Dínit ar deireadh d’Íospartaigh Chalair de chuid Bhaile Átha Cliath

Chuir Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) agus Stiúrthóirí Iontaobhas Reiligí Bhaile Átha Cliath fáilte roimh Leas-Ionadaí an Mhéara, an Comhairleoir Donna Cooney agus aíonna eile chuig searmanas i Reilig Ghlas Naíon chun comóradh a dhéanamh ar ath-adhlacadh choirp íospartaigh na Paindéime Calair in 1832, a fuarthas le linn oibreacha Luas Traschathrach. Sheol Leas-Ionadaí an Mhéara leac uaighe nua, chun cuimhneamh ar na híospartaigh dhearmadta seo ón eachtra bhrónach i stair Bhaile Átha Cliath, agus osclaíodh taispeántas go hoifigiúil faoin eachtra thábhachtach, thragóideach, stairiúil seo.

Le linn na dtochailtí fairsinge a rinneadh mar chuid de Luas Traschathrach, aimsíodh 1,617 duine aonair: 34 adhlacadh soiléir agus breis is 19,200 cnámh asáitithe.

In 2010, d’aithin Tuarascáil Mheasúnachta Tionchair Timpeallachta Luas Traschathrach (LCC) Grangegorman Laneway mar shuíomh féideartha na reilige calair ó Phaindéim Chalair 1832.

Is galar tógálach é calar a bhfuil an baictéar vibrio cholerae mar chúis leis. Tolgtar é trí bhia nó uisce ionfhabhtaithe a ionghabháil. Príomhéifeacht an ghalair seo is ea buinneach ghéar agus tarlaíonn díhiodráitiú dian agus bás laistigh de 24 uair an chloig ina dhiaidh sin.

Bhí Paindéim Chalair 1832 mar chuid den dara paindéim chalair (tharla an chéad cheann idir 1817–1823). Scaip an dara paindéim siar ón Rúis ar fud na hEorpa. I lár mhí an Mhárta 1832, tháinig an galar chomh fada le hÉirinn, tháinig laghdú air i mí na Nollag na bliana sin, ach tháinig sé chun cinn arís in 1848 ag buaicphointe an Ghorta Mhóir, go dtí gur tháinig deireadh leis in 1850.

25,378 ba ea líon foriomlán na marbh in Éirinn ó mhí an Mhárta go mí na Nollag 1832. Tholg breis is 11,000 duine i mBaile Átha Cliath an galar le linn na tréimhse seo, agus cailleadh idir 5,079–6,000 acu.

Chun aghaidh a thabhairt ar an ngalar agus aire a thabhairt do na daoine a bhí tinn, moladh Príosún Richmond na mBan i nGráinseach Ghormáin, a dúnadh le deireanaí, a úsáid mar ‘Ospidéal Calair Bhaile Átha Cliath’, agus cuireadh fáilte roimh othair ann i mí Aibreáin 1832, le tacaíocht altranais ó Ord Siúracha na Carthanachta. Cuireadh íospartaigh an ghalair in Acra an Bhulaí, Cill Mhaighneann, i dtosach ach ní raibh aon spás fágtha ann gan mhoill agus bhí géarghá le reilig nua. Tugann comhfhreagras le fios gur baineadh úsáid as gairdíní Phríosún Richmond mar reilig chalair i mí Bealtaine 1832.

Bhí roinnt éiginnteachta ann i gcónaí maidir le suíomh cruinn na reilige. Léirítear sna taifid gur cheannaigh Iarnród Mór Iartharach Lár na Tíre (MGWR) 3 acra de thailte an Phríosúin sna 1870dí chun éascaíocht a dhéanamh ar leathadh amach chlós iarnróid na Cloiche Leithne in aice láimhe (seanstáisiún ceann aistir MGWR). Luadh sna cuntais ar na hoibreacha leata amach seo go raibh adhlacthaí curtha as riocht, bainte amach as an talamh agus curtha ar ais ‘i ngeadán talún’, gan suíomh cruinn a shainaithint.

In 2015 shainaithin tochailtí tástála seandálaíochta do Luas Traschathrach dhá thrinse ula a raibh taisí daonna asáitithe iontu, laistigh den lána ó Ghráinseach Ghormáin go dtí an Chloch Leathan. Thug Rubicon Heritage Services Ltd. do SISK Steconfer Joint Venture Ltd (SSJV) faoi thochailt seandálaíochta iomláine ar son BIÉ (ó mhí Dheireadh Fómhair 2015 go mí Feabhra 2016) agus anailís iarthochailte speisialtóra (ó 2016–2021).

Mar gheall ar aois agus cineál an ghrúpa, níorbh fhéidir aon duine acu a shainaithint, ach aimsíodh leac uaighe amháin leis an inscríbhinn seo a leanas: Adhlactha anseo tá corp talmhaí Anthony Donlevy, a fuair bás ar an 28 Iúil 1832 agus ba í a bhean chéile ionúin, Jane Donlevy, a chuir an comhartha beag geana seo in airde i gcuimhne air. De réir an taighde rugadh Anthony i gCliafuine, Sligeach agus phós sé a bhean i gCill Chuillinn, Cill Dara, i mí Aibreáin 1798. Cuireadh an leac uaighe seo in airde i Reilig Ghlas Naíon chomh maith, in ómós don ghrá ag bhí ag Jane do Anthony, agus mar chomhartha measa do gach duine eile a chaill daoine muinteartha leo le linn na tréimhse sin.

Ba thasc thar a bheith deacair é tochaltán na reilige do gach duine páirteach, go háirithe mar gheall ar na gcineál tragóide daonna a léirigh na hoibreacha. Ón tús ar fad, ba mhian BIÉ é a chinntiú go gcaithfí go measúil leis na daoine aonair seo. Leis an adhlacadh foirmiúil seo ar thalamh coiscrithe, rún BIÉ agus Iontaobhas Reiligí Bhaile Átha Cliath is ea go dtabharfar dínit na ndaoine seo ar ais, nach ligfear a gcaillteanas i ndearmad go deo, agus go mbeadh suaimhneas síoraí dá n-anam.

Ag labhairt ag an imeacht, dúirt Leas-Ionadaí an Mhéara, an Comhairleoir Donna Cooney:

“Ba mhór an onóir é cuireadh a fháil le teacht anseo inniu agus an phlaic a sheoladh chun urraim a thabhairt d’íospartaigh na Paindéime Calair, an taispeántas a oscailt go hoifigiúil agus corp na ndaoine seo a fheiceáil adhlactha ar deireadh sa reilig álainn seo, suaimhneas síoraí dá n-anam”.

 

Preaseisiúint iomlán ar fáil

12.09.2024 Dínit ar deireadh d’Íospartaigh Chalair de chuid Bhaile Átha Cliath