosaíochtaí.
  • Ionchur a fhorbairt le haghaidh Cásanna Gnó don Bhus Gasta (BRT), Luas agus Meitreo, e.g. múnlaí éilimh, anailís oibríochta, tuar ioncaim, anailís ilchritéir, breithmheas airgeadais agus eacnamaíoch agus anailís bunaithe ar rochtaineacht/córas faisnéise geografaí (GIF).
  • Forbairt an tSamhail Náisiúnta Iompair agus an tSamhail Náisiúnta Tráchta a bhainistiú agus a n-úsáid a chur chun cinn.  Maoirsiú a dhéanamh ar fhorbairt agus ar chur chun feidhme pacáistí samhlaithe iompair don éileamh uirbeach.
  • Suirbhéanna a dhéanamh agus sonraí a bhailiú chun tacú le hoibríochtaí Luas agus le gnéithe de ghnó TII. Uirlisí tuartha a fheabhsú chun go mbeidh tuiscint níos fearr ann ar chleachtais an duine i gcomhthéacs cúrsaí iompair.
  • Na Treoirlínte maidir le Breithmheas Tionscadail le haghaidh tionscadail Bóithre Náisiúnta a uasdátú agus iniúchtaí a dhéanamh ar chásanna gnó thionscadail chaipitiúla na mbóithre náisiúnta.
  • Bheith i dteagmháil leis an Údarás Náisiúnta Iompair agus comhlachtaí reachtúla eile maidir le riachtanais iompair atá anois ann agus a bheidh amach anseo agus maidir le réamnhphleanáil do ghréasáin náisiúnta um iompar ar thír.
  • Seirbhísí a sholáthar do Rannóga eile TII agus páirtithe leasmhara seachtracha.
     

Foilseacháin ar Phleanáil Straitéise

Doiciméid ar Phleanáil Phríomhstraitéisí lena n-áirítear Treoirlínte maidir le Breithmheas Tionscdail, Bróisiúir don Samhail Náisiúnta Iompair agus Taighde Iompair & Nótaí Faisnéise ar féidir teacht orthu i  Leabharlann TII .