0818-715-100 Motorway Incident Number

 

Tá sé de chuspóir ag BIÉ seirbhísí agus bonneagar iompair inbhuanaithe a sholáthar, caighdeán beatha níos fearr a sholáthar, tacú le fás eacnamaíoch, agus urraim a thabhairt don chomhshaol.

Is gníomhaireacht stáit í TII faoi choimirce na Roinne Iompair, a oibríonn ar leibhéal náisiúnta agus réigiúnach araon, i gcomhpháirtíocht le hÚdaráis Áitiúla maidir le bóithre náisiúnta agus féarbhealaí, agus leis an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA) maidir le hiarnród éadrom agus meitreo.

Bunaíodh TII trí chumasc idir an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta (NRA) agus an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród (RPA) faoi Acht na mBóithre 2015, agus bunaíodh é chun gréasáin iarnróid éadroim agus bóithre náisiúnta atá sábháilte agus éifeachtach a sheachadadh agus a oibriú.

In 2021, tarmligeadh feidhmeanna breise do TII maidir le taisteal gníomhach agus féarbhealaí.

Ag TII táimid ag tógáil geilleagar níos inbhuanaithe agus cáilíocht beatha níos fearr do gach duine. Chun níos mó a fhoghlaim faoinár n-eagraíocht agus faoin obair luachmhar a dhéanaimid chun daoine agus earraí a choinneáil ag gluaiseacht go sábháilte agus go hiontaofa gach lá, cliceáil ar ár bhfíseán faisnéise thíos.

 

 

Nuacht agus Nuashonraithe

  • 06/12/2024

    New TII Book on Archaeological Discoveries on the N2/M2 in Dublin and Meath

  • 13/11/2024

    Iarratas ar Ordú Iarnróid Luas Fhionnghlaise curtha faoi bhráid an Bhoird Pleanála

  • 31/10/2024

    Bí Ullamh don Gheimhreadh 2024 - 2025

  • 23/10/2024

    Méadú ar Tháillí Dola ó 1 Eanáir 2025

An Nuacht agus na Nuashonraithe Uile

 

Scéalta Gnéitheacha

Meastacháin um Shoghluaisteacht agus Luach Taobh Amuigh (MOVE)

Is treoirthionscadal taighde é Meastacháin um Shoghluaisteacht agus Luach Taobh Amuigh (MOVE) idir Fáilte Éireann agus BIÉ, le tacaíocht ó chomhairleoirí AECOM. Is éard atá i gceist leis an tionscadal ná sonraí a bhailiú maidir le bonneagar taistil ghníomhaigh taobh amuigh in Éirinn agus fócas ar leith á leagan ar ghlasbhealaí. Tá clár suirbhéanna agus comhaireamh idircheapa ar bun chun próifíl agus roghanna úsáideoirí glasbhealaí in Éirinn a thuiscint.


Tuarascáil maidir leis na Sochair a bhaineann leis an Luas 2024

Chun bheith ag teacht leis an gceiliúradh ar 20 bliain den Luas, d’fhoilsigh BIÉTuarascáil maidir leis na Sochair a bhaineann leis an Luas 2024 4 i ndáil leis an ionchur dearfach a bhí ag an Luas ar an saol maireachtála, oibre agus sóisialta i mBaile Átha Cliath le fiche bliain anuas.

Tá sé cruthaithe go raibh an Luas ina thionscadal bonneagair suaitheanta in Éirinn, agus rinneadh beart de réir briathair leis i rith an ama agus é in am agus faoin mbuiséad. Leis an tuarascáil soláthraítear tuiscint ar a bhfuil indéanta le hiompar poiblí astaíochtaí nialasacha atá ar ardchaighdeán agus inrochtana a sholáthar, agus tarraingítear aird léi freisin ar an tionchar dearfach a bhí ag an Luas chun fás comhdhlúth, beocht eacnamaíoch agus shóisialta, agus soghluaisteacht inbhuanaithe a chumasú.

Bhí an Luas ina chatalaíoch chun príomhchathair atá níos inbhuanaithe, níos nasctha agus níos táirgiúla a chruthú. Leis sin atarraingíodh léarscáil Bhaile Átha Cliath, athraíodh saoil daoine ó bhonn agus cuireadh feabhas ar chaighdeán na beatha dóibh sin a bhfreastalaíonn sé orthu. Nascann an Luas pobail agus áiteanna, tacaíonn sé le forbairt agus fás nua a sholáthar, agus soláthraíonn sé nasc ardchaighdeáin do phríomhionaid eacnamaíocha ar fud an réigiúin. Rinne an Luas beart de réir briathair do phobal agus geilleagar Bhaile Átha Cliath, agus ba é a bhí mar an t-inneall taobh thiar d’fhás eacnamaíoch na hÉireann.

Léigh an preasráiteas iomlán anseo


Meastóireacht Tionchair do Sheachbhóthar BIÉ – Maigh Chromtha

Tá sraith meastóireachtaí tionchair seachbhóthair á déanamh ag BIÉ chun tuiscint a fháil ar na tionchair i mbailte agus sráidbhailte áitiúla a sheachnaítear le tionscadail bóithre a mhaoinítear le BIÉ. Leo sin breathnaítear ar thionchair ar líonta feithiclí, modhanna mótarthrealmhaithe agus gníomhacha, gnólachtaí áitiúla, inrochtaineacht agus ionchuimsiú sóisialta, sábháilteacht agus an timpeallacht áitiúil. Maidir leis an gcéad chomparáid ar shonraí ó bhliain amháin i ndiaidh oscailt na seach-chonaire in aghaidh sonraí bonnlíne, do bhaile Mhaigh Chromtha i gContae Chorcaí, tá sí críochnaithe anois agus déantar tuairisciú uirthi i ‘Meastóireachtaí Tionchair Seach-chonaire BIÉ – Maigh Chromtha’.

Léigh an preasráiteas iomlán anseo


Bí Páirteach inár gClár Píolótach Teicneolaíochta Comhoibríche ar cits.tii.ie

Tá BIÉ ag iarraidh ar 1,500 duine den phobal chun bheith rannpháirteach inár gclár píolótach feithiclí nasctha, rud a rithfidh go deireadh 2024.

Cuidigh linn le bóithre na hÉireann a dhéanamh níos sábháilte agus bí páirteach sa chlár píolótach inniu ag cits.tii.ie


 

Ábhair Mhóréilimh

Gairmeacha

Tá BIÉ bunaithe i mBaile Átha Cliath agus fostaíonn an eagraíocht réimse leathan disciplíní gairmiúla, riaracháin agus teicniúla.

navy plus

Leabharlann

Tá doiciméid neamhrialaithe BIÉ uile i Leabharlann BIÉ.



navy plus

Inbhuanaitheacht

Tá fís ag BIÉ chun bheith chun tosaigh maidir le hiompar inbhuanaithe a sholáthar agus a oibriú, agus é á chumasú dár ngréasáin fás ionchuimsitheach a spreagadh.

navy plus

Bainistíocht Sócmhainní

Le cuspóirí straitéiseacha BIÉ áirítear oibriú agus cothabháil leanúnach an bhonneagair gréasáin iompair atá ann cheana.

navy plus

Comhdhálacha

Tá leathanach gréasáin Comhdhála tiomnaithe BIÉ ina fhoinse lárnach de naisc agus ábhair BIÉ ábhartha a fhéadfaidh a bheith ina n-ábhar spéise do thoscairí.

navy plus

eFlow

Is éard is eFlow ann an córas Dola gan Bhacainn atá i bhfeidhm ar Mhótarbhealach M50 Bhaile Átha Cliath.



navy plus

Bóithre Náisiúnta, Glasbhealaí agus Nuashonrú Taistil Ghníomhaigh 2023

Is é an Creat Pleanála Náisiúnta plean straitéiseach an Rialtais chun fás agus forbairt a mhúnlú amach anseo


navy plus

Stádas Tionscadal Iompair Phoiblí: 2023

Tá Liosta Gníomhach na dTionscadal agus na gClár Iompair Phoiblí ina phunann de thionscadail iompair phoiblí lena bhfuil tábhacht ar bhonn náisiúnta


navy plus

Trácht agus Aimsir

Pleanáil do thuras roimh ré chun moilleanna neamhriachtanacha a sheachaint, agus úsáid á baint as ár bhfaisnéis cothrom le dáta maidir le trácht ar bhóithre agus an aimsir

 


navy plus

 

Other Transport Infrastructure Ireland Services