Aimsigh Muid
Tá BIÉ suite go háisiúil ag Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, D08 DK10, agus tá sé inrochtana go héasca de shiúl na gcos, ar rothar, ar an mbus, ar an tram agus ar an traein. Ar an leathanach seo, gheobhaidh tú faisnéis maidir le conas teacht chuig ár n-oifig trí gach modh iompair. De rogha air sin, is féidir leat cliceáil ar Turas a Phleanáil..
De shiúl na gcos:
Táimid 30 nóiméad de shiúl na gcos ó lár na cathrach, ag dul siar ó Dhroichead Uí Chonaill, agus táimid trí nóiméad de shiúl na gcos ó mhol iompair Stáisiún Heuston.
Ar rothar:
Tá stáisiúin dublinbikes suite in aice láimhe ar Shráid Gheata na Páirce agus ag Stáisiún Heuston. Táimid thart ar 12 nóiméad ar rothar ó lár na cathrach agus tá áiseanna páirceála rothar cuairteoirí faoin spéir ar fáil againn ar an láthair.
Ar an mbus:
Is féidir teacht orainn ar an mbus agus tá na huimhreacha stad bus seo a leanas suite tamall gearr siúil ónár n-oifigí:
- Sráid Gheata na Páirce stad 1474 agus 7078
- Stad Heuston 4319 ( 747 go dtí an t-aerfort), 4320 ( 145 ) , 4425( 90 )
- Stad Bhóthar Eoin Thiar 4413 agus 2637
Ar an tram:
Trí nóiméad siúil ó stad Líne Dhearg Luas Heuston. Is féidir teacht orainn freisin ó Stáisiún Uí Chonghaile agus Páirceáil & Taisteal na Bó Deirge tríd an Líne Dhearg Luas.
Ar an traein:
Trí nóiméad siúil ó Stáisiún Heuston, ceann de na príomhstáisiúin traenach i mBaile Átha Cliath.