Os cionn leathbhilliún euro do bhóithre náisiúnta agus glasbhealaí na hÉireann in 2023
- €491m d'údaráis áitiúla do 34 mórthionscadal bóithre náisiúnta ar fud na tíre
- €34.85m do chothabháil bóithre náisiúnta
- Infheistíocht tosaíochta do sheachbhóithre áitiúla, chun cuid de na bailte margaidh is fearr aithne sa tír a chosaint
- €63m chun thart ar 70 tionscadal Glasbhealaí a fhorbairt
Dheimhnigh an tAire Iompair Eamon Ryan TD leithdháileadh €554 milliún d'údaráis áitiúla trí Bhonneagar Iompair Éireann (TII) do bhóithre agus glasbhealaí náisiúnta in 2023.
Tá €491m de chistí caipitil Státchiste do bhóithre náisiúnta á sholáthar ag an Roinn Iompair d'údaráis áitiúla agus leithdháilfear 34 mórthionscadal ar fud na tíre dá bharr.
Tá leithdháileadh €34.85 milliún á chur ar fáil do chothabháil bóithre náisiúnta. Déantar leithdháiltí maoinithe 2023 ag féachaint don Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 (NDP), a chothromaíonn infheistíocht in iompar i gcoinne thosaíochtaí eile an Rialtais thar shaolré an Phlean.
I mbliana, tá tosaíocht á tabhairt do dhul chun cinn leanúnach seachbhóithre áitiúla timpeall ar chuid de na bailte margaidh is cáiliúla sa tír, amhail Lios Tuathail i gContae Chiarraí nó Maigh Cuilinn i gContae na Gaillimhe, agus seachbhóithre nua thart ar bhailte cosúil le Baile Shláine i gContae na Mí nó Béal Easa, Co. Mhaigh Eo, atá ag céimeanna forbartha níos luaithe. Tá sé seo ar aon dul le beartas Tús Áite do Lár an Bhaile de chuid an Rialtais, a éascaíonn forbairt atá feiliúnach do dhaoine agus a chinntíonn gur féidir leis na bailte a bheith rathúil agus a fhorbairt gan brú tráchta 24/7. Déanfaidh na tionscadail seo dul chun cinn go tapa.
I measc na gcritéar tosaíochta eile maidir le leithdháileadh tá cosaint agus athnuachan an líonra atá ann cheana, dul chun cinn mórthionscadal atá i mbun tógála nó i ngar do thógáil agus dul chun cinn na dtionscadal sin atá níos faide ar aghaidh. I bhfianaise na n-éileamh iomaíoch ar chistiú agus réasúnaíocht tosaíochta, ní rachaidh roinnt tionscadal ar aghaidh chomh tapa i mbliana, ach fanfaidh siad san NDP.
Ar leithligh, mar thoradh ar chistiú thart ar €63 milliún trí Chlár Glasbhealaigh TII déanfar forbairt leanúnach ar thart ar 70 tionscadal Glasbhealaigh ar fud na tíre. Leanfaidh an cistiú ar aghaidh le tógáil ar roinnt tionscadal a chuirfear i gcrích in 2023, agus tionscadail eile ag dul tríd an gcéim phleanála agus dearaidh.
Tá an cistiú seo mar chuid de thiomantas foriomlán Chlár an Rialtais de €360 milliún in aghaidh na bliana do shiúl agus do rothaíocht, ionas gur féidir le níos mó daoine rogha shábháilte, inbhuanaithe agus níos sláintiúla a roghnú seachas úsáid a bhaint as carr príobháideach.
Maidir le leithdháileadh na mbóithre náisiúnta, dúirt an tAire Ryan: “Is céim thábhachtach iad na leithdháiltí seo i gcosán infheistíochta beartaithe inár ngréasán bóithre náisiúnta thar an gcuid eile den deich mbliana seo. Mar a bhí riamh, tá éilimh iomaíocha ar leithdháiltí cistithe do bhóithre náisiúnta agus bhí a dhá oiread iarratas againn ná mar a bhí buiséad againn dóibh. Tosaíocht de chuid an Rialtais is ea bailte agus pobail atá sábháilte, glan agus ináitrithe a chur chun cinn go tapa mar chuid dár mbeartas Tús Áite do Bhailte. Cuideoidh an infheistíocht i seachbhóithre go háirithe le trácht a thógáil amach as ár lár an bhaile, rud a thabharfaidh ar ais do chónaitheoirí, do leanaí scoile, do shiopadóirí agus do chuairteoirí iad. Cuirfidh sé scóip ar fáil freisin do roghanna taistil níos gníomhaí (siúl agus rothaíocht) i lár an bhaile. Beidh sé seo bunathraitheach do lár an bhaile, ag soláthar deis chun ár ndúshláin tithíochta agus ár spriocanna comhshaoil a chomhlíonadh."
Dúirt an tAire Chambers “Ligfidh na leithdháiltí bóthair seo dúinn tógáil ar an infheistíocht a rinneadh le 20 bliain anuas a chabhraigh le nascacht réigiúnach a fheabhsú agus a thacaigh le forbairt eacnamaíoch ar fud na tíre. Cinnteoidh infheistíocht leanúnach sábháilteacht fheabhsaithe d'úsáideoirí bóithre freisin. Le 156 bás ar ár mbóithre agus 1,292 duine gortaithe go dona anuraidh, tá infheistíocht leanúnach ríthábhachtach. Thar shaolré an NDP, cuireadh €2.9 billiún in áirithe chun ár ngréasán bóithre atá ann cheana a chosaint agus a athnuachan."
Maidir le Glasbhealaí, dúirt na hAirí gur léiriú é ar thosaíochtaí an Rialtais seo go raibh sé ag leanúint ar aghaidh ag leithdháileadh níos mó ná €1 milliún in aghaidh an lae ar chláir siúil agus rothaíochta ar fud na tíre. Chomh maith leis an €63m a leithdháileadh ar ghlasbhealaí inniu, d'fhógair na hAirí cistiú €290 do thart ar 1,200 tionscadal siúil agus rothaíochta ar fud na tíre:
Dúirt an tAire Ryan: “I measc na dtionscadal a bhfuil tábhacht náisiúnta agus réigiúnach ag baint leo atá ag dul ar aghaidh le críochnú le linn 2023 tá trí chuid de Ghlasbhealach na Canálach Móire agus cuid de Ghlasbhealach an Chlocháin go Sraith Salach. Leanfar le hobair thógála ar chodanna de Chuan Mó, Port Láirge go Ros Mhic Thriúin agus an Uaimh go Glasbhealach Dhún an Rí le roinnt oscailtí beartaithe. Is tréimhse an-spreagúil í seo d'infreastruchtúr rothaíochta agus siúil in Éirinn a chuirfidh níos mó áiseanna ar fáil do rothaíocht turasóireachta agus fóillíochta sna blianta amach romhainn."
Dúirt an tAire Chambers: “Tá áthas orm leithdháiltí na n-údarás áitiúil a fhógairt inniu a úsáidfear chun clár na nGlasbhealaí a rolladh amach tuilleadh in 2023. Rachaidh níos mó ná 50km de Ghlasbhealach ar aghaidh sa phróiseas ceadaithe pleanála. Rachaidh punann mhór tionscadal eile chun cinn trí phleanáil, dearadh agus breithmheas luath. Críochnófar Droichead Taistil Gníomhach Bhaile Átha Luain, ar píosa mór bonneagair rothaíochta é, atá mar chuid de Ghlasbhealach Bhaile Átha Cliath go Gaillimh sa chéad leath den bhliain seo."
Leithdháileadh cistiú in 2023 ar na tionscadail seo a leanas atá á dtógáil faoi láthair nó atá gar do thógáil:
- N22 Baile Bhuirne go Maigh Chromtha
- N8/N40 Acomhal Dhún Citil
- N59 Seachbhóthar Mhaigh Cuilinn
- N69 Seachbhóthar Lios Tuathail
- N5 Cathair na Mart go Turlach
- N5 Bealach an Doirín go Scramóg
- N56 An Clochán Liath go Na Gleannta
Leithdháileadh cistiú in 2023 freisin ar na tionscadail seo a leanas atá ag céim níos luaithe sa phróiseas forbartha:
- M28 Corcaigh go Rinn an Scidígh
- N52 Seachbhóthar Bhaile Átha Fhirdhia
- N6 Cuarbhóthar Chathair na Gaillimhe
- N21/69 Luimneach go Faing (Seachbhóthar Áth Dara san áireamh)
- N/M20 Corcaigh go Luimneach ▪ Feabhsú ar Bhealach TEN-T Dhún na nGall
- N3 Cluain Aodha go M50
- N2 Timpeallán na Rátha go Crosaire Chill Mhúine
- N4 Maigh Nuad go Léim an Bhradáin
- N11/M11 Acomhal 4 go 14
- Tionscadal Iompair Thuaisceart Chathair Chorcaí
- N11/N25 Maolán na nGabhar go Ros Láir
- N22 An Fearann Fuar go Cill Airne
- N3 Seachbhóthar Achadh an Iúir
- N4 Cora Droma Rúisc go Dromad
- N21 Bóthar Faoisimh an Chaisleáin Nua Thiar
- N21 Bóthar Faoisimh Mhainistir na Féile
- N72/73 Bóthar Faoisimh Mhala
- N2 Seachbhóthar Bhaile Shláine
- N24 Acomhal An Chathair go Luimneach (Seachbhóthar Thiobraid Árann san áireamh)
- N58 Seachbhóthar Bhéal Easa
- N25 Mainistir na Corann go hEochaill (Seachbhóithre Bhaile na Martra agus Chill Fhiaich)
- N2 Baile Átha Fhirdhia go Baile na Lorgan
- N17 Cnoc Mhuire go Cúil Mhuine
- N4 An Muileann gCearr go Longfort
- N24 Port Láirge go dtí An Chathair
- N2 Cluain Tiobrad go dtí an Teorainn