Appropriate Assessment - Public Consultation

 

Faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha) 2011, sa chás ina mbeartaíonn Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) plean a ghlacadh nó forbairt a dhéanamh a bhféadfadh éifeachtaí suntasacha a bheith aici ar láithreáin Eorpacha, ní mór rud ar a dtugtar Measúnacht Chuí a dhéanamh.

Is éard atá i Measúnacht Chuí ná measúnacht chun a chinneadh an mbeidh tionchar diúltach ag plean nó tionscadal ar láithreáin Eorpacha, ar láithreáin iad a roghnaítear chun cineálacha tábhachtacha flóra, fána agus gnáthóga a chosaint. Chun eolas a chur ar fáil do Mheasúnachtaí Cuí, ullmhaíonn BIÉ Ráitis Tionchair Natura (RTNanna), ar tuarascálacha eolaíocha iad a scrúdaíonn impleachtaí féideartha pleananna nó tionscadail do na láithreáin Eorpacha seo. I gcás ina gcinntear go bhfuil Measúnacht Chuí ag teastáil agus sula ndéantar cinneadh, ceanglaítear ar BIÉ faoi na Rialacháin comhairliúchán poiblí a dhéanamh agus fógra faoin bplean nó faoin tionscadal atá beartaithe a fhoilsiú. Is féidir breathnú ar Fhógraí, mar aon le Ráitis Tionchair Natura gaolmhara agus faisnéis agus doiciméid ábhartha eile, a bhaineann le pleananna nó tionscadail atá beartaithe atá faoi réir chomhairliúcháin phoiblí faoi láthair trí na naisc chuí thíos a leanúint. Soláthraíonn na fógraí seo faisnéis ar, i measc rudaí eile: suíomh, cineál agus fairsinge an phlean/na bpleananna nó an tionscadail/na dtionscadal atá beartaithe; na cinntí féideartha; cathain agus conas aighneachtaí agus tuairimí a dhéanamh; agus, cén áit, cathain agus conas is féidir breathnú ar dhoiciméid.

D’fhéadfadh roinnt faisnéise laistigh de na RTNanna, dá gcuirfí ar fáil go poiblí í, a bheith ina baol do chaomhnú speiceas nó gnáthóga atá faoi chosaint. Ar an ábhar seo, tá an fhaisnéis seo curtha in eagar. Cuireadh sonraí pearsanta in eagar freisin de bhun cheanglais an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí.

Gnáth-Oibreacha Cothabhála Droichid i Réigiún na Mumhan

Gnáth-Oibreacha Cothabhála Droichid i Réigiún an Iarthuaiscirt

Oibreacha Cothabhála Frithghníomhacha Droichid Réigiún na Mumhan – Droichead an Choireáin

Munster Region Reactive Bridge Maintenance Works - Knockbrack Culvert

Leinster Region Routine Bridge Maintenance Works

Munster Region Reactive Bridge Maintenance Works – N70 Curraheen Little Embankment