Oíche Chultúir 2024 BIÉ

Tá BIÉ chun Mapa Scéala ar líne saor in aisce a sheoladh faoi Chupán Aghaidhe Bhaile an Mhistéalaigh. Níos mó ná 3600 bliain ó shin rinneadh sárshaothar de chuid na Cré-umhaoise, aghaidh ó stair na hÉireann!

Cupán Aghaidhe Bhaile an Mhistéalaigh ón gCré-umhaois

Mar rannchuidiú le hOíche Chultúir 2024, beidh Bonneagar Iompair Éireann ag foilsiú Aghaidh ó Réamhstair na hÉireann, Mapa Scéala ar líne faoin bhfionnachtain réamhstairiúil speisialta - Cupán Aghaidhe Bhaile an Mhistéalaigh. Is cupán beag ceirmeach é an réad seo atá múnlaithe i gcruth aghaidhe daonna, déanta le linn na Cré-umhaoise idir 3800-3600 bliain ó shin, ar chuir saineolaithe criadóireachta síos air mar an píosa criadóireachta is eisceachtúla a aimsíodh riamh in Éirinn.

D’aimsigh seandálaithe a bhí ag tabhairt faoi thochailtí réamhthógála feadh bhealach bhóthar faoisimh Bhaile an Mhistéalaigh, an N8/N73, i dtuaisceart Chontae Chorcaí in 2004 an Cupán Aghaidhe in éineacht le pota aisteach a raibh cruth tobáin air agus le spúnóg ceirmeach.

Ó aimsíodh é, tá an Cupán Aghaidhe fós ina dhíol iontais. Tá sé mar inspioráid don suiteán atá níos mó ná an duine féin ag an acomhal idir Sráid Oilibhéir Pluincéid agus Sráid an Phrionsa i lár Chathair Chorcaí arna choimisiúnú ag Comhairle Contae Chorcaí leis an ealaíontóir clúiteach Fiona Mulholland. Cuireann an Mapa Scéala ar líne leis an suiteán ealaíne chun scéal na fionnachtana spéisiúla seo a insint.

Léiríonn an Mapa Scéala - a bhfuil gearrthóga físe, mionsamhlacha 3T idirghníomhacha agus comhaid in-íoslódáilte le priontáil mar chuid de - an fhionnachtain bhunaidh, tuairimí an phobail seandálaíochta agus conas a thugann an cupán beag seo a bhfuil pearsantacht mhór ag baint leis inspioráid go fóill.

Is ceiliúradh ar an gcaidreamh daonna thar na mílte blianta é an Mapa Scéala agus is féidir é a rochtain anseo.