Faisnéis ón Earnáil Phoiblí a Athúsáid
Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faisnéis ón Earnáil Phoiblí a Athúsáid), 2015 (I.R. 525 de 2015)
Le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faisnéis ón Earnáil Phoiblí a Athúsáid (FEP)), 2005 (arna leasú le I.R. 103/2008 agus I.R. 525/2015) cruthaítear creat reachtúil d’athúsáid faisnéis, atá ann cheana féin i seilbh chomhlachtaí na hearnála poiblí, ag gnóthais agus saoránaigh. Foráiltear leis na Rialacháin FEP d’fhaisnéis a eisiúint, i bhformáid nó i dteanga ina bhfuil sí cheana féin lena hathúsáid, agus ní bhaineann sé le faisnéis a bhfuil gá le hobair shuntasach a dhéanamh uirthi chun í a ullmhú lena heisiúint ar mhaithe lena hathúsáid.
Faisnéis a Athúsáid
Cloíonn TII leis na Rialacháin FEP agus déanaimid athúsáid as an bhfaisnéis a thairgimid a spreagadh. Cuimsíonn athúsáid, cóipeáil, mionathrú, aistriú, oiriúnú, dáileadh, nó an fhaisnéis a úsáid in aon slí eile i meán, modh nó i bhformáid ar bith chun críche dleathaí. Cuimsítear leis seo freisin, críocha tráchtála agus neamhthráchtála.
Tá sonraí na faisnéise atá ar shuíomh Gréasáin Bhonneagar Iompair Éireann suite anseo:
Rinneadh gach iarracht a chinntiú go mbíonn na sonraí ábhartha suas chun dáta agus saor ó earráidí, ní bheidh dliteanas ar TII áfach mura mbíonn.
Ní bheidh dliteanas ar Bhonneagar Iompair Éireann i ndáil le haon chaillteanais, speansais, costais, éilimh, damáistí ná le dliteanas i ndáil leis an bhfaisnéis a athúsáid.
Ceadúnas FEP
Aon fhaisnéis a eiseofar beidh sí faoi réir ag téarmaí agus coinníollacha Ceadúnais Shannta Creative Commons (CC-BY 4.0). Ní mór d’úsáideoirí aitheantas a thabhairt do TII mar fhoinse faisnéise agus ní mór an ráiteas sannta seo a úsáid: “Cuimsítear ann Faisnéis ón Earnáil Phoiblí ceadúnaithe faoi Cheadúnas Sannta Creative Commons 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0)”.
Ní bhronntar leis an gceadúnas seo aon cheart ar úsáideoirí na nithe seo a úsáid:
- faisnéis phearsanta, mura mbíonn sé anaithnid go leor agus/nó comhiomlánaithe;
- cearta tríú páirtí agus cearta maoine intleachtúla nach bhfuil TII údaraithe a cheadúnú, ach ní teoranta do, paitinní, cóipcheart, cearta bunachar sonraí nó trádmharcanna;
- ainmneacha, suaitheantais, lógónna, nó aon siombailí oifigiúla eile TII.
Is faoi chóipcheart Bhonneagar Iompair Éireann é aon fhaisnéis atá ar ár suíomh gréasáin mura dtugtar a mhalairt le fios.
Cearta Eisiacha a Dheonú
Ní údaraíonn TII cearta eisiacha ar úsáideoir ar bith a fhaisnéis a athúsáid mura measann TII é a bheith riachtanach d’fhoráil seirbhíse atá chun leas an phobail.
Iarratas FEP a Dhéanamh
Ba cheart iarratais i ndáil le Rialacháin FEP a dhéanamh i scríbhinn go dtí:
Aonad Rialála & Riaracháin,
Ionad Gnó Gheata na Páirce,
Sráid Gheata na Páirce,
Baile Átha Cliath 8,
D08 DK10.
Nó, is féidir iarratais a chur chugainne ar ríomhphost go dtí info@tii.ie.
Ba cheart duit a chur in iúl go soiléir go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi Rialacháin FEP. Le haon iarratas i dteanga eile seachas an Ghaeilge nó Béarla ní mór aistriúchán Gaeilge nó Béarla a chur in éineacht leis. Bí chomh sonrach agus is féidir, le do thoil, agus d’iarratas á dhéanamh agat, chun cuidiú le foireann BIÉ d’iarratas a phróiseáil. Ina theannta sin, tabhair, le do thoil, uimhir theagmhála lae dúinn ionas go mbeimid in ann teagmháil leat má bhíonn gá le haon ní a shoiléiriú maidir le d’iarratas.
I gcomhréir le forálacha an Achta, freagraítear iarratais FEP de ghnáth laistigh de 20 lá oibre tar éis iad a fháil. I gcás ina mbíonn, de dheasca mhéid nó chastacht an iarratais, gá le níos mó ná 20 lá oibre ón uair a fhaightear an t-iarratas chun é a phróiseáil, cuirfidh TII ar an eolas tú faoi laistigh de thrí seachtaine tar éis dúinn an t-iarratas a fháil. I gcás dá leithéid, freagróidh TII an t-iarratas laistigh de 40 lá oibre tar éis dúinn an t-iarratas a fháil.
Táillí
De ghnáth bíonn aon fhaisnéis a sholáthraíonn TII faoi Rialacháin FEP saor ó tháillí. I gcúinsí eisceachtúla áfach, mar shampla, mura mbíonn an fhaisnéis a lorgaíodh ar fáil go héasca, d’fhéadfaí costas imeallach a ghearradh chun go gcuirfear na costais a tabhaíodh á hatairgeadh, á soláthar agus á scaipeadh san áireamh.
Achomharc chun an Choimisinéara Faisnéise
Foráiltear leis na Rialacháin FEP do shás achomhairc reachtúil lena bhféadfaidh tú achomharc a dhéanamh i gcoinne:
- cinneadh TII diúltú d’athúsáid doiciméid,
- cinneadh TII diúltú ceart eisiach a dheonú chun doiciméad a athúsáid,
- táille a ghearradh ar dhoiciméad a athúsáid,
- méid an táille a gearradh, nó
- aon choinníollacha maidir lena athúsáid arna gcur i bhfeidhm ag TII.
Déantar aon achomharc laistigh de 4 seachtaine i scríbhinn go dtí Oifig an Choimisinéara Faisnéise. Déanfaidh an Coimisinéir Faisnéise fiosrúchán iomlán ar an gcúram agus déanfaidh é a mheas sula ndéanfaidh sé cinneadh. Ba cheart achomhairc a sheoladh go dtí:
Oifig an Choimisinéara Faisnéise,
6 Ardán Phort an Iarla,
Baile Átha Cliath 2,
D02 W773
Fón: +353 1 639 5689
Ríomhphost: info@oic.ie
Eolas Breise
Eolas breise eile maidir le FEP: