Foireann Feidhmiúcháin BIÉ

Peter Walsh, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin

 

Peter Walsh Image

Is innealtóir Sibhialta Cairte é Peter Walsh a bhfuil breis agus 40 bliain de thaithí aige. Sula ndeachaigh sé isteach in NRA in 2000, d’oibrigh sé le haghaidh conraitheoir tógála agus mar innealtóir comhairleach, ach ba é a bhí i gceist go príomha bóithre a thógáil d’Údaráis Áitiúla. D’oibrigh sé ar chur i gcrích an ghréasáin mótarbhealaí go dtí 2015, tráth a ndearnadh an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta agus An Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród a chumasc chun BIÉ a bhunú. Chuaigh sé i mbun oibre mar Stiúrthóir Bainistíochta Chlár Caipitiúil in BIÉ nuabhunaithe. Sa phost sin bhí sé ag plé le hiarnród éadrom, tionscadail chaipitil Meitreo, mar aon le tionscadail bhóithre náisiúnta. Ceapadh Peter Walsh mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar BIÉ an 1 Deireadh Fómhair 2020.


Rachel Cahill, Ceannasaí na hOifige Feidhmiúcháin agus Inbhuanaitheachta

 

Rachel Cahill Image

Tá Rachel ina Ceannasaí ar Phríomhoifig Fheidhmiúcháin BIÉ agus freagracht uirthi as Straitéis Inbhuanaitheachta BIÉ a threorú. Is cuntasóir cairte í a bhfuil taithí de bhreis agus 25 bliain aici ag obair i dtimpeallachtaí casta dúshlánacha airgeadais agus oibríochtúla, lena n-áirítear an earnáil iompair agus soghluaisteachta le 15 bliana anuas. Sula ndeachaigh sí isteach in BIÉ, chaith Rachel 10 mbliana ag obair sa tionscal baincéireachta i róil oibríochtúla agus airgeadais.


Pat Maher, Stiúrthóir Bainistithe Líonra

 

Pat Maher Image

Tá Pat Maher ina Stiúrthóir Bainistíochta Gréasáin ar BIÉ. Is innealtóir cairte é agus tá céimeanna Máistreachta bainte amach aige san innealtóireacht shibhialta ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus ó Ollscoil Calgary, Ceanada. Chuaigh sé isteach in NRA in 1999 i ndiaidh dó a bheith ag obair do ghnólachtaí innealtóireachta comhairleoireachta sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn. Ceapadh é ina Stiúrthóir Bainistíochta Gréasáin ar BIÉ nuair a rinneadh an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród agus an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta a chumasc.


Nigel O’Neill, Stiúrthóir Bhainistíocht an Chláir Chaipitiúil

 

Nigel O'Neill Image

Is Stiúrthóir Bainistíochta an Chláir Chaipitiúil le haghaidh BIÉ é Nigel O’Neill. Tá céimeanna BSc agus MSc san innealtóireacht ag Nigel agus is Innealtóir Cairte é agus tá sé ina bhall d’Institiúid Innealtóirí na hÉireann. Tá taithí de bhreis agus 30 bliain ag Nigel sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí lena n-áirítear innealtóireacht shibhialta, bainistíocht tionscadal, soláthar poiblí, pleanáil straitéiseach iompair, Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí (CPP), oibríochtaí dola agus oibríochtaí iarnróid éadroim.


Cathal Masterson, Stiúrthóir Oibríochtaí Tráchtála

 

Cathal Masterson Image

Is Stiúrthóir Oibríochtaí Tráchtála le haghaidh BIÉ é Cathal Masterson. Is Innealtóir Cairte é Cathal a bhfuil MSc bainte amach aige sa bhainistíocht tionscadal agus tá cuntas teiste cruthaithe aige maidir le hoibríochtaí iompair agus soghluaiseachta a bhainistiú agus tionscnaimh bhainistíochta ar athruithe a chur chun cinn. Sular thosaigh sé de bheith ag obair san earnáil phoiblí i 2008, d’obair Cathal le gnólachtaí comhairleoireachta maidir le tionscadail éagsúla iompair do chliaint san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach.


Tony Redmond, Director Corporate Services

 

Tony Redmond Image

Tá Tony Redmond ina Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha do BIÉ. Roimhe sin, bhí sé ina Cheannasaí Soláthair. Is cuntasóir bainistíochta cairte é a bhain MBS amach i Soláthar Straitéiseach ó OCBÁC. Sula ndeachaigh sé leis an earnáil phoiblí i 2002, d’obair Tony sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe go príomha i dtionscal na n-aerlínte.


Helen Hughes, Stiúrthóir Seirbhísí Gairmiúla

 

Helen Hughes Image

Tá Helen ina Stiúrthóir ar Rannán na Seirbhísí Gairmiúla do BIÉ. Roimhe sin, bhí sí ina Ceann Pleanála Straitéisí agus Iompair san Údarás um Bóithre Náisiúnta. Tá taithí de bhreis agus 20 bliain aici i bpleanáil iompair, breithmheas tionscadal agus bainistíocht tionscadal sa Ríocht Aontaithe, sa Fhrainc agus in Éirinn. Is Innealtóir Cairte í agus tá céim Baitsiléara san Innealtóireacht Shibhialta agus Dioplóma sa Bhainistíocht Tionscadal bainte amach aici.


Audrey Keogh, Stiúrthóirí Seirbhísí Gnó

 

Audrey Keogh Image

Tá Audrey Keogh ina Stiúrthóir ar Sheirbhísí Gnó. Áirítear leis an Rannóg Seirbhísí Gnó Acmhainní Daonna, Airgeadas, Rialachas agus Dlí agus Talamh agus Maoin. Is Comhalta í d’Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn agus tá taithí os cionn 25 bliain aici ar róil Airgeadais san earnáil phoiblí, sa chleachtas agus sa tionscal.


Sean O'Neill, Stiúrthóir Cumarsáide Corparáideach

 

Sean O'Neill Image

Tá Seán O’Neill ina Stiúrthóir Cumarsáide Corparáidí do BIÉ. Tá breis agus 20 bliain caite aige ag obair mar ghairmí cumarsáide trasna réimse éagsúil earnálacha gnó, ón mbith-theicneolaíocht go mórthionscadail bhonneagair. Chuaigh sé isteach san Údarás um Bóithre Náisiúnta in 2005 mar Cheannasaí Cumarsáide. Is comhalta é Seán d’Institiúid na hÉireann um Chaidreamh Poiblí agus tá Máistreacht i mBainistíocht Cumarsáide aige.