Bí Ullamh don Gheimhreadh 2024 - 2025
Seoladh Feachtas Faisnéise an Rialtais ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’ 2024 - 2025, leis an teachtaireacht: “Bí Ullamh an Geimhreadh seo”
Bhí an tAire Stáit a bhfuil freagracht aige as Oifig na nOibreacha Poiblí, Kieran O’Donnell TD, agus Eoin Sherlock, Ceannasaí Réamhaisnéise ag Met Éireann i dteannta James Lawless TD, an tAire Stáit a bhfuil freagracht aige as Iompar Idirnáisiúnta agus ar Bóthar agus Lóistíocht, ag an seoladh.
- Léiríonn feachtas na bliana seo an cur chuige ‘Uile-Rialtais’ a glacadh le pleanáil agus ullmhú do dhúshláin an gheimhridh. Is é príomhtheachtaireacht an fheachtais seo a bheith ullamh, fanacht sábháilte agus fios a bheith agat maidir le conas cúnamh a lorg más gá.
- Tugtar comhairle agus faisnéis phraiticiúil don phobal san fheachtas maidir le hullmhú do na deacrachtaí a d’fhéadfadh cur isteach orthu le linn mhíonna an gheimhridh in Éirinn agus conas iad a shárú – amhail conas ullmhú do chrua-aimsir, foinsí faisnéise, agus gníomhartha pearsanta is féidir a ghlacadh le bheith in ann dul i ngleic le pé dúshlán a chuirfidh an geimhreadh rompu.
- Tugtar faisnéis chabhrach ar an suíomh gréasáin tiomnaithe winterready.ie maidir le teacht aniar an geimhreadh seo do dhaoine, dá dteaghlaigh agus dá bpobail. Cuirtear faisnéis ar fáil ó raon leathan foinsí lena n-áirítear Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais, An Garda Síochána, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Oifig na nOibreacha Poiblí, Údaráis Áitiúla agus soláthróirí Iompair.
- Tá comhairle agus treoir ar fáil sa leabhrán faisnéise nuashonraithe agus i mbileog nuashonraithe na bpríomhtheachtaireachtaí don fheachtas “Bí Ullamh don Gheimhreadh” atá rangaithe faoi roinnt ceannteideal ar leith lena n-áirítear Sábháilteacht ar Bhóithre, Tuile, Sábháilteacht Feirme, Meabhairshláinte agus Crua-aimsir le linn mhíonna an gheimhridh.
- Tugtar comhairle maidir le tiomáint le linn mhíonna an gheimhridh agus maidir le tréimhsí cruaaimsire faoin téama tábhachtach Sábháilteacht ar Bhóithre agus Tiomáint sa Gheimhreadh – Pleanáil, Ullmhaigh, Bí Feasach agus atreisíonn sí an gá go mbeadh gach úsáideoir bóithre aireach agus ullamh don aimsir
Fógraíocht maidir le Feachtas Faisnéise an Rialtais “Bí Ullamh don Gheimhreadh” 2024/2025
- Ba mhór againn pé cúnamh is féidir le bhur n-eagraíochtaí a thabhairt i dtaca le cur chun cinn agus ardú feasachta ar an bhFeachtas Ullamh don Gheimhreadh trí na grafaicí sócmhainní meán atá faoi iamh, agus an teachtaireacht a ghabhann leo, a úsáid. Is féidir bhur bhfeachtais gheimhridh féin a nascadh leis an suíomh www.winterready.ie, na hábhair ghaolmhara a dháileadh trí bhur suíomhanna gréasáin agus bhur gcainéil mheán sóisialta féin, nó trí chainéil faisnéise poiblí eile a bhfuil teacht agaibh orthu.
- Postálfar teachtaireachtaí breise ó chuntas Twitter @EmergencyIE freisin tar éis an tseolta oifigiúil.
- Cuir #BeWinterReady le gach postáil ábhartha ar na meáin shóisialta.
- Leanfaidh an feachtas seo le linn na míonna atá romhainn, agus cuimseofar ann teachtaireachtaí maidir le crua-aimsir, sábháilteacht ar bhóithre, sábháilteacht sa teach, sláinte, tuile, srl. agus beidh sé mar aidhm aige úsáideoirí a threorú chuig winterready.ie.
Faoi iamh, tá leaganacha Béarla agus Gaeilge 2024/2025 de bhileog an feachtais, den leabhrán faisnéise, agus de shócmhainní meán ar féidir iad a úsáid ar shuíomhanna gréasáin agus cainéil mheán sóisialta bhur n-eagraíochtaí chun an feachtas a chur chun cinn.
Béarla
Gaeilge