Fógra Bailithe Sonraí EuroVelo

Beidh Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) i mbun suirbhé feadh Bhealach EuroVelo 1 ón 16 Lúnasa go dtí an1 Meán Fómhair, 2024.

Beidh an suirbhé seo ar siúl i roinnt contaetha, Port Láirge, Ciarraí, Luimneach, an Clár, Gaillimh, Maigh Eo, Sligeach, agus Dún na nGall ina measc.

Bainfidh foirne suirbhéireachta, a bheidh inaitheanta trí éadaí a bhfuil branda Rothaíocht Éireann á gcaitheamh acu, úsáid as ceamaraí agus ceistneoirí chun eolas a bhailiú ar úsáid bealaí.

Ní bhaileofar aon fhaisnéis phearsanta, agus déanfar aon íomhánna a ghabhfar a phicteilíniú le do phríobháideacht a chosaint.

Má tá aon cheist agat maidir leis an mbailiú sonraí seo, déan teagmháil le BIÉ ag dataprotection@tii.ie.