Spreagadh do Thiománaithe feithiclí leictreacha le fógraí faoi bhonneagar luchtaithe nua, comhairliúchán maidir le comhroinnt sonraí, agus scéimeanna sochar

D’fhógair an tAire Iompair Eamon Ryan inniu seoladh an dara Scéim Deontais do Bhóithre Náisiúnta chun tacú le forbairt an athluchtaithe ardchumhachta d’fheithiclí leictreacha ar fud Ghréasán Bóithre Náisiúnta na hÉireann.

Anuas ar an méid sin, sheol sé comhairliúchán maidir le comhroinnt sonraí d’úsáideoirí feithiclí leictreacha, rud a éascóidh do thiománaithe faisnéis a fháil faoin áit ar féidir leo athluchtú, chomh maith le sonraí straitéiseacha luachmhara a chur ar fáil chun dlús a chur leis an bhfás ar bhonneagar feithiclí leictreacha na hÉireann.

Tagann na forbairtí sin sna sála ar an síneadh a cuireadh le dreasachtaí i gCáinaisnéis 2025 don sochar comhchineáil le haghaidh tiománaithe corparáideacha le borradh a chur faoin aistriú chuig feithiclí leictreacha. Ba pháirtí í Éire i mbeart Eorpach níos luaithe an tseachtain seo chun spreagadh a thabhairt don earnáil chorparáideach aistriú chuig feithiclí leictreacha. Is carranna corparáideacha iad níos mó ná a leath de na carranna nua uile san Eoraip, cé go bhfuil an earnáil ag titim ar gcúl an mhargaidh phríobháidigh glacóirí.

Le Scéim Deontais do Bhóithre Náisiúnta um Bonneagar Athluchtaithe ZEVI BIÉ le haghaidh Feithiclí Saothair Éadroim (FSÉ) – Céim a Dó (ar a dtugtar FSÉ 2), díreofar ar níos mó ná 1,200 km de bhóithre náisiúnta aon bhealaigh. Tacóidh sí le feidhmiú céimneach na gcomhthiomsuithe bonneagair athluchtaithe feithiclí leictreacha ag eatraimh d’fhad nach mó ná 60 km idir eatarthu sa dá threo.

Tá an scéim ar oscailt d’oibreoirí stáisiún peitril / seirbhíse, úinéirí carrchlós, óstáin, ollmhargaí / ionaid mhiondíola, agus d’aon duine ag a bhfuil suíomh inrochtana don phobal laistigh d’achar tiomána 3km ó bhóithre na Scéime.

Tá an scéim seo mar chuid de phlean níos leithne Phlean Luchtaithe Feithiclí Leictreacha ZEVI don Ghréasán Bóithre Náisiúnta, ar ar dámhadh maoiniú deontais níos luaithe i mbliana chun 131 phointe ardchumhachta athluchtaithe a sholáthar le haghaidh feithiclí leictreacha ag 17 suíomh feadh an ghréasáin mótarbhealaí/débhealaí.

Tá coinne leis go mbeidh na comhthiomsuithe athluchtaithe feithiclí leictreacha a gheobhaidh tacaíocht ón dá scéim curtha ar fáil dá n-úsáid ag an bpobal faoi dheireadh 2025. Tiocfaidh tuilleadh scéimeanna orthu chun infhaighteacht an bhonneagair athluchtaithe feithiclí leictreacha a mhéadú ar fud an Ghréasáin Bóithre Náisiúnta. Gheobhaidh na scéimeanna sin, ar a seal féin, tacaíocht ó scéimeanna pobalbhunaithe ina ndíreofar ar spriocanna agus comharsanachtaí áitiúla faoin bPlean don Ghréasán Luchtaithe Feithiclí Leictreacha Réigiúnach agus Áitiúil de chuid ZEVI.

Ag trácht dó ar sheoladh na Scéime, dúirt an tAire Ryan an méid seo a leanas:

“As seo go ceann bliana, idir an scéim mótarbhealaí atá faoi lán seol cheana féin agus an scéim nua seo a bheidh dírithe ar ár ngréasán bóithre náisiúnta, feicfimid méadú ábhalmhór ar líon na mol mearluchtaithe a bheidh ar fáil do thiománaithe. Beidh €100 milliún á chaitheamh againn ar ár mbonneagar luchtaithe as seo go ceann deireadh 2025, agus teastaíonn uaim go gcaithfear an tairgead sin go hiomlán chomh tapa agus is féidir. Is cuid thábhachtach dár meascán modhanna iompair a bheidh sna feithiclí leictreacha amach anseo, agus teastaíonn uainn an t-aistriú a dhéanamh níos éasca do dhaoine a dhéanamh. Is í an phríomhaidhm atá leis an méid seo tiománaithe a chur ar a suaimhneas le tuilleadh roghanna agus le hinfhaighteacht an bhonneagair luchtaithe.”

Dúirt Peter Walsh, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Bhonneagar Iompair Éireann an méid seo a leanas:

“Tá an scéim seo ar cheann de roinnt tionscnamh atá ann chun tacú le cuspóirí Phlean an Ghréasáin Luchtaithe Feithiclí Leictreacha ar Bhóithre Náisiúnta. Cé gur díríodh sa Scéim tosaigh ar athluchtairí feithiclí leictreacha a shuiteáil feadh an ghréasáin mótarbhealaí, leis an tionscnamh seo leathnaítear an clúdach le tuilleadh den Ghréasán Bóithre Náisiúnta a áireamh ann, rud a chinnteoidh an rochtain iontaofa ar athluchtú le haghaidh raon níos leithne úsáideoirí bóithre ar fud na tíre. Is de bharr na niarrachtaí sin a thógfar córas iompair níos inbhuanaithe agus níos éifeachtúla ar fud na tíre.”

Idir 17 Deireadh Fómhair 2024 agus 15 Eanáir 2025 a bheidh an tréimhse oscailte d’iarratais. Cuirfear scéala chuig iarrthóirí rathúla ag tús 2025. Táthar ag ceapadh go mbeidh an bonneagar athluchtaithe a chisteofar faoin scéim seo curtha ar fáil d’úsáid ag an bpobal faoi mhí na Nollag 2025.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.tii.ie/evscheme. Ba cheart gach aighneacht a dhéanamh trí https://www.etenders.gov.ie roimh mheán lae an 15 Eanáir 2025.

Sheol an tAire Ryan comhairliúchán poiblí freisin i dtaca leis an Dréacht-Straitéis maidir le Sonraí atá bainteach le Bonneagar Athluchtaithe Feithiclí Leictreacha.

Is é is aidhm do Straitéis Sonraí ZEVI a chinntiú go mbeidh sonraí ardcháilíochta ar fáil maidir le bonneagar poiblí athluchtaithe feithiclí leictreacha in Éirinn.

Leagfar treochlár síos léi chun an bonneagar agus na córais riachtanacha a sholáthar chun sonraí ardcháilíochta a bhailiú agus a chomhroinnt maidir le cur in úsáid, oibriú, agus úsáid bonneagair phoiblí athluchtaithe feithiclí leictreacha na hÉireann. Leis an straitéis sin, cuirfear ar chumas tiománaithe feithiclí leictreacha faisnéis luachmhar a fháil ó úsáideoirí sonraí eile, agus éascófar do chomhroinnt sonraí le ZEVI, leis an Roinn Iompair, agus le gníomhaireachtaí eile stáit a bhfuil baint acu leis an bPlean Náisiúnta Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 (PGA24).

Cuirfear níos mó trédhearcachta ar fáil léi, go háirithe ó thaobh praghsála de, agus cuirfidh sí tiománaithe ar an eolas faoin oibreoir is úinéir le gach pointe athluchtaithe, cé acu atá nó nach bhfuil an pointe athluchtaithe comhoiriúnach, an toilleadh cumhachta, agus cibé acu atá sé i mbun feidhme nó in úsáid ag an am. Cuirtear síos inti freisin an chaoi a gcomhlíonfaidh Éire na hoibleagáidí rialála atá uirthi faoin Treoir maidir le Córais Chliste Iompair agus faoin Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha.

Beidh an comhairliúchán ar oscailt idir inniu (17 Deireadh Fómhair) agus 29 Samhain. Foilseofar dréacht leasaithe den Straitéis maidir le Sonraí atá bainteach le Bonneagar Athluchtaithe Feithiclí Leictreacha go luath in 2025.

Tagann na tionscnaimh seo sna sála ar na bearta sa Cháinaisnéis a fógraíodh níos luaithe sa mhí seo, lena n-áirítear síneadh a chur leis an díolúine Sochair Comhchineáil don luchtú feithiclí leictreacha sa bhaile, leasú a dhéanamh ar an gcatagóiriú reatha N1 le haghaidh feithiclí tráchtála saothair éadroim le meáchan méadaithe na bhfeithiclí leictreacha N1 a léiriú, síneadh a chur leis an tairseach reatha €45,000, 0% don Sochar Comhchineáil go dtí 2026, agus leasú a dhéanamh ar an tairseach luathaithe liúntais chaipitiúil chun úsáid feithiclí níos glaine ar na bóithre a dhreasú..

Táthar ag machnamh ar ráta Sochair Comhchineáil nua freisin d’Fheithiclí Ceallra-Leictreacha ó 2026 ar aghaidh, le tiománaithe carranna cuideachta a chur ar a suaimhneas aistriú chuig feithiclí leictreacha.

 

Preaseisiúint Iomlán Ar Fáil:

Spreagadh do Thiománaithe feithiclí leictreacha le fógraí faoi bhonneagar luchtaithe nua, comhairliúchán maidir le comhroinnt sonraí, agus scéimeanna sochar