Leathnú 5km Ghlasbhealach Mór an Iarthair ó Ghob an Choire go dtí an Caiseal Oscailte go hOifigiúil

D'oscail an tAire Stáit sa Roinn Iompair agus sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Jack Chambers TD, síneadh Ghlasbhealach Mór an Iarthair go hoifigiúil ó Ghob an Choire go dtí an Caiseal ar maidin.

Ba é an tAire Stáit Chambers in éineacht le Leas-Chathaoirleach Chomhairle Contae Mhaigh Eo, an Comhairleoir Martin McLoughlin, a rinne oscailt oifigiúil an leathnaithe nua 5km de Ghlasbhealach Mór an Iarthair.

Sa síneadh seo ar Ghlasbhealach Mór an Iarthair, tá 5km breise curtha le fad 44km an ghlasbhealaigh atá ann cheana féin, a nascann Cathair na Mart leis an gCaiseal in Acaill anois agus a chuirfidh tuilleadh leis an tairiscint turasóireachta i Maigh Eo.

Rinne foireann agus conraitheoirí Innealtóireachta agus Allamuigh Chomhairle Contae Mhaigh Eo an tionscadal a bhainistiú agus a thógáil. Chomh maith leis sin, chomhoibrigh 25 úinéir talún agus 25 scairshealbhóir coimíneachta le Comhairle Contae Mhaigh Eo chun an tionscadal a thabhairt chun críche.

Ceann de bhuaicphointí móra an leathnaithe nua glasbhealaigh seo ná an 400m de chlárchosán uathúil saincheaptha a thrasnaíonn cuid de bhratphortach – is é seo an clárchosán glasbhealaigh is leithne atá in úsáid sa stát faoi láthair agus tógadh é ag baint úsáide as táirgí inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don chomhshaol.