Coill na nÓg Cuirfidh Scoileanna ar fud na hÉireann níos mó ná 10,000 Crann Dúchasach le tacaíocht ó eFlow
Is feachtas crainn dhúchasaigh agus fáil sceach do scoileanna ar fud na hÉireann é Coill na nÓg. Tá tús curtha ag eFlow ar chomhpháirtíocht 3 bliana ina gcuirfear breis agus 10,000 crann ar thailte scoile ar fud na hÉireann.
Chuaigh eFlow, oibreoirí dolaí gan bhacainn ar mhótarbhealach an M50 i mBaile Átha Cliath, i gcomhpháirtíocht leis an bhfiontar sóisialta ‘Biodiversity in Schools’ chun tacú leis an tionscnamh ‘Coill na nÓg’ i gceann de na tionscadail plandála crann is mó in Éirinn san oideachas.
Tá an tionscnamh oscailte do gach naíonra, bunscoil agus meánscoil ar fud Phoblacht na hÉireann agus Thuaisceart Éireann. Cuirfear acmhainní ar fáil do scoileanna a n-éiríonn leo agus tacófar leo le mol ar líne. Spreagtar gach scoil ar fud na hÉireann freisin chun dul amuigh faoin aer an fómhar/geimhreadh seo agus breathnú thart ar a gcoillearnacha agus fálta sceach áitiúla. Roinnfidh trí scoil ádhúla a roinneann a gcuid eachtraí ar na meáin shóisialta ciste seomra ranga amuigh faoin aer dar luach €12,000.
Agus é ag labhairt ar an seoladh, dúirt Mark Nolan, Stiúrthóir Biodiversity in Schools: “Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh an deis ag daoine óga cur amach a fháil ar ár gcrainn agus ár bhfálta sceach iontacha. Tá sé ríthábhachtach mar sin go mbeadh na hacmhainní seo ag scoileanna ar a dtailte mar uirlis oideachais, gan trácht ar an mborradh a chuirtear faoin mbithéagsúlacht. Táimid fíorbhuíoch as comhpháirtíocht eFlow ar an tionscadal seo, rud a thaispeánann ceannasaíocht na ngnólachtaí a chuidíonn leis an mbithéagsúlacht”.
Agus í ag labhairt ar an seoladh, dúirt Roisin Barton Murray, Bainisteoir Faisnéise Poiblí eFlow de chuid Bhonneagar Iompair Éireann, “Tá lúcháir orainn urraíocht a dhéanamh ar an tionscnamh seo, chun mic léinn a chumasú chun crainn agus fálta sceach a chur, agus foghlaim faoina dtimpeallacht áitiúil. Trí thacú leis an gclár seo, ní hamháin go bhfuil eFlow ag infheistiú sa chomhshaol ach sa chéad ghlúin eile de chaomhnóirí an chomhshaoil”.
Is féidir le scoileanna ar spéis leo páirt a ghlacadh clárú ar biodiversityinschools.com/coill-na-nog