Bord BIÉ

Mr. Gareth Llewellyn , Cathaoirleach

 

Gareth Llewellyn Image

Ceapadh Gareth Llewellyn ina Chathaoirleach ar BIÉ i mí na Samhna 2021 i ndiaidh dó dul ar scor mar Phríomhfheidhmeannach ar DVSA, ciste trádála rialtais de chuid na Ríochta Aontaithe a sholáthraíonn seirbhísí do bhreis agus 40 milliún custaiméir. Roimhe sin, bhí poist feidhmiúcháin dhomhanda aige le National Grid plc agus Anglo American plc agus ba é a bhí mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin freisin ag Network Rail agus é freagrach as saincheisteanna sábháilteachta, teicniúla agus innealtóireachta. Mar stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin, chuir Gareth an chuideachta bainistíochta dramhaíola Biffa plc ar an stocmhalartán agus bhunaigh sé Gníomhaireacht Breoslaí In-Athnuaite na Roinne Iompair. Chuaigh Gareth ar scor óna ról mar stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar Údarás Harwich Haven i mí na Nollag 2021, rud a sholáthraíonn píolótaí do na longa coimeádán is mó ar domhan a bhíonn ag teacht chuig Felixstowe agus ag imeacht uaidh. Tá sé ina stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar Sage Housing freisin atá, le tacaíocht ó Blackstone, ar an soláthraí is mó de thithíocht shóisialta agus inacmhainne ar ardchaighdeán sa Ríocht Aontaithe. Is comhalta é Gareth ag Institiúid Cambridge um Cheannaireacht Inbhuanaitheachta agus i 2005 iarradh air labhairt ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe ar chearta daonna agus gnó.


Mr Peter Walsh, CEO

 

Peter Walsh Image

Is innealtóir Sibhialta Cairte é Peter Walsh a bhfuil breis agus 40 bliain de thaithí aige. Sula ndeachaigh sé isteach in NRA in 2000, d’oibrigh sé le haghaidh conraitheoir tógála agus mar innealtóir comhairleach, ach ba é a bhí i gceist go príomha bóithre a thógáil d’Údaráis Áitiúla. D’oibrigh sé ar chur i gcrích an ghréasáin mótarbhealaí go dtí 2015, tráth a ndearnadh an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta agus An Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród a chumasc chun BIÉ a bhunú. Chuaigh sé i mbun oibre mar Stiúrthóir Bainistíochta Chlár Caipitiúil in BIÉ nuabhunaithe. Sa phost sin bhí sé ag plé le hiarnród éadrom, tionscadail chaipitil Meitreo, mar aon le tionscadail bhóithre náisiúnta. Ceapadh Peter Walsh mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar BIÉ an 1 Deireadh Fómhair 2020.


Ms. Mary O'Donovan

 

Mary O'Donovan Image

Is Stiúrthóir Cairte í Mary O’Donovan a bhfuil taithí Bhoird aici sna hearnálacha poiblí, príobháideacha agus carthanacha. I láthair na huaire tá sí ag feidhmiú mar chomhalta Boird ar an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe agus mar Chomhalta Boird de chuid An Post. Tá taithí fhairsing aici ar leibhéal sinsearach ar bhainistíocht oibríochtaí, bainistíocht córas agus bainistíocht ghinearálta agus bhí róil shinsearacha aici lena n-áirítear Stiúrthóir Seirbhísí do Chustaiméirí, Príomhoifigeach Faisnéise, Príomhoifigeach Oibríochtaí agus Bainisteoir Ginearálta sna hearnálacha Teileachumarsáide agus Seachfhoinsithe Próiseas Gnó.


Mr. Aebhric Mc Gibney

 

Aebhric McGibney Image

Oibríonn an tUasal Aebhric McGibney (M.Litt (Eacnamaíocht), MBA, Stiúrthóir Cairte), mar Stiúrthóir Gnóthaí Poiblí agus Idirnáisiúnta le Comhlachas Tráchtála Bhaile Átha Cliath. Is Stiúrthóir Cairte é agus roimhe seo bhí sé mar chomhalta ar Bhord Chóras Iompair Éireann, agus é i mbun cathaoirleachta ar a Choiste Airgeadais agus Réadmhaoine. Roimhe seo, bhí sé ag obair mar léachtóir i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, mar chomhairleoir eacnamaíoch in Fitzpatrick Associates agus mar Eacnamaí Sinsearach in IBEC.


Mr. Desmond Kenny

 

Desmond Kenny Image

Tá breis agus 35 bliain caite ag Des Kenny ag obair in earnáil an mhíchumais in Éirinn, idir obair ghairmiúil agus dheonach araon agus é ag feachtasaíocht ar son cearta do dhaoine faoi mhíchumas agus ionchuimsitheacht na ndaoine sin sa saol agus i seirbhísí príomhshrutha. Bhí sé mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Chomhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill (NCBI) go dtí go ndeachaigh sé ar scor. Rannchuidigh Des le beartais a cheapadh san earnáil agus bhí sé mar chomhalta ar roinnt boird reachtúla lena n-áirítear dhá théarma ceithre bliana san Údarás Náisiúnta Míchumais. Tá MBA bainte amach aige, chomh maith le MSc Eacnamaíochta i mBainistíocht Cúraim Sláinte.


Mr. Aidian Skelly

 

Aidan Skelly Image

Iar-Phríomhoifigeach Airgeadais EirGrid plc é Aidan Skelly. Sular thosaigh sé ag obair do EirGrid bhí roinnt poist shinsearacha airgeadais agus tráchtála aige in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. Is Cuntasóir Cairte é a bhfuil B.Comm bainte amach aige ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus MBS sa Cheannaireacht Chorparáideach ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is stiúrthóir é freisin ar AirNav Ireland agus ar an gComhlacht Ceadaithe Tithíochta, Respond.


Dr. Damian Ó Tuama

 

Damian O Tuama Image

Is taighdeoir soghluaisteachta é Damian Ó Tuama a bhfuil breis agus 20 bliain de thaithí aige san earnáil phríobháideach. Chuir sé a thaighde dochtúireachta ar chúrsaí aistrithe i dtaca le córais soghluaisteachta i gcrích in 2015 (Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath) agus tá sé ina Mheastóir agus ina Chomhalta anois den Choiste Stiúrtha le haghaidh tionscadail taighde faoi Ghlao Bliantúil Chlár Taighde EPA faoi cholúin na hAeráide agus na hInbhuanaitheachta. Tá sé ina Chomhordaitheoir Náisiúnta Rothaíochta do Cyclist.ie – Líonra Tathanta Rothaíochta na hÉireann agus an Taisce. Bhí sé ina chomhalta boird le Cónaidhm Rothaithe na hEorpa idir 2016 agus 2021.


Ms. Patricia O'Shea

 

Patricia O'Shea Image

Is dlíodóir corparáideach í Patricia O’Shea, atá cáilithe chun cleachtadh i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, agus tá taithí de bhreis agus 30 bliain aici, rud a fuair sí in earnáil TF agus san earnáil eitlíochta go príomha. Bhí sí ag obair ar feadh roinnt blianta in IBM, áit a raibh róil éagsúla aici mar Ard-Abhcóide, Rúnaí Cuideachta agus Stiúrthóir. Tá sí ina Ceann Grúpa ar Chúrsaí Dlí agus Rúnaíochta in daa plc, ról a chuimsíonn oibríochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta na cuideachta. Bhí sí ar Bhord Feidhmiúcháin an Ospidéil Náisiúnta Máithreachais ar feadh na mblianta fada. Comhalta í ar Bhord Comhairleach Asia Matters.


Ms. Colette Byrne

 

Colette Byrne Image

Tá Colette Bryne ina iar-Phríomhfheidhmeannach le Comhairle Contae Chill Chainnigh, agus bhí sí ina Príomhfheidhmeannach le Comhairle Contae Uíbh Fhailí roimhe sin. Tá breis agus 40 bliain caite ag Colette san Earnáil Phoiblí, agus chaith sí breis agus 20 bliain ag obair ar leibhéal Bainistíochta Sinsearaí, agus tá MA aici i mBainistíocht na hEarnála Poiblí. Chuaigh Colette Byrne isteach i mBord BIÉ in Eanáir 2021.


Mr. Michael Wall

 

Michael Wall Image

Is abhcóide é Michael Wall a bhfuil saineolas aige sa dlí pleanála, comhshaoil agus tógála. Is comhalta é ar an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS) agus is iarchomhalta boird é ar an mBord Pleanála agus ar Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI). D’oibrigh sé mar ailtire i gcleachtas príobháideach agus sa bhainistíocht tionscadail, is comhalta é le hInstitiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann agus is comhalta é d’Institiúid Pleanála na hÉireann. Tá MBA ag an Uasal Wall ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath chomh maith le céimeanna san ailtireacht, sa phleanáil agus sa dlí. Is Cathaoirleach é ar Chumann Seoirseach na hÉireann agus is comhalta boird é ar Amharclann na Mainistreach agus Ospidéal Simpson.


AnnMarie Farrelly

 

Ann Marie Farrelly Image

AnnMarie Farrelly is Chief Executive of Fingal Council. Originally from Corduff, Co Monaghan, she previously worked for Dublin County Council before joining Fingal County Council on its establishment in 1994. She was Fingal County Council’s Director of Housing and Community from 2011 to 2015 before serving as Director of Planning and Strategic Infrastructure from 2015 to 2019 prior to her appointment as Chief Executive.


Sadhbh O Neill

 

Sadbh O'Neill

Sadhbh O Neill is the senior climate advisor to Friends of the Earth Ireland and is a leading Irish climate policy analyst and environmentalist. She holds an MA in Philosophy and Public Affairs (UCD), and a BA in English literature and Philosophy (TCD) and is a PhD candidate at UCD School of Politics and International Relations researching climate ethics and carbon trading. In addition to working part-time for Friends of the Earth, she works as a part-time lecturer at DCU and TU Dublin in climate politics and law and contributes regularly to the Irish Times science and opinion pages. In the 1990s she served 5 years as a member of Dublin city council.