Maoiniú Eorpach agus Náisiúnta
Faigheann BIÉ cistiú ó roinnt mhaith foinsí náisiúnta agus Eorpacha chun tacú lenár dtionscadail um bonneagar iompair .
Ciste Comhtháthaithe 2021 go 2027
Foráiltear le Conradh Maastricht gur cheart Cistiú Comhtháthaithe a chur ar fáil do na Ballstáit a bhfuil OTN per capita níos lú ná 90% den mheánmhéid sa Chomhphobal acu chun cuidiú leis an gclár náisiúnta ar aidhm leis cóineasú eacnamaíoch a bhaint amach. Tá cistiú á chur ar fáil faoi ;
- Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa .
- Ciste Sóisialta na hEorpa Plus
- Comhar Críochach Eorpach
- An Ciste Eorpach um Aistriú Cóir
Ciste faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (CEF)
Tacaíonn Cistiú CEF le huasghráduithe agus feabhsúcháin ar an mBonneagar Iompair agus ar chórais ar an gCroíghréasán agus ar an ngréasán cuimsitheach (Gréasán TEN-T).
Is féidir iarratais ar chistiú a dhéanamh mar fhreagra ar ghairmeacha bliantúla maidir le cistiú. D’éirigh le BIÉ agus le roinnt Údarás Áitiúil i roinnt iarratas a rinne siad le blianta beaga anuas.
An Plean Forbartha Náisiúnta (PFN) 2021-2030
Leagtar amach an infheistíocht phoiblí ollmhór a cheadaigh an Rialtas le haghaidh thréimhse an phlean i PFN 2021 go 2030. Cuireann an plean Uasteorann Chaipitil €165 billiún ar fáil chun tacú le forbairtí eacnamaíocha, sóisialta, cultúir agus comhshaoil ar fud na hÉireann.
Beartaítear €35 billiún a infheistiú sa chóras iompair, rud a chuirfidh athrú ó bhonn ar an gcaoi a dtaistealaíonn daoine agus a laghdóidh astaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann faoina leath faoi 2030. Leithdháiltear cistiú caipitil €12 billiún don iompar poiblí, €5.1 billiún do thionscadail bhóithre náisiúnta, €675 milliún do bhóithre áitiúla agus réigiúnacha agus €4 billiún don bhonneagar siúil agus rothaíochta.
Tá an cistiú sin deighilte ina dhá thréimhse cúig bliana agus bronnfar tromlach an chistithe don infheistíocht san iompar sa dara tréimhse cúig bliana, is é sin 2026 go dtí 2030. Déantar foráil sa PFN d’athbhreithniú meántéarma in 2025.
Is príomhthosaíocht é an Gréasán Bóithre Náisiúnta atá ann cheana féin a choinneáil ar chaighdeán láidir agus sábháilte, agus bainfidh céatadán mór den chaiteachas ar bhóithre náisiúnta le linn an PFN seo leis na sócmhainní atá ann cheana féin a oibriú, a chosaint agus a athnuachan, agus le luach na sócmhainní sin a choinneáil ar bun.
Féachfaidh an clár um bóithre náisiúnta le tacú le NSO 1: Fás Dlúth, trí infheistíochtaí spriocdhírithe i seachbhóithre timpeall ar lár bhailte réigiúnacha agus príomh-lárionaid fáis, lena bhféadfar lárionaid uirbeacha a athnuachan agus a athbheochan i gcomhréir le prionsabail an bheartais nua ‘Tús Áite do Lár Bailte’.
Sainaithnítear trí mhórthionscadal tógála le linn na tréimhse sa phlean. Tá péire díobh sin tugtha chun críche anois agus tá dul chun cinn á dhéanamh ar an N5 Bealach an Doirín go dtí Scramóg ar an láthair. Beartaítear dul chun cinn a dhéanamh ar liosta de 31 mhórthionscadal ainmnithe freisin.