Nósanna Imeachta Phrapíocaíochta

Sonraí an tiomantais maidir le prapíocaíocht 15 lá.

Faoin thiomantas an Rialtais faoi Chlár Tacaíochta d’Éirinn AE/CAI leathnófar an riail phrapíocaíochta 15 lá go dtí an earnáil phoiblí i gcoitinne. Tá feidhm ag an riachtanas seo maidir le gach sonrasc bailí a fhaightear ar an 1 Iúil 2011 nó ina dhiaidh.

Tá Bonneagar Iompair Éireann (TII) tiomanta do gach iarracht a dhéanamh ár soláthraithe a íoc i gcomhréir leis an riachtanas seo.

Modhanna Íocaíochta

Is é Ríomhaistriú Airgid (RAA) ár modh íocaíochta. Eiseofar duillín íocaíochta ar ríomhphost nuair a bhíonn seoladh ríomhphoist ar comhad againn.

Sonrasc Bailí

Tosóidh an tréimhse 15 lá ar an lá a fhaigheann an tÚdarás sonrasc bailí chuig an seoladh ríomhphoist accountspayable@tii.ie nó tríd an bpost ag an seoladh seo:

Rannóg na gCuntas,
Bonneagar Iompair Éireann, 
Ionad Gnó Gheata na Páirce, 
Sráid Gheata na Páirce, 
Baile Átha Cliath 8, 
D08 DK10.

Email: customerservice@tii.ie
Phone: (01) 646 3600

 

Ní mór go mbeadh na nithe seo in aon sonrasc bailí:
  • Ainm agus seoladh an ghnóthais nó na cuideachta
  • Clárúchán bailí CBL nó uimhir PSP
  • Dáta an tsonraisc
  • Uimhir an tsonraisc
  • Méid an tsonraisc
  • Uimhir Ordaithe Ceannaigh nó coibhéis chomhaontaithe
  • Cuntas ar na hearraí nó na seirbhísí a soláthraíodh
  • Seolfar sonraisc neamhbhailí ar ais go dtí an soláthraí lena gceartú.

Deimhniú Imréitigh Cánach

Meabhraítear do sholáthraithe, i gcás gach ceannachán a dhéantar san earnáil phoiblí os cionn €10,000 laistigh d’aon tréimhse 12 mhí, CBL san áireamh,go gcaithfidh an soláthraí mionsonraí rochtana ar Imréiteach Cánach bailí a chur ar fáil sular féidir íocaíocht a dhéanamh. Ní dhéanfar íocaíocht go dtí go mbeidh sé fíoraithe ag BIÉ go bhfuil imréiteach cánach bailí ag an soláthraí tráth na híocaíochta.

Cruthúnas seachadta

Nuair a bhíonn earraí á seachadadh, ba cheart cruthúnas ar an seachadadh a thabhairt don té dá bhfuil na hearraí á seachadadh.

Íocaíocht RAA

Ba cheart sonraí cuntais bainc a sholáthar le haghaidh íocaíocht RAA. Ní dhéanfar íocaíocht ach ar shonraisc a bhfuil na coinníollacha thuas ar fad comhlíonta leo agus nuair a bheidh téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha TII nó na comhaontaithe ábhartha idir TII agus an soláthraí comhlíonta leo.

Díospóidí / Nósanna imeachta gearán

Má fhaigheann TII sonrasc faoina bhfuil díospóid nó ceist le réiteach, rachaidh ball foirne TII i dteagmháil leis an soláthraí agus cuirfidh sé os a chomhair na sonraí seo a leanas:

  • Uimhir an tsonraisc lena mbaineann an díospóid
  • An méid atá i gceist sa díospóid
  • Cúis na díospóide
  • Aon doiciméadacht tacaíochta

Má theastaíonn uait gearán a dhéanamh faoi íocaíocht dhéanach, déan teagmháil ar dtús le Rannóg na gCuntas TII agus déan cur síos ar nádúr do ghearáin. Mura mbíonn tú sásta leis an bhfreagra a fhaigheann uathusan, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le Ceann Airgeadais TII.

Tuairiscí Prapíocaíochta