Iarratas ar Ordú Iarnróid Luas Fhionnghlaise curtha faoi bhráid an Bhoird Pleanála

Tar éis faomhadh rialtais i mí Dheireadh Fómhair, cuirfidh Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) iarratas (pleanála) ar Ordú Iarnróid i gcomhair Luas Fhionnghlaise faoi bhráid an Bhoird Pleanála, Dé Luain, an 18 Samhain. Is féidir leis an bpobal aighneachtaí i dtaobh na líne iarnróid éadroim beartaithe a chur faoi bhráid an Bhoird Pleanála idir an 22 Samhain 2024 agus an 20 Eanáir 2025. 

Is mórthionscadal iompair phoiblí é Luas Fhionnghlaise, lena gcuirfear síneadh nach mór 4km leis an líonra tram Luas atá ann cheana ó thuaidh, ó Dhroichead Broome go dtí ceantar Fhionnghlaise. Beidh stadanna ag San Eiléana, Sráidbhaile Fhionnghlaise, Bóthar San Maighréad agus Baile Shéarlais, gar don M50. Beidh idirmhalartuithe ar an mbealach le stáisiún traenach Dhroichead Broome atá ar an líne bheartaithe DART+ an Iarthair, chomh maith le seirbhísí bus. 

Tá Luas Fhionnghlaise á sheachadadh ag BIÉ thar ceann an Údaráis Náisiúnta Iompair (ÚNI). Tá maoiniú don tionscadal á sholáthar ag an Roinn Iompair trí ÚNI. 

Tá sé ar cheann de na ceithre shíneadh tram Luas arna sainaithint i Straitéis Iompair ÚNI do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, 2022-2042. Dá gcuirfí dlús leis an tionscadal, d’fhéadfadh líne Luas Fhionnghlaise a bheith i bhfeidhm faoi 2031, faoi réir na pleanála agus an mhaoinithe. 

Cruthóidh Luas Fhionnghlaise nasc iompair phoiblí ardtoillte, minic agus gasta do na pobail i gceantar Fhionnghlaise, agus gearrfar na hamanna taistil go dtí lár chathair Bhaile Átha Cliath, agus uaidh, go dtí 30 nóiméad nó níos lú, agus soláthrófar naisc chuig cinn scríbe eile freisin. Tacóidh an tionscadal le soláthar tithíochta méadaithe gar don bhealach, a thacóidh le spriocanna an rialtais maidir le forbairt atá dírithe ar iompar agus an taistriú chuig córas iompair saor ó charbón. 

Bealach tram easbhóthair atá ann den chuid is mó agus tá sé scartha ón trácht ar na bóithre den chuid is mó freisin. Chomh maith leis an trambhealach, soláthróidh an tionscadal feabhsuithe ar an líonra siúil agus rothaíochta sa cheantar. Ina theannta sin, tá áis pháirceála agus taistil do 350 feithicil le soláthar gar do stad Bhóthar San Maighréad. Ar an iomlán, táthar ag súil go nginfidh Luas Fhionnghlaise 1.3 milliún turas iompair phoiblí ísealcharbóin sa bhreis in 2035, a mhéadóidh go dtí 1.8 milliún in 2050. 

Dúirt Peter Walsh, POF BIÉ, an méid seo a leanas: 

“Tá foireann BIÉ thar a bheith sásta an gharsprioc seo a bhaint amach inniu. Is mór an rath a bhí ag Luas i mBaile Átha Cliath le 20 bliain anuas. Tá dea-theist ar BIÉ i ndáil le tionscadail Luas a sheachadadh in am agus laistigh dá mbuiséid, fad atá an líon paisinéirí níos mó ná na réamh-mheastacháin go léir. Le Luas Fhionnghlaise, cumasófar soláthar fáis inbhuanaithe dhlúith i bhFionnghlas, mar a rinne sé ag IFSC, Iarthar na Cathrach, Coill na Silíní agus Áth an Ghainimh. 

Tá gach duine in BIÉ ag tnúth le tuilleadh seirbhísí Luas a sholáthar do Bhaile Átha Cliath agus do chathracha eile in Éirinn.” 

Dúirt Anne Graham, POF ÚNI, an méid seo a leanas: 

“Tá sé dearfach dul chun cinn Luas Fhionnghlaise a fheiceáil, tionscadal a sainaithníodh mar phríomhthosaíocht inár Straitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, 2022-42. 

Creidim go bhfuil sé d’acmhainn ag tionscadal uaillmhianach iontach dá leithéid seo a bheith claochlaitheach don chuid seo den chathair agus go gcuirfidh sé tuilleadh feabhais leis an gceantar dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu ann, a oibríonn ann nó ar mian leo gnólacht a rith ann.” 

Dúirt Paolo Carbone, Ceann BIÉ um Chláir Chaipitil Iarnróid Éadroim, an méid seo a leanas: 

“Tá gach duine in BIÉ an-bhródúil as na buntáistí atá tugtha ag an líonra Luas do mhuintir na hÉireann agus do na cuairteoirí ar Bhaile Átha Cliath. Táimid bródúil freisin as baint amach na garsprice seo, is é sin Ordú Iarnróid a chur isteach, agus táimid ag tnúth le hé a sholáthar go tapa, a luaithe a cheadófar é.” 

Dúirt Andrew Doyle, Stiúrthóir Iompair Tíre do Egis, innealtóirí na réamhdhearaí do Luas Fhionnghlaise, an méid seo a leanas: 

“Tá lúcháir orainn gur bhain Luas Fhionnghlaise an gharsprioc thábhachtach seo amach. Is tionscadal suaitheanta é seo dúinne ag Egis in éineacht lenár gcomhpháirtithe in BIÉ; léiríonn na dearaí seo an bhéim chomhroinnte atá againn ar an inbhuanaitheacht agus ar thairbhe an chomhairliúcháin agus an staidéir chuimsithigh.” 

Preaseisiúint Iomlán Ar Fáil: 

13.11.2024 Luas Finglas Railway Order Application submitted to An Bord Pleanála